Ar Capitol Hill is é 63 bliain an mheánaois, 16 bliain níos óige ar an meán atá buachaillí agus cailíní na polaitaíochta i gConamara

Agus pobal na tíre ar tí cinneadh a dhéanamh i reifrean an tseachtain seo chugainn, ar cheart deis a thabhairt do dhaoine a bhfuil 21 bliain slán acu a bheith ina n-iarrthoirí Uachtaránachta, céard faoi dhuine a bheadh fós i mbun ceird na polaitíochta agus iad ag tarraingt ar 100 bliain d’aois?

Strom Thurmond
Strom Thurmond

Bhí tarraingt bhog dheisceart Mheiriceá sa nglór ar an taobh eile den teileafón. “Beidh an Seanadóir Thurmond i gcuideachta grúpa lucht gnó as South Carolina an chuid is mo den trathnóna. B’fhéidir go mbeifí in ann socrú a dhéanamh am éigin eile”.  Ní bheadh an triáil sin agamsa agus pé ar bith scéal, ní dóigh liom go bhfaighinn deis ar agallamh go brách leis an Seanadóir Strom Thurmond. As Boston a chuir mé an glaoch teileafóin ar oifigí an tSeanaid i Washington i mí Dheireadh Fómhair, 2001; is gearr go mbeinn ag filleadh ar Éirinn. Maidir leis an Seanadóir Thurmond, bheadh seisean gnóthach an chuid eile den lá sin agus sna laetheanta amach romhainn; 99 bliain d’aois a bhí sé san am.

Bhí suim curtha agam i Strom Thurmond agus ní de bharr a chuid polaitíochta é: an rud is mo a tharraing m’aird air ná go raibh sé fós ar ghort na polaitíochta agus é buailte ar 100 bliain d’aois. Bhí Thurmond ina chathaoirleach ar choiste na bhFórsaí Mileata sa Seanad agus é ag tarraingt ar an gcéad agus bhí sé ina Sheanadóir nó go raibh an chloch mhíle mhór sin sroichte aige – agus ina dhiaidh sin! 

Anois, tharlódh sé go mbeadh glacadh againn le hUachtarán a bheadh bliain agus fiche ach an mbeadh muinín againn as duine a bheadh chomh haosta le Strom Thurmond sa bpolaitíocht in Éirinn?

Is cuimhneach liom a bheith ag obair le Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath tar éis Olltoghchán na bliana 1987 nuair a d’éirigh Gearóid Mac Gearailt as ceannaireacht Fhine Gael. Bhí Peadar de Barra as Corcaigh luaite mar dhuine acu siúd a bheadh san iomaíocht don cheannaireacht ach ba ghearr gur thosaigh an chaint go raibh sé róshean. Bhí de Barra 58 san am. Is minic caint den tsort sin cloiste faoi phearsain pholaitíochta agus iarrthóirí toghcháin sa tír seo. 

Bhí an chaint sin ar bun ar leic an dorais anseo i gConamara aimsir an Toghcháin Comhairle Contae anuraidh. Iarrthóirí óga a bheadh ag teastáil, a deir cuid de na daoine. Chuir mé féin ceist i measc comhluadar amháin a raibh mé ann: “An mbeadh glacadh le cupla bean a bheadh sna seachtóidí agus sna hochtóidí mar iarrthóirí i gConamara?”.  Thosaigh daoine ag gáirí.

Maith go leor; rachaidh muid trasna an Atlantaigh.

Dá mbeadh Stát California ina thír as féin, bheadh sé ar an ochtú reigiún eacnamaíocht is láidre ar domhan. Tá an Stát sin sé huaire níos mo ná Éirinn agus daonra de 38 milliún ann. Is iad Barbara Feinstein (82) agus Barbara Boxer (75) an bheirt ionadaithe atá ag California sa Seanad i Washington. Cuimhnigh freisin go bhfuil ionann agus 3,000 míle taistil i gceist ón mbaile go Washington do na seanadóirí sin.

Ar Capitol Hill tá 63 bliain mar mheánaois ag Seanadóirí Mheiricea – sin 16 bliain níos sine ar an meán ná na buachaillí agus na cailíní óga atá againn ar an gComhairle Contae i gConamara.  Tá cúigear de Sheanadóirí Mheiriceá os cionn 80 bliain d’aois agus tá 17 acu sna seachtóidí. Go deimhin, tá na trí scór caite ag 56 Seanadóir. 

I dTeach na nIonadaithe i Washington, tá meánaois bhaill tofa an tí buailte ar na trí scór. Ba é an Feisire Comhdhála as Texas, Ralph Hall, an duine ab aosta acu go dtí le gairid; 91 bliain d’aois a bhí sé nuair a chríochnaigh a théarma.

Ní aon dlí ann a choscann orainn vótáil do dhaoine san aoisghrúpa sin i ngnáthréimse na polaitíochta in Éirinn; ach an mbeadh muid sásta é sin a dhéanamh nó ar túisce a thabharfadh muid vóta do dhuine atá 21 bliain don Uachtaránacht? 

Thug Seanadóir a raibh cáil an fhuinnimh agus na  hóige air a léargas féin ar an aois agus ar an óige nuair a labhair sé le mic léinn san Afraic Theas sna 1960aidí.  Mar seo a labhar Robert Kennedy:  “Our answer is the world’s hope; it is to rely on youth….this world demands the qualities of youth: not a time of life but a state of mind, a temper of the will, a quality of imagination, a predominance of courage over timidity, of the appetite for adventure over the life of ease…”.

Beag beann ar thoradh an reifrinn faoi aois iarrthóirí don Uachtaránacht – ar de réir na mblianta, nó de réir shlat tomhais Kennedy, a áirítear an aois agus an óige sa saol poiblí – agus sa bpolaitíocht – in Éirinn?

Fág freagra ar 'Ar Capitol Hill is é 63 bliain an mheánaois, 16 bliain níos óige ar an meán atá buachaillí agus cailíní na polaitaíochta i gConamara'

  • Seán Mistéil

    Án-ábhar machnaimh anseo agat, a Mháirtín, bíodh nach bhfuil meánaois ár Seanadóirí nó ár dT.D.’a chomh hard céanna le S.A.M.
    Fiú dá mbeadh toradh dearfach sa reifreann i bhfábhar ceart a thabhairt dóibh siúd a bhfuil 21 bl. slán acu a bheith ina n-iarrthóirí d’Uachtaránacht na tíre seo, is deacair a shamhlú go dtoghfaí duine ar bith chomh hóg sin gan mór-athrú ar mheon na ndaoine.
    Is cinnte nach bhfuil cothrom na féinne acu siúd faoi bhun aois 35 bliana mar atá. Ba chéim chun cothromaíochta a bheadh ann “tá” a aimsiú sa reifreann agus é mar thoradh ar vóta dá leithéid go meallfaí níos mó den óige chun gnímh. Siúl seachas rith, ar ndóigh, atá ii gcesit agam – ach is inár stop a bheimid tamall eile ar an gceart seo.