Polasaí náisiúnta faoin bpleanáil sa Ghaeltacht seolta ag Conradh na Gaeilge

Deir an eagraíocht teanga gur chóir gur ar Údarás na Gaeltachta a bheadh cúram na pleanála sa Ghaeltacht feasta

Polasaí náisiúnta faoin bpleanáil sa Ghaeltacht seolta ag Conradh na Gaeilge

Tá polasaí nua i dtaobh na pleanála sa Ghaeltacht seolta ag Conradh na Gaeilge agus é molta acu gur ar Údarás na Gaeltachta a bheadh cúram na pleanála sa Ghaeltacht.

Tá an t-athrú ar cheann de na moltaí atá curtha chun cinn ag an eagraíocht mar chuid de pholasaí náisiúnta nua don phleanáil sa Ghaeltacht.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil polasaí náisiúnta ag teastáil anois chun an Ghaeltacht a chosaint agus chun é a dhéanamh níos éasca do mhuintir na Gaeltachta agus cainteoirí Gaeilge tithíocht a fháil ann.

Deir siad go bhfuil an baol an go “marófar” an Ghaeltacht má cheadaítear do líon mór daoine gan Ghaeilge teacht chun cónaí ann agus deir siad go bhfuil “gníomh ar leith” ag teastáil chun é sin a sheachaint.

Is é príomh-mholadh an pholasaí ná gur cheart cúram na pleanála sa Ghaeltacht a aistriú ó na comhairlí contae go dtí Údarás na Gaeltachta.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil treoirlínte láidre ann faoi láthair maidir le pleanáil sa Ghaeltacht ach nach bhfuil siad seo á gcur i bhfeidhm ag na comhairlí contae.

Deir siad go gceadaíonn Acht na Gaeltachta 2012 cúraimí pleanála na gcomhairlí contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram a tharmligean chuig an Údarás agus gur cheart na cumhachtaí seo a thabhairt do dhaoine atá oilte sa phleanáil teanga agus sa phleanáil fhisiciúil araon.

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh chomh maith go mbeadh gá le hinniúlacht ar leith sa Ghaeilge ag duine a bheadh ag tógáil nó ag ceannach tí i gceantair Ghaeltachta.

Moltar go mbeadh gá le caighdeán Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) B2 nó níos airde sa Ghaeilge labhartha ag duine a bheadh ag iarraidh lonnú sa Ghaeltacht. Is ionann an caighdeán sin faoi bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha duine a bheith in ann páirt a ghlacadh i ngnáthchomhrá le daoine eile faoi réimse leathan ábhar agus a bheith in ann déileáil le rudaí nach raibh siad ag súil leo i gcomhrá.

Deirtear sa pholasaí nua nach gá go mbeadh coinníollacha teanga ann do dhuine atá ag cur isteach ar chead pleanála chun teach a thógáil sa cheantar arb as dó ó dhúchas.

Deir Conradh na Gaeilge, áfach, gur cheart go mbeadh srian ar theach a dhíol ar aghaidh nó a ligean go fadtéarmach. Moltar nach mbeadh cead ag duine teach nua a dhíol ach le cainteoir Gaeilge ar feadh 20 bliain ar a laghad agus go mbeadh cosc ann teach a ligean níos faide ná trí mhí in aon bhliain amháin le duine nach cainteoir Gaeilge é.

Tá an polasaí nua seolta tráth a bhfuil cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht go mór i mbéal an phobail le roinnt míonna anuas.

Tá cuid de mhuintir na Gaeltachta i Ráth Chairn agus sa Rinn go mór i gcoinne cead pleanála a thabhairt d’fhorbairtí tithíochta sna ceantair sin agus imní ann faoin tionchar a bheadh acu ar an nGaeilge.

De réir pholasaí nua Chonradh na Gaeilge, moltar go gcaithfeadh go mbeadh an Ghaeilge á labhairt ag na lonnaitheoir i mbreis is 90% de na tithe in eastát tithíochta i limistéir Ghaeltachta i gcatagóirí A agus B agus ag 35% de na tithe i limistéir Ghaeltachta i gcatagóir C.

Dréachtaíodh an polasaí nua tar éis do lucht dlí an Chonartha plé a dhéanamh le lucht pleanála teanga agus comharchumainn Ghaeltachta.

Phléigh an eagraíocht cúrsaí pleanála chomh maith le cuid mhaith den 70 polaiteoir a raibh cruinnithe acu leo le tamall anuas mar chuid dá bhfeachtas stocaireachta Seas2020.

Deir Conradh na Gaeilge go dtabharfaidh an polasaí nua cinnteacht do phobal na Gaeltachta, do na hÚdaráis áitiúla agus d’fhorbróirí maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Tá an Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht le feiceáil anseo.

Fág freagra ar 'Polasaí náisiúnta faoin bpleanáil sa Ghaeltacht seolta ag Conradh na Gaeilge'