Polasaí na Roinne Oideachais fós ag cothú fuatha don Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den seomra ranga

Más leigheas ar fhadhb an doichill féile na ndíolúintí cruthófar neart fadhbanna eile do phríomhoidí agus don Roinn

Polasaí na Roinne Oideachais fós ag cothú fuatha don Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den seomra ranga

Chuir breis is 11,000 duine freagra chun na Roinne Oideachais faoina bpolasaí maidir le díolúine ón nGaeilge, rud a léiríonn an dúspéis atá ag daoine san ábhar.

An d’aon ghnó a cuireadh an comhairliúchán poiblí seo ar bun agus an polasaí nua socraithe le spiorad na nGaeilgeoirí a chloí nó an dtuigtear i Roinn an Éadóchais (i gcead d’Eibhlín Ní Mhurchú, trócaire uirthi) go bhfuil an cath beagnach buaite ag na Gall-Ghaeil?

Breis is 30 bliain ó shin agus mé i mbun scrúduithe cainte na hArdteistiméireachta don Roinn Oideachais i scoil mhór phoiblí i mBaile Átha Cliath chuir mé scéala oifigiúil chun na Roinne go raibh 45 as an 180 i rang na hArdteiste á bhfosaíocht sa seomra staidéir cúig rang sa tseachtain seachas a bheith i rang Gaeilge.

Mairg dá laghad níor chuir an sárú rialacha ar an Roinn ach nóta beag oifigiúil a sheoladh ag gabháil buíochais liom as an eolas (gan iarraidh). Ní raibh aon dualgas ar dhaltaí an scrúdú a dhéanamh ach bhí dualgas ar an scoil ranganna Gaeilge a sholáthar dóibh agus a chinntiú go raibh siad i láthair.

Is cuimhneach liom na laethanta sin ceist a chur ar chigire Gaeilge a bhí ar cuairt chigireachta orm ‘an bhfuil aon mholtaí agat dúinn?’ Bhreathnaigh sé cam orm agus dúirt ‘nach sibh féin na saineolaithe anois?’. Sin an neamhpholasaí faoin teanga a bhí ag an Roinn Oideachais breis is tríocha bliain ó shin, polasaí a chothaigh lucht cáinte agus fuatha na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den chóras stáit. Is amhlaidh an scéal fós.

Má d’fhoghlaim mé mórán sna seomraí ranga sin, is é sin gan a bheith ag súil le gníomh fiúntach oideachais ón Roinn ná ó na ceardchumainn. Nuair a d’oibrigh múinteoirí a raibh suim acu sa nGaeilge ar chúrsa cumarsáideach teanga, ba go mall drogallach a thug an Roinn éisteacht dóibh.

Nuair a thug, shocraigh siad gan bacadh le tástáil chainte ag an Teastas Sóisearach. Cuimhnigh air sin mar pholasaí teanga – cumarsáid gan aon chomhrá. Is maith is eol dúinn ar fad agus don Roinn freisin gur as an rang Gaeilge agus an rang Reiligiúin is minice a thógtar daltaí le tacaíocht foghlama a chur ar fáil dóibh.

Tá cailís nimhe na ndíolúintí ón nGaeilge bronnta anois ag an Roinn Oideachais ar an bpríomhoide, atá maraithe le seacht gcúraimí an tsaoil cheana, cinneadh nár mheas mórán a bheith stuama ná gairmiúil.

Más leigheas ar fhadhb an doichill féile na ndíolúintí agus má shásaíonn siad Gall-Ghaeil sna meáin, cruthófar neart fadhbanna eile.

Cuimhnigh ar scoil ina bhfuil 30 dalta sa rang Ardteiste, deichniúr acu nach mbeidh ag bacadh le Gaeilge, triúr ag tabhairt faoin mBonnleibhéal, 10 faoin nGnáthleibhéal agus seachtar faoin Ardleibhéal.

An mbeidh na trí leibhéal ag an múinteoir Gaeilge sa seomra céanna?

Bonnleibhéal: Cad is ainm duit?

Ardleibhéal: An dóigh leat go bhfuil Maude san amhras faoi lucht cinsil na tíre?

An gcuirfidh an Roinn Oideachais leithroinnt bhreise oidí ar fáil don deichniúr staonairí nó diúltóirí coinsiasacha sin nach bhfuil aon spéis acu i bhfoghlaim na Gaeilge nó an mbeidh siadsan ag leadaíocht ag bun an tseomra ranga Gaeilge? An dtabharfaidh a muintir leo abhaile iad? Cá bhfaighidh an príomhoide seomra agus oide dóibh? Ar phléigh an Roinn an cás le bainisteoirí scoile roimh an gcinneadh is déanaí?  Nach bhfuil comhionannas deiseanna oideachais dlite do na staonairí sin chomh maith le duine?

Údar imní eile – na gasúir óga scanraithe sin a thugann faoin iarbhunscoil mhór aduain ag aois a 12, dháréag múinteoirí acu in áit an dlúthchara a bhí mar oide acu sa mbunscoil, cén rang ina bhfaighidh siad deis labhairt fúthu féin, a muintir agus a saol? An rang Gaeilge an t-aon rang a bhíonn dírithe go hiomlán ar an dalta óg neirbhíseach sin agus é/í ag tabhairt faoi ábhair nua go leor.

An seanscéal meirgeach sin gur fearr an Fhraincis ná an Ghaeilge a bhíonn ag daltaí tar éis cúig bliana. Bhuel is minic a chuala mise na ‘Je m’appelles agus j’habites’  sin roimh scrúdú Fraincise agus ní binn a bhfuaim. Bíonn Gaeilge agus Fraincis agus Spáinnis acu má bhíonn d’ádh orthu agus d’acmhainn acu freastal ar chúrsaí samhraidh nó má bhíonn tacaíocht na muintire acu, seachas sin, an cúpla focal bacach céanna a bhíonn ag a bhformhór i ngach teanga scoile nach spéis leo.

Thabharfá an leabhar ó naimhde na Gaeilge agus an Ghaelachais nach bhfuil aon chainteoir neamhlíofa sa tír nach fuath leo an Ghaeilge. Ní hamhlaidh an cás ach ní bhacann na daoine cruógacha sin le cláracha cainte ná na meáin shóisialta.

Tá aithne agam féin ar neart Béarlóirí a bhíonn chomh bródúil le cat a mbeadh póca air nuair a thuigeann siad Gaeilge Daniel ar Opry an Iúir nó tráchtaireacht na gcluichí ar TG4, go leor acu gur fánach an scolaíocht a fuair siad. Ag ócáidí amhail Fleadh Cheoil na hÉireann, ócáidí spóirt is treabhdóireachta, mórtas seachas fuath a léiríonn cosmhuintir na tíre agus a gcúpla focal féin á labhairt nó á gcloisteáil acu.

Is aoibhinn Dia do na daoine ardaigeanta sin ar fad a chreideann gur ar mhaithe leis an oideachas a dhéanfaidh déagóirí gach cinneadh faoina rogha ábhar scoile. A gcairde is mó a mbíonn tionchar acu ar dhaoine óga agus mura mbeidh Harry ag staidéar na Gaeilge, is maith an seans nach mbeidh Harriet ná Horace ach an oiread.

Is goirt a bheidh na deora nuair a bheidh an t-aiféala rómhall agus gairm bheatha á roghnú agus chuirfinnse geall gur ar an scoil a chuirfear an milleán faoin deis nár tapaíodh nó an chomhairle nár cloiseadh.

Is léir óna lán de na haighneachtaí a seoladh chun na Roinne go bhfuil an-imní ar chuile dhuine faoi shláinte intinne na bpáistí agus is iontach go deo an rud é sin. Ar an mbonn sin, nár chóir do pháistí díolúine a fháil feasta ó aon ábhar a chuirfidh strus nó imní orthu – corpoideachas, eolaíocht, matamaitic, eacnamaíocht bhaile nó b’fhéidir an scoil féin?

Is fada an lá ó bhí rang Gaeilge éigeantach sa tír seo, ní áirím foghlaim na Gaeilge, agus ní call d’aon duine an scrúdú Ardteiste san ábhar a dhéanamh.

Is breá an rud é an plé ach nár mhó an tairbhe an taighde a dhéanamh roimh an gcinneadh?

Fág freagra ar 'Polasaí na Roinne Oideachais fós ag cothú fuatha don Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den seomra ranga'

  • Eoin Ó Riain

    Féach ar ainm na Roinne ar twitter fiú – @education_irl – nach leor nod do e0lach?