Polasaí don luathoideachas Gaeltachta ag teastáil ar bhonn práinne – tuarascáil Oireachtais

I dtuarascáil a d’fhoilsigh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna, deirtear gur chóir macasamhail an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht a thabhairt isteach do naíonraí agus d’ionaid cúraim leanaí sa Ghaeltacht

Polasaí don luathoideachas Gaeltachta ag teastáil ar bhonn práinne – tuarascáil Oireachtais

Is gá polasaí don luathoideachas Gaeltachta agus scéim aitheantais do naíonraí Gaeltachta a thabhairt isteach ar bhonn práinne, de réir tuarascála nua ó Thithe an Oireachtais.

Sa tuarascáil nua a d’fhoilsigh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna, deirtear gur chóir macasamhail an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht a thabhairt isteach do naíonraí agus ionaid cúraim leanaí sa Ghaeltacht.

Deirtear go bhfuil ar na seirbhísí luathoideachais Gaeltachta “dul i ngleic le dúshláin ollmhóra ar bhonn leanúnach” agus go bhfuil ‘easpaí móra’ ann maidir le hoiliúint daoine chun dul ag obair in ionaid luathoideachais a bhíonn ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Thabharfaí deis faoin bpolasaí nua do sheirbhísí luathoideachais sa Ghaeltacht stádas Gaeltachta a fháil ach critéir éagsúla a chomhlíonadh.

Faoi láthair trí Bhéarla a fheidhmíonn níos mó ná leath de na naíonraí sa Ghaeltacht, agus gan ach 59 den 127 naíonra a fhaigheann tacaíocht ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Tá tuarascáil nua an choiste Oireachtais bunaithe ar shraith cruinnithe a bhí acu le dreamanna éagsúla atá ag plé leis an luathoideachas Gaeilge agus Gaeltachta. 

Maíodh ag ceann de na cruinnithe sin nach raibh barúil ar bith ag an stát faoi riachtanais teanga leanaí óga na Gaeltachta agus rinneadh éileamh ar pholasaí náisiúnta nua a thabharfadh aitheantas do na dúshláin ar leith a bhíonn roimh chóras réamhscolaíochta na Gaeltachta.

Dúradh chomh maith nárbh fhiú faic aon phlean teanga a thabhairt isteach sa Ghaeltacht mura dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin atá roimh chóras luathoideachais na Gaeltachta. 

Dúirt an státseirbhíseach is sinsearaí sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige áfach nach bhfuil aon phlean ag a roinn maoiniú nó tacaíocht bhreise a chur ar fáil do naíonraí nó naíolanna na tíre chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Deirtear sa tuarascáil áfach go bhfuil géarghá le tacaíocht bhreise a thabhairt d’ ionaid cúraim leanaí lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht.

“Baineann dúshláin ar leith le soláthar an luathoideachais trí mheán na Gaeilge sna cúinsí casta seo; teanga faoi bhrú, pobal faoi bhrú, tumoideachas cuimsitheach a chur ar fáil. Má táimid ag iarraidh na brúnna sin a laghdú agus an tumoideachas cuimsitheach a chur i bhfeidhm, tá orainn cúnamh breise a thabhairt do na cúramóirí, na bainisteoirí agus na leanaí araon. 

“Tá gá i bhfad níos mó tacaíochta a thabhairt dóibh; tacaíocht atá bunaithe ar choinníollacha ar leith, agus coinníollacha atá i bhfad níos fearr ná mar atá ann faoi láthair. Má táimid ag iarraidh ar na leanaí ceannas a fháil ar dhá theanga dhifriúla i sochaí dhátheangach, agus má táimid i ndáiríre faoi chúramóirí agus bainisteoirí oilte a fhostú, tá orainn an tacaíocht seo a thabhairt dóibh láithreach bonn.” 

Tá roinnt beartas i leith chóras luathoideachais na Gaeltachta luaite i bplean gníomhaíochta cúig bliana an Rialtais don Ghaeilge ach deirtear sa tuarascáil nua gur gá “níos mó sonraí” a chur ar fáil i dtaobh na ngníomhartha sa phlean sin. 

25 moladh ar fad atá sa tuarascáil nua.

I measc na moltaí sin, deirtear gur cheart go mbeadh cóimheas an-íseal idir cúramóirí agus leanaí in ionaid luathoideachais a bhíonn ag feidhmiú  trí Ghaeilge. Tá roinnt moltaí ann freisin maidir le cáilíochtaí agus coinníollacha oibre na gcúramóirí. Moltar go gcuirfí cáilíochtaí ó Leibhéal 5 go dtí Leibhéal 8 ón eagraíocht Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) ar fáil i nGaeilge agus go gcuirfí oiliúnt speisialta ar fáil do chúramóirí maidir le saibhreas Gaeilge agus an tumoideachas. 

Moltar chomh maith go gcuirfí oiliúint ar chúramóirí faoin tslí is fearr chun cabhrú le leanaí teangacha a fhoghlaim. 

Mar a tuairiscíodh anseo cheana, níl aon phlean ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige cúrsaí foghlama Gaeilge a chur ar fáil d’oibrithe cúram leanaí agus naíonraí na tíre.

Dar leis an Roinn sin, ag brath ar an gcineál cúrsa a bheadh i gceist, go gcosnódh sé idir €8.75 milliún agus €18.6 milliún an sórt sin oiliúna a sholáthar.

Deirtear sa tuarascáil nua gur chóir do naíonraí na tíre éileamh a dhéanamh le chéile “ar thuarastal, coinníollacha oibre agus áiseanna níos fearr”. 

Moltar go gcinnteodh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus TUSLA gur i nGaeilge a bheidh gach cumarsáid a dhéantar le seirbhísí luathoideachais atá ag feidhmiú trí Ghaeilge agus gur i nGaeilge a dhéanfaí cigireacht ar na seirbhísí sin. 

Tá ráite cheana ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige nach bhfuil sí “sásta” nach bhfuil ach cainteoir líofa Gaeilge amháin, a bhíonn ag freastal ar cheantar Gaeltachta amháin, i measc an 47 cigire atá fostaithe i gCigireacht Luath-Óige Tusla.

Fág freagra ar 'Polasaí don luathoideachas Gaeltachta ag teastáil ar bhonn práinne – tuarascáil Oireachtais'

  • Mairéad

    Tá an ceart ar fad acu. Tuistí ar bith atá ag súil leis gur i nGaeilge a bheidh a leanaí fós ag caint agus iad ag teacht abhaile ó naíonra Gaeltachta beidh díomá ar an cuid is mó. Ní ghlactar leis sna naíonraí Gaeltachta go bhfuil cearta teanga ag na Gaeilgeoirí ó dhúchais agus ligtear do na leanaí eile Béarla a bhrú orthusan atá atá dtógaint le Gaeilge. Bínn an cainteoir dúchais in áit na leathphingine i gcónaí. Má iarann tusimitheoirí go mbeadh na cainteoirí ó dhúchais coinnithe le cainteoirí dúchais eile cuirtear ainmneacha gránna urthu ar nós “racists” srl.
    Níl an leibhéal chun do bheith ag obair i naíonra Gaeltachta sách ard agus níl an tuarasta go,maith ach an oiread. Is Ag aois an-óg a leagtar síos an patrún teanga “Labhair Gaeilge sa bhaile ach labhair Béarla le na daoine óga.”