Pocanna amach, fir ionaid agus cliseadh Chorcaí – ceachtanna CLG an deireadh seachtaine

Féachann Tuairisc.ie siar ar chuid de scéalta móra bhabhtaí leathcheannais chraobh iomána na hÉireann

Pocanna amach, fir ionaid agus cliseadh Chorcaí – ceachtanna CLG an deireadh seachtaine

Pocanna Amach

Ceann de na cúiseanna gur éirigh le Gaillimh tús chomh maith sin a chur le cluiche an tSathairn ná go raibh siad ag cur brú damanta ar phocanna amach na gCláiríneach. D’aimsigh Joe Canning an chéad scór den chluiche nuair a sciob sé leis an chéad phoc amach a thóg Dónal Tuohy agus d’éirigh le Conor Whelan an rud céanna a dhéanamh cúpla nóiméad ina dhiaidh sin.

Ag leath ama, bhí 45% (10/22) de phocanna amach na gCláiríneach buaite ag Gaillimh. Tháinig formhór acu sin sa chéad 10-15 nóiméad, sular bogadh Colm Galvin siar mar chosantóir le cois, ceann de na hathruithe is cinniúnaí a rinne foireann bainistíochta an Chláir.

Nuair a thit Galvin siar, chinn Micheál Donoghue gan aon Ghaillimheach eile a bhrú suas chun Galvin a mharcáil, rud a d’fhág go raibh sé saor an t-am uile chun poc amach gearr a bhuachan, saoirse ar bhain an Clár an-leas as.

Ó leath ama go deireadh an chluiche, bhí 29 poc amach eile ag Dónal Tuohy agus an Clár. Níor chaill siad ach péire acu, nó 7%, rud a thug deis dóibh tús a chur le hionsaí i ndiaidh ionsaithe.

Fiú nuair a chuir Niall Burke an poc sleasa sin amú, agus an t-am caite agus pointe ag teastáil go géar ón gClár, choinnigh siad orthu ar an gcaoi chéanna.

Is é a dhéanfadh go leor cúl báire ná an sliotar a bhualadh chomh fada suas an pháirc agus ab fhéidir ach chinn Tuohy pas gearr eile a thabhairt do Galvin. Chuaigh an liathróid ó Galvin go dtí Séadna Morey go dtí David Fitzgerald a thug pas uaidh chuig Jason McCarthy a fuair cúilín an chomhscóir.

 

Shane Dowling. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tábhacht na bhfear ionaid

Níl aon amhras ach go bhfuil na fir ionaid anois níos tábhachtaí i gcluichí CLG ná mar a bhí riamh. Go háirithe san iomáint, nuair nach mbíonn ach an méid is lú idir na foirne is iondúil go mbíonn an spreagadh a thugtar d’fhoireann ón mbinse cinniúnach.

Cinnte b’amhlaidh an scéal i gcás Luimnigh in aghaidh Chorcaí inné agus thug beagnach gach imreoir a tháinig isteach taispeántas den scoth. Bhí ag teip ar thosaithe Luimnigh sular tháinig Shane Dowling isteach ach d’athraigh sé treo an chluiche. Cúl agus ceithre phointe a scóráil fear na bPiarsach agus rinneadh feall air do scóranna eile, an poc éirice ríthábhachtach in am breise ina measc.

Ba é cúl Pat Ryan a chuir an caipín mullaigh ar an gcluiche do Luimneach ach bhí scrios déanta aige ar chosaint Chorcaí roimhe sin agus é ag gearradh tríthi ar luas. Rinne Peter Casey an-obair i measc na dtosaithe chomh maith agus b’ionadaithe eile, Barry Nash agus David Reidy, a d’aimsigh na scóranna deireanacha do Luimneach.

Ar an taobh eile. Cuireadh Daniel Kearney, Shane Kingston agus Damien Cahalane uile isteach arís tar éis dóibh a bheith bainte den pháirc, rud a léiríonn nach raibh mórán muiníne ag John Meyler as na fir a bhí ar an mbinse aige. Dúirt sé i ndiaidh an chluiche gur mhó an taithí agus an tionchar a bhí ag na himreoirí ‘sinsearacha’ i measc imreoirí óga Luimnigh ná mar a bhí ag a macasamhail ar fhoireann Chorcaí agus ba dheacair easaontú leis sin.

Bhí tionchar ollmhór ag ionadaithe an Chláir ar an imirt sa chluiche leathcheannais eile chomh maith. Ar ndóigh, fear ionaid, Jason McCarthy, a d’aimsigh an scór cinniúnach dóibh chun an cluiche a fhágáil ar comhscór ach ba mhór an tionchar a bhí ag na fir eile a tháinig isteach ar chúrsaí chomh maith. D’aimsigh Ian Galvin dhá phointe, rinne David Fitzgerald obair na gcapall i lár na páirce agus b’ionadaí eile, Aaron Shanagher, a fuair a gcúl agus é ag imirt ina chéad chluiche ó ghortaigh sé a ghlúin mí na Samhna seo caite.

I ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann anuraidh ba faoina fheabhas is a bhí na himreoirí atá ag Gaillimh ar an mbinse a bhí an chaint uilig, ach níor éirigh leo aon athrú mór  a dhéanamh ar chúrsaí Dé Sathairn.

 

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Cliseadh Chorcaí

Den dara bliain as a chéile, chlis ar iománaithe Chorcaí i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Anuraidh, bhí Corcaigh dhá phointe chun cinn ar Phort Láirge agus 58 nóiméad imeartha. Níor aimsigh siad ach dhá phointe eile san am a bhí fágtha agus faoin am gur séideadh an fheadóg dheiridh, bhí siad aon phointe dhéag chun deiridh ar na Déisigh. Ní raibh teip na bliana seo chomh mór ná chomh drámatúil sin, ach bhí sé gach pioc chomh chomh holc.

Nuair a d’aimsigh Luke Meade cúilín agus 61 nóiméad imeartha i bPáirc an Chrócaigh inné, bhí cuma na maitheasa ar Chorcaigh agus iad sé phointe chun cinn, 1-26 in aghaidh 1-20.Thiteadar as a chéile ina dhiaidh sin, áfach. D’aimsigh Luimneach seacht bpointe as a chéile agus cé gur shlánaigh Patrick Horgan poc saor chun am breise a chinntiú, bhí Corcaigh i dtrioblóid.

Tar éis do Meade a chúilín a scóráil, níor aimsigh Corcaigh scór eile ón imirt go dtí gur sheol Jack O’Connor iarracht idir na postaí 18 nóiméad isteach in am breise, tráth a raibh Luimneach seacht bpointe chun cinn agus an cluiche buaite acu.

Bhí mí-ádh ar Chorcaigh gur chaill siad imreoirí tábhachtacha le linn an chluiche. Bhí Séamus Harnedy scriosta tamall fada sular tógadh amach é, agus ba mhór an chailliúint é Daniel Kearney nuair a baineadh amach é tar éis 60 nóiméad. Ach thuirsigh imreoirí Chorcaí níos luaithe ná fir Luimnigh agus, mar a dúirt muid thuas, ní raibh mórán tionchair ar an imirt ag na fir a tháinig isteach ina n-áit.

Fág freagra ar 'Pocanna amach, fir ionaid agus cliseadh Chorcaí – ceachtanna CLG an deireadh seachtaine'