FÍSEÁN: ‘Is goid ar chearta chuile ghasúr sa tír é gan bronntanas na Gaeilge a thabhairt dóibh sa naíonra’

Tá ráite ag an státseirbhíseach is sinsearaí sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go rabhthas ag díriú faoi láthair ar ‘affordability’ ‘quality’ agus ‘access’ na seirbhísí luathoideachais, ach go mb’fhéidir go bhféachfaí ar cheist na Gaeilge amach anseo

FÍSEÁN: ‘Is goid ar chearta chuile ghasúr sa tír é gan bronntanas na Gaeilge a thabhairt dóibh sa naíonra’

Tá ráite ag an státseirbhíseach is sinsearaí sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige nach bhfuil aon phlean ag a roinn maoiniú nó tacaíocht bhreise a chur ar fáil do naíonraí nó naíolanna na tíre chun seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge an tseachtain seo, dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Leanaí, Feargal Lynch, go rabhthas ag díriú faoi láthair ar ‘affordability’ ‘quality’ agus ‘access’ na seirbhísí luathoideachais, ach go mb’fhéidir go bhféachfaí ar cheist na Gaeilge amach anseo.

“At the moment there isn’t, I suppose it’s a question of should we from a policy perspective, employ some form of, I don’t know, positive discrimination, if you want to use that sort of terminology. So far we haven’t done that…”

“We haven’t, so far at least, moved in the direction of providing additional services for areas such as Irish language. Who knows, that may happen in the future. But as I was making the point earlier, we have been so far behind the curve, so to speak, by comparison to other countries that we have been concentrating on increasing investment overall which we’ve managed to do over the last number of years.”

 

Dúirt an tArd-Rúnaí gur tháinig ardú 117% ar an infheistíocht a dhéantar i seirbhísí luathoideachais le ceithre bliana anuas agus go raibh sé i gceist an infheistíocht a dhéantar san earnáil a dhúbailt as seo go ceann deich mbliana. Is don infheistíocht sin seachas ar infheistíocht bhreise i seirbhísí Gaeilge a thabharfaí tús áite, a dúirt sé.

“That may be something that could be examined in the future, but at the moment our focus is on developing all of the early years services throughout the country, irrespective of language”.

Níos túisce sa chruinniú de Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, cuireadh i leith ionadaithe na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige nach raibh aon pholasaí acu maidir le spreagadh a thabhairt do naíonraí ar fud na tíre an Ghaeilge a sholáthar mar chuid dá seirbhísí.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív nach “ceist airgid ach ceist pholasaí” a bhí i gceist le spreagadh a thabhairt do sheirbhísí luathoideachais ar fud na tíre soláthar a dhéanamh don Ghaeilge. Mhaígh Ó Cuív gur chosúil ar fhreagraí ionadaithe na Roinne nach raibh a leithéid de pholasaí ann.

“An bhfuil tú ag rá liom go bhfuil neamhaird iomlán déanta le hocht mbliana anuas ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an méid a dúradh ann faoin luathoideachas agus go bhfuil sibh dá bharr tar éis goid a dhéanamh ar chearta chuile ghasúr sa tír an Ghaeilge a shealbhú ag aois óg? Mar a dúirt mé, ní thuigeann gasúir fadhb teangacha, sin rud do dhaoine fásta,” arsa Ó Cuív.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta gur polasaí a theastódh “ag dearbhú” do lucht riartha na naíolann agus na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht gur “rud dearfach” a bheadh ann an Ghaeilge a bheith “measctha” ina gcuid seirbhísí. 

“Mar a deirim is goid atá i gceist gan é a bhronnadh ar na gasúir,” a dúirt Ó Cuív.

Mhaígh sé gur léirigh suirbhé i ndiaidh suirbhé gur fíorbheagán tuismitheoirí sa tír a bheadh ina aghaidh “go mbronnfaí in aisce” ar a gcuid gasúr “bronntanas” na Gaeilge. Dúirt an Teachta Dála nach “leithscéal ar bith é” ag an Roinn Leanaí a rá go bhfuiltear ag díriú ar rud eile nuair “is féidir an dá rud a dhéanamh”.

Mhaígh Ard-Rúnaí na Roinne Leanaí go rabhthas “fully committed” do spreagadh na Gaeilge sa chóras luathoideachais. Agus cur chuige na Roinne á chosaint aige, thagair sé go háirithe do na geallúintí i leith na Gaeilge atá tugtha acu i bPlean Gníomhaíochta Cúig Bliana an Rialtais don Ghaeilge.

Dúirt an tArd-Rúnaí go gcruthófaí dhá phost sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige an bhliain seo chugainn chun forbairt a dhéanamh ar an soláthar luathoideachais i nGaeilge ar fud an stáit. De réir phlean an Rialtais, beidh duine amháin den bheirt sin freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorbairt an luathoideachais trí mheán na Gaeilge i naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht agus beidh an duine eile ag cur comhairle ar na naíonraí sin maidir leis an tSeirbhís Forbartha agus Tacaíochta Caighdeáin, Tús Níos Fearr.

Gealltar freisin i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022, a foilsíodh mí an Mheithimh, go gcuirfear tacaíocht agus acmhainní nua ar fáil do naíonraí chun seirbhís luathoideachais trí Ghaeilge a chur ar fáil. 

Féachfar chomh maith, a ghealltar, ar chúrsaí oiliúna i gcúram leanaí i nGaeilge a fhorbairt ó leibhéal 5 go dtí leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) agus ar “mhodúil i sealbhú agus saibhriú teanga a fhorbairt agus a chur chun cinn sna seirbhísí luathoideachais”.

Dúradh ag cruinniú na seachtaine de Choiste Oireachtais na Gaeilge nach raibh tús curtha go fóill le feidhm a thabhairt d’aon cheann de na cuspóirí sin sa phlean gníomhaíochta.

Cuireadh ceisteanna ag an gcruinniú chomh maith ar ionadaithe na Roinne Leanaí faoin gcóras cigireachta do naíonraí Gaeilge agus Gaeltachta.

Thug toscaireacht na Roinne le fios nach raibh aon eolas acu faoi líon na gcigirí ag Tusla a bhfuil Gaeilge acu, faoi líon na gcuairteanna cigireachta a bhíonn i nGaeilge, faoin monatóireacht a dhéantar ar an gcóras, nó faoin teanga ina mbíonn tuairiscí na gcigirí sin.

Gealladh go bhfaighfí an t-eolas sin más ann dó agus go gcuirfí ar fáil do bhaill an choiste é.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Is goid ar chearta chuile ghasúr sa tír é gan bronntanas na Gaeilge a thabhairt dóibh sa naíonra’'

  • Áine Ní Shúilleabháin

    Aontaím go huile is go hiomlán le hÉamon Ó Cuív gur “goid ar chearta chuile ghasúr sa tír é gan bronntanas na Gaeilge a thabhairt dóibh sna luathbhlianta”.
    Ó thaobh Cearta Daonna na bPáistí de (Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta Páistí ..Articles 30 & 31), is cóir go mbeadh gach páiste sa tír seo ag cloisteáil, agus ag baint taitneamh as an Ghaeilge sna luathbhlianta.
    Ar feadh na gcéadta úsáidfear rannta chun teanga a sheachadadh síos trísna glúintibh! Tuigeann chuile dhuine beo sin! Tá sé an-éasca rannta beaga simplí a úsáid le páistí beaga. Tá na rannta éasca don duine fásta a fhoghlaim – bídís gan Ghaeilge, ar bheagán Gaeilge, nó líofa!
    Tá sé ráite sa stráitéis: “Is gnéithe tábhachtacha d’athneartú na Gaeilge iad foghlaim neamhfhoirmiúil agus foghlaim réamhscoile. Léiríonn an taighde ar fad sa réimse seo gur sna luathbhlianta is fusa teanga nua a shealbhú. Tá sé i gceist mar sin go mbeidh leibhéal éigin d’oideachas Gaeilge réamhscoile ar fáil i ngach áit.” Leathanach 13.
    Tá sé thar am dúinn béim a leagaint ar chlaonadh teanga sa bhfoghlaim réamhscoile. Áine Ní Shúilleabháin (Traenálaí Luathbhlianta).