Chosnódh sé idir €8.75 milliún agus €18.6 milliún cúrsa foghlama Gaeilge a chur ar fáil d’oibrithe naíonraí na tíre – an tAire Leanaí

Tá faillí á déanamh sa Ghaeilge i gcóras na réamhscolaíochta, dar le hurlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty TD

Chosnódh sé idir €8.75 milliún agus €18.6 milliún cúrsa foghlama Gaeilge a chur ar fáil d’oibrithe  naíonraí na tíre – an tAire Leanaí

Níl aon phlean ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige cúrsaí foghlama Gaeilge a chur ar fáil d’oibrithe cúram leanaí agus naíonraí na tíre.

Dar leis an Roinn sin, ag brath ar an gcineál cúrsa a bheadh i gceist, go gcosnódh sé idir €8.75 milliún agus €18.6 milliún an sórt sin oiliúna a sholáthar.

Agus ceist Dála á freagairt aici, thug an tAire Katherine Zappone le fios nach lena Roinn a bhaineann sé traenáil trí Ghaeilge a chur ar fáil i réimsí ar nós oiliúint i láimhsiú sábháilte nó cúrsaí garchabhrach. Dúirt sí go gcuirtear “roinnt traenála” trí Ghaeilge ar fáil ar bhonn áitiúil trí Chomhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) nó trí choistí contae agus cathrach i gCúram Leanaí.

Dúirt an tAire go bhfuil sé de rogha faoi láthair ag daoine atá á n-oiliúint le dul i mbun oibre mar chúramóirí leanaí staidéar a dhéanamh ar mhodúl ar a dtugtar ‘Irish for Pre-school Services’, ach níl aon riachtanas ag baint leis mar ábhar.

Le cáilíochtaí a bhaint amach ón eagraíocht Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI), déanann na hoiliúnaithe staidéar ar cheithre ábhar atá éigeantach agus ar a rogha féin de cheithre ábhar as deich gcinn d’ábhar roghnacha eile, an Ghaeilge ina measc.

Dúirt an tAire go gcosnódh sé ar a laghad €8.75 milliún dá gcaithfí oiliúint i nGaeilge a chur ar fáil d’oibrithe cúram leanaí go dtí Leibhéal 5 den chóras QQI. Ba dhóigh léi go mbeadh caiteachas níos mó i gceist dá gcaithfí méadú a dhéanamh láithreach ar an soláthar cúrsaí trí Ghaeilge.  Chomh maith leis sin, dúirt sí go mbeadh amhras ann faoi chaighdeán na gcúrsaí sin dá dtabharfaí isteach ró-sciobtha iad agus bheadh moill fhada i gceist sula ndéanfaí na socruithe cuí leis an lucht oiliúna.

Dá ndéanfaí na cúrsaí oiliúna trí Ghaeilge a dhearadh go speisialta agus iad bunaithe ar an gcóras TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge), mheas an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go mbeadh costas €11 milliún i gceist. Measadh gur €18.6 milliún a chosnódh sé gach oibrí cúram leanaí a oiliúint chuig Leibhéal 5 de chuid QQI, dá ndéanfaí sin tríd an eagraíocht Gaelchultúr.

Thug an tAire Zappone le fios freisin d’urlabhraí airgeadais Shinn Féin an Teachta Dála Pearse Doherty nach gcoinníonn a Roinn aon sonraí maidir le líon na ndaoine san earnáil cúram leanaí nó i naíonraí na tíre a bhfuil cáilíochtaí Gaeilge acu agus, dá bharr sin, nach bhféadfaí aon tuairim a thabhairt faoin gcostas breise a bhainfeadh le híocaíocht bhreise 10% a thabhairt mar liúntas caipitíochta do naíonraí ina raibh baill foirne fostaithe a raibh an Teastas Eorpach Gaeilge nó cáilíocht aitheanta eile acu.

Thug an tAire le fios don Teachta Doherty chomh maith nach raibh aon eolas ag a Roinn faoi chúrsaí speisialta tumoideachais a bheith ar fáil d’oibrithe cúram leanaí nó do stiúrthóirí naíonraí. 

Dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty le Tuairisc.ie gur theastaigh ó Shinn Féin go mbeadh “spreagadh” ann do dhaoine a bhí ag obair i naíonraí na tíre cur lena gcáilíochtaí Gaeilge agus “go hidéalach” go mbeadh riachtanas teanga áirithe  i measc na riachtanas dóibh siúd a bhíonn ag obair i naíonraí.

“Tuigimid gur earnáil fhíorleochaileach earnáil na luathbhlianta mar atá sí. Dá bharr sin bhí sé i gceist againn ardú sa deontas ceannsraithe a thabhairt do naíonraí a bhfuil cáilíochta aitheanta sa Ghaeilge bainte amach ag an gceannaire seomra, mar thús, agus go leathnófaí amach an íocaíocht sin diaidh ar ndiaidh ionas go mbeidh deontas faoi leith ann do na naíonraí sin ina mbeadh cáilíocht sa Ghaeilge ag gach oibrí.

“Tuigimid go dtógfaidh sé seo roinnt mhaith ama – agus freisin gur chóir go mbeadh breis deiseanna ann dóibh siúd atá ag obair i naíonraí cáilíochtaí cuí a bhaint amach. Tá naíonraí ríthábhachtach leis an Ghaeilge a chur chun cinn – ach tá faillí á déanamh orthu. Cé gur gheall an Taoiseach go dtacaíonn sé leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm, níl faic á dhéanamh ag an rialtas le cur le líon na naíonraí nó a gcaighdeán a neartú,” a dúirt urlabhraí Shinn Féin.

Dúirt Pearse Doherty gur léirigh freagra an Aire a “neamhshuim” sa cheist agus gur chóir go mbeadh cúrsaí sa tumoideachas mar ‘ábhair práinne” ag a Roinn. Dúirt sé gur léir nach eol don Aire Zappone ná a roinn fiú amháin an bhfuil a leithéid de chúrsaí ann.

Tá ceisteanna Dála breise beartaithe ag Doherty maidir leis an gcostas a luaigh an tAire le hoiliúint trí Ghaeilge a chur ar fáil agus faoin gcúis nach bhfuil próiseas comhairliúcháin tosaithe go fóill leis na  soláthróirí oideachais chuige sin. Dúirt Doherty go raibh “géarghá” lena leithéid de phróiseas leis an nGaeilge “a chur chun cinn mar is ceart” sa chóras oideachais.

Idir an dá linn, dúirt Stiúrthóir Oideachais Gaelchultúr Éamonn Ó Domhnaill le Tuairisc.ie go raibh “mearbhall iomlán” air faoin gcostas oiliúna €18.6 milliún a luaigh an tAire leis an eagraíocht sin.

“Níl baint ar bith ag Gaelchultúr le hoideachas sna luathbhlianta,” a dúirt Éamonn Ó Domhnaill.

“Dá mba rud é go raibh €18.6 milliún á fháil ag Gaelchultúr as cúrsa a thairiscint ar Leibhéal 5 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, bheadh muid ar fad i ndiaidh bogadh go dtí na Bahámaí faoin am seo agus bheinnse ag léamh Tuairisc.ie in aice leis an linn snámha gach maidin”.

Thug an tAire Zappone le fios freisin go gcuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta clár oiliúna comhionannais, éagsúlachta agus ionchuimsitheachta ar fáil trí Ghaeilge thar ceann na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige agus go bhfuil plé ar siúl faoi láthair le Coláiste Mhuire gan Smál maidir le cúrsa ceannaireachta san ionchuimsitheacht a fhorbairt trí Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Chosnódh sé idir €8.75 milliún agus €18.6 milliún cúrsa foghlama Gaeilge a chur ar fáil d’oibrithe naíonraí na tíre – an tAire Leanaí'