Pobalbhreith nua: Titim thubaisteach ar thacaíocht Fhine Gael agus an Aire Joe McHugh i nDún na nGall

De réir na pobalbhreithe a foilsíodh inniu ar an Tirconaill Tribune, tá borradh faoi vóta na neamhspleách i ndáilcheantar Dhún na nGall agus 31.5% den vóta acu.

Tacaíocht an phovail-Enda Kenny+Joe McHugh (Pictiúr-Leon Farrell:Photocall Ireland)

De réir pobalbhreith nua a foilsíodh ar maidin tá titim thubaisteach tagtha ar vóta Fhine Gael i nDún na nGall agus d’fhéadfadh go mbeadh suíochán an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh i mbaol.

De réir na pobalbhreithe a foilsíodh inniu ar an Tirconaill Tribune, borradh faoi vóta na neamhspleách i ndáilcheantar Dhún na nGall agus 31.5% den vóta acu.

Tuairiscítear sa Tirconaill Tribune ar maidin go bhfuil glaoch éigeandála curtha ar an Taoiseach ag lucht tacaíochta Fhine Gael i nDún na nGall agus iad ag iarraidh ar Enda Kenny teacht láithreach go dtí an dáilcheantar chun tacú leis an iarracht suíochán Joe McHugh a thabhairt slán.

I bhfianaise na bhfigiúirí is déanaí seo is iad Pearse Doherty (18.9%) agus Charlie McConalogue (13.7%) atá chun tosaigh sa dáilcheantar cúig shuíochán ach beidh cogadh dearg ann don trí shuíochán eile.

Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir sa tríú háit de réir na pobalbhreithe seo ach tugtar vóta níos ísle inti d’Fhianna Fáil ná mar a tugadh i bpobalbhreith TG4 an tseachtain seo caite. De réir na pobalbhreithe sin bhí 30% den vóta ag Fianna Fáil – 17% ag McConalogue agus 13% ag Ó Gallchóir.

Sa phobalbhreith is déanaí seo níl ach 23.7% ag Fianna Fáil – 13.7% ag McConalogue agus 10% ag Ó Gallchóir.  Léirigh pobalbhreith TG4 go raibh suíochán an Teachta Dála Pádraig Mac Lochlainn (SF) i mbaol agus gan aige ach 9% den vóta, agus tá drochscéal arís dó sna figiúirí is déanaí. 7.5% atá ag iarrthóir Shinn Féin i bpobalbhreith an Tirconaill Tribune.

5%, áfach, ag iarrthóir eile Shinn Féin, Gary Doherty, nach raibh aige ach 2% i bpobalbhreith TG4, rud a fhágann go bhfuil 31.4% ag Sinn Féin agus seans i bhfad níos fearr acu ar an dara suíochán dá bharr.

Níl ach 13.3% den vóta ag Fine Gael agus leibhéal tacaíochta Joe McHugh i bhfad níos ísle sa phobalbhreith is déanaí seo. Níl aige ach 8.7% le hais an 13% a bhí aige i bpobalbhreith TG4.

an Teachta Dála neamhspleách Thomas Pringle (9.2%) chun tosaigh ar Joe McHugh sa phobalbhreith seo agus tá an chuma ar an scéal go mbeidh Pringle agus an t-iarrthóir neamhspleách eile Dessie Shiels (8.3%) ina measc siúd a bheidh go láidir san iomaíocht. D’fhéadfadh go mbeadh triúr ar a laghad ag troid don dá shuíochán dheireanacha — Joe McHugh, Pat ‘The Cope’ agus Thomas Pringle.

Ba é an Tirconaill Tribune féin a rinne an phobalbhreith seo thar thrí an tseachtain seo caite. Ní dhearnadh an phobalbhreith i gcomhar le comhlacht aitheanta pobalbhreithe ach bhí sampla 1,000 duine ar fud an dáilcheantair i gceist.

Fág freagra ar 'Pobalbhreith nua: Titim thubaisteach ar thacaíocht Fhine Gael agus an Aire Joe McHugh i nDún na nGall'

  • alan

    An rialtas is measa dá raibh riamh ann im thuairimse, gan trua ná taise acu don lag ach gach aon slais acu orthu agus iad soinicúil, fíochmhar ag cosaint na cinsile agus á gcur chun cinn.