‘Ní fiú faic aon phlean teanga mura dtugtar aghaidh ar dhúshláin chóras luathoideachais na Gaeltachta’

Cur síos déanta i dTithe an Oireachtais ar na dúshláin atá roimh earnáil an luathoideachais sa Ghaeltacht

‘Ní fiú faic aon phlean teanga mura dtugtar aghaidh ar dhúshláin chóras luathoideachais na Gaeltachta’

Pictiúr: Orlaith Ruiséal

Dúradh i dTithe an Oireachtais tráthnóna gur “ag magadh fúinn féin atáimid” ó thaobh na pleanála teanga de mura dtugtar aghaidh ar na dúshláin atá roimh an gcóras luathoideachais sa Ghaeltacht.

Deineadh cur síos ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar na dúshláin atá roimh earnáil an luathoideachais sa Ghaeltacht.

Ar na dúshláin a luaigh na hionadaithe ó na seirbhísí luathoideachais Gaeltachta a bhí i láthair ag cruinniú an lae inniu bhí easpa maoinithe, oiliúint a bheith ar fáil i mBéarla amháin do bhaill foirne, deacrachtaí le daoine cáilithe a bhfuil Gaeilge acu a fháil agus a choinneáil, cigireacht a bheith á déanamh i mBéarla agus ualach mór aistriúcháin a bheith le déanamh ag na seirbhísí féin toisc gan ábhar a bheith ar fáil i nGaeilge.

Dúirt bainisteoir Chomhar Naíonraí na Gaeltachta Mairéad Mac Con Iomaire go raibh géarghá le rannóg ar leith sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a bheadh ag plé go sonrach le córas na luathbhlianta sa Ghaeltacht agus dúirt sí go raibh sí ag súil gur “sa treo sin” a bhíothas ag dul i bPlean Gníomhaíochta nua an Rialtais don Ghaeilge. Dúirt Mac Con Iomaire gur chóir go gcuirfí gach seirbhís ar fáil i nGaeilge do naíonraí na Gaeltachta ag an am céanna go gcuirtear ar fáil i mBéarla iad.

Mhaígh bainisteoir Chomhar Naíonraí na Gaeltachta gur fadhb mhór í chomh maith nach mbíonn coinníoll teanga le gach deontas a fhaigheann seirbhísí luathoideachais sa Ghaeltacht. Dúirt Mairéad Mac Con Iomaire gur sa ‘bhreacGhaeltacht’ a bhí formhór na naíonraí ‘Béarla’ faoi láthair, ach nach fada go mbeadh a leithéid i gcroílár na Gaeltachta mura gcuirfí coinníoll teanga le deontais Ghaeltachta.

Dúirt Orlaith Ruiséal ó Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Iarthar Dhuibhneach nárbh “fhiú faic aon phlean teanga” a d’ullmhófaí sa Ghaeltacht mura dtabharfaí aghaidh ar dtús ar na dúshláin atá roimh earnáil an luathoideachais sa Ghaeltacht.

Bhí ionadaithe i láthair ag an gcruinniú ó Chomhar na Naíonraí Gaeltachta, Ionad Cúram Leanaí Ráth Chairn, Seirbhís Luathbhlianta na nDoirí Beaga agus Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chorca Dhuibhne.

Fág freagra ar '‘Ní fiú faic aon phlean teanga mura dtugtar aghaidh ar dhúshláin chóras luathoideachais na Gaeltachta’'