POBALBHREITH: 63% den phobal den tuairim gur cheart gach seirbhís a sholáthar i nGaeilge sa Ghaeltacht

Ba mhó an líon daoine a thug le fios go raibh tuiscint na Gaeilge acu (37%) ná an líon a bheadh muinín acu as a gcumas cainte (30%), de réir pobalbhreithe a d'fhoilsigh Conradh na Gaeilge inniu

An Gaeltacht

Creideann 63% den phobal gur chóir go mbeadh gach seirbhís stáit ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta, de réir suirbhé nua atá déanta ag Millward Brown do Chonradh na Gaeilge.

Ní raibh ach 10% díobh siúd a ceistíodh in aghaidh seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Dúirt 27% nach raibh a fhios acu cé acu ar chóir nó nár chóir.

Ba iad an dream is sine, 65 bliain d’aois nó níos sine, ba mhó a bhí ar son cearta teanga don Ghaeltacht agus thug 70% den ghrúpa sin le fios gur aontaigh siad leis an ráiteas “ba cheart gach seirbhís a chuireann an stát ar fáil a chur ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta”. Ba iad an dream ab óige ba mhó a d’easaontaigh leis an ráiteas. Muintir Chonnacht agus Uladh ba mhó a thacaigh leis an ráiteas áirithe sin agus thacaigh 66% acu leis. Ba mhó mná ná fir a d’aontaigh leis freisin.

Maíonn an Conradh go dtacaíonn an taighde nua seo lena n-éilimh ar Aire Sinsearach a bheith ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus ar níos mó infheistíochta ar mhaithe le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge.

“Is tobar na teanga í an Ghaeltacht, ach tá tacaíocht phraiticiúil ag teastáil ón bpobal sna ceantair Ghaeltachta éagsúla, agus ba chóir go mbeadh ionadaíocht cheart ag an bpobal seo ag an mbord  rialtais le hAire Sinsearach Gaeilge agus Gaeltachta, le Gaeilge líofa.

“Ní mór go mbeadh Comhchoiste Oireachtais seasta ag feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta freisin, agus tá géarghá infheistíocht cheart a dhéanamh sna húdaráis agus sna grúpaí pobail a chruthaíonn tuilleadh fostaíochta agus deiseanna a thacaíonn le húsáid na teanga araon,” a dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta an Chonartha.

Cuireadh ceisteanna eile ar an bpobal ar fud na hÉireann sa suirbhé a bhain lena gcumas teanga agus le ról na teanga i bhféiniúlacht na tíre.

Measann 52% de mhuintir na hÉireann go bhfuil nasc láidir idir an Ghaeilge agus féiniúlacht na tíre, ach d’easaontaigh 37% de phobal an Tuaiscirt leis an tuairim sin. Ba mhó daoine a bhraith an nasc féiniúlachta sin sa Phoblacht, áit ar aontaigh beagnach 60% leis an ráiteas.

Ba iad an dream ab óige ó dheas ba mhó (25%) a d’easaontaigh leis an áiteamh go bhfuil nasc láidir idir an Ghaeilge agus féiniúlacht na tíre. A mhalairt de scéal a bhí ann ó thuaidh, áit ar easaontaigh 40% den ghrúpa idir 50 agus 64 bliain leis an ráiteas faoi chúrsaí féiniúlachta, ach ar aontaigh 48% den phobal a bhí idir 25-34 leis. Ba i mBéal Feirste a bhí an líon is airde daoine nár tháinig leis an tuairim (42%) go bhfuil nasc láidir idir an Ghaeilge agus féiniúlacht na tíre . Muintir Chonnacht agus Uladh ba mhó, arís, a d’aontaigh leis an ráiteas áirithe sin.

Cuireadh ceisteanna sa suirbhé freisin faoi a chompordaí is a bhí an lucht freagartha le labhairt agus tuiscint na Gaeilge. Ba ar mhuintir na Poblachta amháin a cuireadh na ceisteanna sin.

Ba mhó an líon daoine a thug le fios go raibh tuiscint na Gaeilge acu (37%) ná an líon a bheadh muinín acu as a gcumas cainte (30%). Bhí codarsnacht spéisiúil i gceist anseo: ba iad an t-aos scoile (15-17) ba mhó (57%) a raibh muinín acu as a gcumas cainte ach thug níos mó daoine san aoisghrúpa 65+ le fios gur thuig siad an Ghaeilge (44%). Mhaígh 54% den phobal a bhí idir 25-34 bliain d’aois nár thuig siad an teanga. Ba i gConnachta agus in Ulaidh  ba mhó a raibh muinín ag an bpobal as a gcumas sa teanga.

Fág freagra ar 'POBALBHREITH: 63% den phobal den tuairim gur cheart gach seirbhís a sholáthar i nGaeilge sa Ghaeltacht'

  • Fearn

    Cad é an mheabhair le bhaint as na ráitisí seo?

    “Creideann 63% den phobal gur chóir go mbeadh gach seirbhís stáit ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta,…”

    Daoine ” páirt-aimseartha ” iad lucht na Gaeltachta, a labhrann teanga páirt-aimseartha agus mar sin nach bhfuil in airí ach cearta pháirtaimseartha?

    “Ní raibh ach 10% díobh siúd a ceistíodh in aghaidh seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta”

    Neamh-daoine iad lucht na Gaeltachta, a labhrann teanga páirt-aimseartha agus mar sin nach bhfuil in airí cearta mar a gcomhshaoránaigh?

    ” Dúirt 27% nach raibh a fhios acu cé acu ar chóir nó nár chóir. ”

    Tá mé bréan de cheist na teanga agus is cuma sa tioc liom

    “Ba iad an dream is sine, 65 bliain d’aois nó níos sine, ba mhó a bhí ar son cearta teanga don Ghaeltacht agus thug 70% den ghrúpa sin le fios gur aontaigh siad leis an ráiteas “ba cheart gach seirbhís a chuireann an stát ar fáil a chur ar fáil i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta”.

    Tá tuigse againn ar dhínit an duine.

    ” Ba iad an dream ab óige ba mhó a d’easaontaigh leis an ráiteas.

    Whatever!. Awesome, a dhuine. An bhaineann tú den raithneach?