Pléaráca Teoranta le scor ceal maoinithe

Is cosúil nach mbeidh deis ag an eagraíocht comóradh ceathrú céid a bheith aici mar go bhfuil deireadh le cur léi anois ceal maoinithe

 

Tá an eagraíocht Ghaeltachta Pléaráca Teoranta le scor.

Ag caint di ar Iris Aniar ar RTÉ RnaG ar maidin, dúirt Meta Uí Mháille ó Phléaraca go bhfuil lagú go leor déanta ar an eagraíocht ón mbliain 2009 amach ó thaobh ciorruithe agus gearradh siar de agus gur ar an mbonn sin a chinn a stiúrthóirí an comhlacht a scor.

Bunaíodh an eagraíocht mar Scéim Ealaíon Phobail i 1993 faoi chlár de chuid Áisíneacht Chomhraic na Bochtaine agus is as an bhféile a bhfuil an t-ainm céanna uirthi, Pléaráca, a tháinig sí ar an bhfód an chéad lá riamh.

Ba go gairid tar éis don fhéile sin bláthú a cinneadh an eagraíocht a bhunú.

Sa bhliain 1996, cuireadh Pléaráca faoin gClár Forbartha Pobail (CDP) a bhí á reáchtáil ag an Roinn Leasa Shóisialaigh ag an am. Fostaíodh beirt oibrithe, clúdaíodh barrchostais oifige agus cuireadh maoiniú trí bliana ar fáil dóibh faoin gclár sin.

Dúirt Meta Uí Mháille nuair a cuireadh deireadh leis an gClár Forbartha Pobail gur fhág sé nach bhféadfaí oiliúint a chur ar fhostaithe coistí pobail deonacha a thuilleadh – leithéidí Pléaráca san áireamh – faoi mar a bhítí in ann a dhéanamh faoin gclár sin.

Is ó bhliain go bliain atá conradh Pléaráca á athnuachan ó shin i leith, a dúirt sí. Lena chois sin, tá pá fostaí amháin gearrtha siar ón mbliain 2009 amach. Ag éirí as an méid sin, níl ach fostaí lánaimseartha amháin agus fostaí páirtaimseartha amháin ag obair san eagraíocht faoi láthair.

Nuair a tháinig clár nua – SICAP – ar an bhfód anuraidh, chuir Údarás na Gaeltachta in iúl do Phléaráca i mí Dheireadh Fómhair seo caite go gcaithfidís dul i muinín an chláir sin le tuilleadh maoinithe a fháil ach is dealraitheach nach raibh dóthain airgid ar fáil chuige sin. Anuas air sin, ní raibh aon bhaint le bheith ag an Údarás féin le SICAP, rud a d’fhág Pléaráca i gcruachás agus ar an ngannchuid.

Ag caint dó ar Iris Aniar ar maidin, dúirt Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta, Tadhg Ó Conghaile, gur tháinig sé aniar aduaidh air féin nuair a chuala sé ar RTÉ RnaG go raibh cinneadh déanta ag stiúrthóirí Phléaráca an comhlacht a scor.

Dúirt sé gur chas sé le hionadaithe Phléaráca “coicís nó trí seachtaine ó shin” agus gur chuir sé in iúl dóibh an t-am sin go mbeadh tuilleadh maoinithe ar fáil dóibh; a oiread is a choimeádfadh sa tsiúl iad go ceann trí mhí eile.

Ag freagairt an méid sin, dúirt Meta Uí Mháille gur beag an mhaith dóibh bheith ag obair ó ráithe go ráithe agus gur “cur amú airgead poiblí” a bheadh i dtairiscint dá leithéid. Dúirt sí freisin nach raibh an tÚdarás sásta aon fhigiúirí cinnte a lua leo agus gur chuir Pléaráca fostaithe ag obair go páirtaimseartha idir an dá linn d’fhonn an dé a choinneáil san eagraíocht.

Nuair nach bhfuair siad aon scéala cinnte ar ais ón Údarás faoi dheireadh an Mhárta, ní raibh aon dul as acu ach cinneadh a dhéanamh an eagraíocht a scor.

Ba chun sprid agus meanma na ndaoine i Ros Muc agus i nGaeltacht Chonamara trí chéile a ardú agus a gcomhfhiosacht mar phobal Gaeltachta a neartú a bunaíodh Pléaráca Teoranta.

Díríonn siad ar ghrúpaí áirithe sa phobal atá faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar imeallú agus bochtanas, ina measc: mná nach bhfuil fostaithe taobh amuigh den teaghlach; tuismitheoirí aonair; daoine óga dífhostaithe a d’fhág an scoil go luath; daoine aosta, go mór mór iadsan atá ina gcónaí leo féin; daoine dífhostaithe agus feirmeoirí beaga.

Cabhraíonn siad le grúpaí pobail a bhfuil ganntannas áiseanna agus deiseanna orthu imeachtaí oideachais, sóisialta agus cultúrtha a eagrú, i dtreo is gur féidir a dtuiscint ar chomh tábhachtach is atá a n-oidhreacht teanga agus chultúrtha do thodhchaí an phobail a fhorbairt agus a neartú, go mór mór an t-aos óg.

I measc na dtograí a ritheann Pléaráca, tá campaí samhraidh, cláracha litríochta agus drámaíochta; ceardlanna scríbhneoireachta cruthaitheachta; agus féilte leabhar (leithéidí Bricíní agus Fuint Focal san áireamh).

Fág freagra ar 'Pléaráca Teoranta le scor ceal maoinithe'

  • Ailbhe

    Is bocht an scéal é. An-obair déanta ag Pléaráca, go háirithe sna scoileanna.

  • Feardorcha

    Cé acu atá údarás ar an Údarás? Bail ó Dhia ar lucht Pléaráca, dream le dealramh.