Plub! Plab! Plip! Plipidíplabadaíplubaidí! 

Tá an bháisteach chugainn. An raibh éadaí ar an líne agat? An bhfuair tú in am iad? 

Plub! Plab! Plip! Plipidíplabadaíplubaidí! 

Cá raibh tú nuair a thit na chéad bhraonacha báistí sular thosaigh an stoirm mhór thoirní? Bhí muid deich mbliana ag faire ar aiteall is tháinig sé sa deireadh. An raibh éadaí ar an líne agat? An bhfuair tú in am iad?

Bhí chuile bhall éadaigh sa teach crochta amach ar an líne againn. Ní hamháin go raibh siad crochta ar an líne againn féin, ach bhí seilbh tógtha ar líne theach mo mháthar againn. Bhí éadaí ar luascadh anuas ón raca dín ar an gcarr, bhí siad caite trasna ar na claíocha, ag damhsa ar na sceacha…

Den chéad uair le deich mbliana chonaic mé radharc a bhain siar asam lena chuid áilleachta. Níorbh é áilleacht na gréine ag dul faoi is an spéir ina lasracha órga solais, ná an fharraige ghorm ina clár séimh, ná na Beanna Beola maorga trí cheo na maidine.

Ba bhreá iad na radharcanna sin ar fad, ach ba bhreátha arís íochtar an chiseáin níocháin a fheiceáil. Níl a fhios agam ar chreid mé gurbh ann dhó go dtí go bhfaca mé é le mo dhá shúil féin é.

Bhí mé sínte ar an trá ag déanamh maoirseacht ar thogra an phoill mhóir a bhí faoi lán seoil nuair a thosaigh an bháisteach.

‘Seas isteach sa bpoll Mamaí go bhfeicfidh tú cé chomh domhain is atá sé!’ a d’iarr an Babaí orm.

Ní raibh aon fhonn orm éirí den chathaoir, go háirithe ar mhaithe le seasamh isteach i bpoll. Chaithfeá fiafraí díot féin, an fiú an tairbhe an trioblóid?

‘B’fhéidir ar ball,’ a dúirt mé leis. ‘Coinnígí oraibh ag obair air go bhfeicfidh tú cé chomh fada síos is a ghabhfaidh sibh. B’fhéidir go mbuailfeadh sibh an Astráil.’

‘An Astráil?’ a d’fhiafraigh an Babaí agus iontas air. ‘B’fhéidir é!’ a dúirt mé.

‘Ná tabhair aon aird uirthi!’ a deir an Bheainín ag cur comhairle air. An chomhairle cheart caithfear a admháil. ‘Ní féidir cartadh síos go dtí an Astráil, thriail mise cheana é.’

‘A, Mamaí, please, seas isteach sa bpoll go bhfeicfidh tú,’ a d’impigh an Babaí orm.

Is beag nár bhris sé mé is gur ghéill mé dhó le teann trua ach d’éirigh liom an fód a sheasamh.

‘Ní sheasaim i bpoill ar bhonn prionsabail,’ a mhínigh mé dhó go haiféalach.

‘Ní dhéanann sé sin aon chiall Mamaí,’ a deir sé.

D’airigh mé braonacha báistí ar mo bhaithis. Cheap mé ar dtús gur braonacha aníos ón láthair oibre a bhí iontu.

Thit braon eile agus braon eile fós. Bhrúigh mé na spéaclaí gréine suas ar bharr mo chinn le hamharc ceart a fháil ar an spéir. San áit a raibh an spéir ghlan ghorm, bhí clabhtaí dorcha cruinnithe is gaoth fhuar tosaithe ag séideadh.

Plub! Plab! Plip! Plipidíplabadaíplubaidí!

Báisteach! Chuimhnigh mé ar na héadaí. Ar na línte, na sceacha, an raca dín…

B’fhéidir go raibh sé rómhall cheana féin… Ní bheadh a fhios agat. B’fhéidir go mbeadh an t-ádh linn. B’fhéidir gur tais a bheidís.

‘Caithfidh muid imeacht!’ a d’fhógair mé leis na hoibrithe trá. ‘Bailígí suas chuile shórt! Níl nóiméad le spáráil againn!’

Fág freagra ar 'Plub! Plab! Plip! Plipidíplabadaíplubaidí! '