‘Níl sé sásúil nach bhfuil ach cigire amháin le Gaeilge ag Tusla’ – An tAire Leanaí

17 cuairt chigireachta a rinne an t-aon chigire ‘Gaeilge’ amháin atá ag Tusla in 2018

‘Níl sé sásúil nach bhfuil ach cigire amháin le Gaeilge ag Tusla’ – An tAire Leanaí

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Níl an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige “sásta” nach bhfuil ach cainteoir líofa Gaeilge amháin, a bhíonn ag freastal ar cheantar Gaeltachta amháin, i measc an 47 cigire atá fostaithe i gCigireacht Luath-Óige Tusla.

Dúirt an tAire Katherine Zappone an méid sin sa Dáil inniu agus í ag freagairt ceiste a chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan uirthi faoi líon na gcuairteanna cigireachta a dhéanann Tusla trí Ghaeilge ar ionaid luathoideachais lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Thug an tAire le fios gur 17 cuairt chigireachta a rinne an t-aon chigire ‘Gaeilge’ amháin atá ag Tusla in 2018.

Dúirt Zappone nach raibh sí sásta gur leor é sin agus go rabhthas chun an dara cigire a mbeadh ardchumas Gaeilge aige a earcú. “Feicfimid ansin an leor an méid sin,” a dúirt sí.

Dúirt sí go raibh páirt á glacadh le fonn ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige i bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 an Rialtais.

Dúirt an tAire Zappone go raibh sí “feasach” ar an ról a bhíonn ag seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim i gcur chun cinn na Gaeilge “mar theanga bheo”.

D’admhaigh Tusla ag deireadh na bliana seo caite go raibh bearnaí móra ina gcuid seirbhísí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de.

Ghéill Príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta Um Leanaí agus an Teaghlach Patrick Smyth agus ionadaithe eile ó Tusla an méid sin ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge mí na Nollag.

Mhol Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, toscaireacht Tusla as “a ionraice” is a bhí siad maidir leis an easnamh sa soláthar a dhéanann siad do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Níl sé sásúil nach bhfuil ach cigire amháin le Gaeilge ag Tusla’ – An tAire Leanaí'