Pobal Chorca Dhuibne croíbhriste agus ‘bean óg i mbarr a maitheasa’ sciobtha i dtimpiste bhóthair

29 bliain d’aois a bhí Keady Clifford, an t-altra arbh as an Daingean í a bhásaigh i dtimpiste a tharla gar do Mhainistir na Corann i gCorcaigh maidin inné

Pobal Chorca Dhuibne croíbhriste agus ‘bean óg i mbarr a maitheasa’ sciobtha i dtimpiste bhóthair

Tá pobal Chorca Dhuibhne faoi scamall bróin ag bás an altra óig Keady Clifford i dtimpiste bhóthair i gCorcaigh inné.

29 bliain d’aois a bhí Keady Clifford, arbh as an Daingean í, a bhásaigh i dtimpiste a tharla gar do Mhainistir na Corann maidin inné. Ní raibh aon fheithicil eile sa tionóisc inar imigh a carr de bhóthar an N25 go gairid roimh leathuair tar éis a hocht maidin inné. Fógraíodh ar an láthair go raibh an bhean óg marbh agus tugadh go hOspidéal na hOllscoile, Corcaigh í mar ar cuireadh scrúdú iarbháis uirthi.

Dúirt an Comhairleoir Contae agus ball de bhord Údarás na Gaeltachta Séamus ‘Cosaí’ Mac Gearailt gur bhain an drochscéala “creathadh as gach aon duine”.

“Bean óg i mbarr a maitheasa agus an saol mór amach roimpi sciobtha ag timpiste bóthair chomh tragóideach san. Tá an pobal croíbhriste ar fad. Tá a muintir sáite go mór i gcúrsaí an phobail anseo agus a hathair Artie agus baint mhór aige le Blas na hÉireann agus an Fhéile Bia [Féile Bia an Daingin]. Oibríonn a máthair in Ospidéal an Daingin. Is orthu siúd, a tuismitheoirí, a muintir agus a cairde go léir, atáimid ag cuimhneamh inár gcuid paidreacha,” a dúirt Séamus Cosaí Mac Gearailt.

Tá scrúdú déanta ag lucht fóiréinsice an Gharda Síochána ar láthair na timpiste agus táthar ag iarraidh ar aon duine a bhfuil aon eolas acu faoin timpiste teagmháil a dhéanamh le stáisiún na nGardaí i Mainistir na Corann nó le stáisiún ar bith eile.

Bhí Keady Clifford ag filleadh abhaile óna cuid oibre in Ospidéal na hOllscoile i gCorcaigh, mar a raibh sí ar dhualgas an oíche roimhe nuair a tharla an timpiste.

Bhí cónaí uirthi i Mainistir na Corann agus as Imleach sa Daingean di ó dhúchas.

Fág freagra ar 'Pobal Chorca Dhuibne croíbhriste agus ‘bean óg i mbarr a maitheasa’ sciobtha i dtimpiste bhóthair'