Admhaithe ag Tusla go bhfuil bearnaí móra ina seirbhísí Gaeilge agus Gaeltachta

Fuair Tusla moladh ag cruinniú de Choiste Oireachtais inné as ‘a ionraice’ agus a bhí siad maidir lena bhfaillí i leith phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

Admhaithe ag Tusla go bhfuil bearnaí móra ina seirbhísí Gaeilge agus Gaeltachta

Tá admhaithe ag Tusla go bhfuil bearnaí móra ina gcuid seirbhísí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de.

Ghéill Príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta Um Leanaí agus an Teaghlach Patrick Smyth agus ionadaithe eile ó Tusla an méid sin ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna inné.

Mhol Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, toscaireacht Tusla as “a ionraice” is a bhí siad maidir leis an easnamh sa soláthar a dhéanann siad do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tháinig sé chun solais le linn an chruinnithe nach raibh ach cainteoir líofa Gaeilge amháin, a bhíonn ag freastal ar cheantar Gaeltachta amháin, i measc an 47 cigire atá fostaithe i gCigireacht Luath-Óige Tusla.

Dúradh chomh maith nach raibh aon phlean teanga ag an eagraíocht agus nach raibh aon suirbhé déanta go fóill i measc fhoireann na heagraíochta go léir féachaint cén líon daoine a bhfuil cumas éigin Gaeilge acu.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach Patrick Smyth go raibh faoin eagraíocht plean teanga a ullmhú in 2019 agus go ndéanfaí suirbhé foirne an bhliain seo chugainn freisin chun riachtanais agus cumas na heagraíochta ó thaobh na Gaeilge a mheas.

Dúirt Smyth go raibh Tusla “ar gcúl” ó thaobh seirbhísí Gaeilge ach mhaígh sé go raibh an eagraíocht tiomanta cloí leis na dualgais reachtúla teanga atá orthu agus beart á dhéanamh acu dá réir.

Dúirt sé gur ar bhunú bunseirbhísí is mó a bhí aird Tusla go dtí seo ach gur léir dóibh anois go gcaithfidh siad díriú ar sheirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Dúradh go bhfostófaí an dara cigire le Gaeilge le cigireacht a dhéanamh ar naíonraí Gaeltachta an bhliain seo chugainn agus go mbeadh cigire le Gaeilge líofa acu i ngach ceantar Gaeltachta taobh istigh de thrí bliana.

Dúradh go ndéanann Tusla cigireacht ó thaobh sábhailteacht agus sláinte páistí ar 259 naíonra agus seirbhís luathoideachais eile Gaeilge agus Gaeltachta. B’ionann é seo agus  6% den iomlán agus go mbeifí ag súil dá réir gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheadh i dtriúr nó ceathrar de na cigirí. Bheadh súil ag Tusla, a dúradh, go mbeidís ábalta i gceann cúig bliana gach cigireacht is gá ‘geall leis’ a dhéanamh i nGaeilge.

Dúirt Catherine Connolly go mbíonn sé deacair uirthi mar Chathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a bheith ag éisteacht i gcónaí faoi “na bearnaí ollmhóra” a bhíonn ann maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge, seirbhísí atá ag dul don phobal mar chuid dá gcearta, dar léi.

Dúirt Connolly agus urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh go raibh go leor le déanamh ag Tusla ó thaobh na Gaeilge ach mhol siad beirt a ionraice, dar leo, is a bhí ionadaithe na gníomhaireachta faoi na heasnaimh ina seirbhísí Gaeilge.

“Tá cúrsaí go dona, ach ar a laghad tá sibh ag glacadh leis sin,” arsa urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

Maidir leis an méid a gheall toscaireacht Tusla don bhliain seo chugainn, dúirt siad chomh maith go bhfostófaí oifigeach Gaeilge agus go bhféachfaí chuige go gcuirfí oiliúint bhreise ar bhaill foirne a mbeadh spéis acu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Fág freagra ar 'Admhaithe ag Tusla go bhfuil bearnaí móra ina seirbhísí Gaeilge agus Gaeltachta'