Póirtéir éirithe as eagarthóireacht Ghaeilge ar writing.ie

Bhí an scríbhneoir agus an craoltóir aitheanta Cathal Póirtéir ina eagarthóir Gaeilge ar an suíomh irise, a thugann ardán do scríbhneoirí na hÉireann, le tuairim is cúig bliana anuas

Writing

Tá eagarthóir Gaeilge an tsuímh writing.ie éirithe as an gcúram cheal maoiniú ón suíomh. Bhí an scríbhneoir agus an craoltóir aitheanta Cathal Póirtéir ina eagarthóir Gaeilge ar an suíomh irise, a thugann ardán do scríbhneoirí na hÉireann, le tuairim is cúig bliana anuas.

Chuirtí deontas ar fáil do writing.ie leis an tseirbhís Ghaeilge a chur ar fáil do phobal léitheoireachta na Gaeilge ach cuireadh deireadh leis an deontas sin le deireanas agus is dá bharr a ghlac Póirtéir an cinneadh gan leanúint ar aghaidh sa phost.

Rinneadh ciorrú ar an deontas roimhe seo freisin ach lean Póirtéir ar aghaidh i mbun an phoist ar feadh bliana “gan aon chúiteamh” ach dúirt sé i litir a scaipeadh ar scríbhneoirí Gaeilge an mhí seo caite nach bhfuil fonn air leanúint leis sa ról ar an mbonn sin níos mó.

Mhol sé do scríbhneoirí agus d’fhoilsitheoirí Gaeilge ábhar poiblíochta Béarla dá gcuid leabhar agus faoi imeachtaí liteartha Gaeilge a sheoladh chuig lucht writing.ie go fóill agus é den tuairim go gcuirfí fáilte roimh a leithéid ar an suíomh.

“Níl aon dabht ach go mbíonn an-tarraingt ar writing.ie i measc scríbhneoirí agus léitheoirí ar spéis leo litríocht in Éirinn agus b’fhiú a bheith i lár an aonaigh ansin,” a dúirt sé.

Ghabh sé buíochas sa litir leis na scríbhneoirí agus na tithe foilsitheoireachta a chabhraigh leis ábhar Gaeilge a sholáthar don suíomh agus mhol do dhuine ar bith ar spéis leo tabhairt faoin eagarthóireacht ar bhonn deonach dul i dteagmháil le writing.ie.

Dúirt sé freisin gur “ait leis” nár bhain níos mó scríbhneoirí agus foilsitheoirí leas as an deis le poiblíocht saor in aisce a fháil ar an suíomh agus nár chuir siad ábhar bolscaireachta ar aghaidh chuige agus é i mbun an chúraim.

Tá Cathal Póirtéir ina chathaoirleach ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge agus bhíodh cláir litríochta aige ar RTÉ Radio One agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Póirtéir éirithe as eagarthóireacht Ghaeilge ar writing.ie'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Ní raibh a fhios agam go raibh sé ann go dtí gur éirigh sé as!

  • Liam Mac Lochlainn

    Tá an ceart agat, a Iarla. Tá a lán a ag tarlú amuigh ansin agus ní chuirtear an t-eolas amach. Tá eolaire agus dialann imeachtaí de dhíth. . .