Plean ag Foras na Gaeilge ionad nua Gaeilge a bhunú i lár chathair Bhéal Feirste

De réir eolais ó mhiontuairiscí Bhord an Fhorais,  tá plean ag an eagraíocht ionad nua léirmhínithe don Ghaeilge a bhunú a bheadh dírithe ar dhaoine ‘nach bhfuil rochtain acu ar an Ghaeilge faoi láthair’

Plean ag Foras na Gaeilge ionad nua Gaeilge a bhunú i lár chathair Bhéal Feirste

Tá plean ag Foras na Gaeilge ionad léirmhínithe nua don Ghaeilge a bhunú i lár chathair Bhéal Feirste, ionad a bheadh dírithe ar dhaoine nach bhfuil eolas acu faoin teanga.

De réir eolais nua ó mhiontuairiscí Bhord an Fhorais, lorgaíodh cruinniú le Stát Rúnaí Thuaisceart Éireann chun ceist an ionaid Ghaeilge nua a phlé.

Deirtear sna miontuairiscí gur ionad “léirmhínithe” a bheadh san fhorbairt nua, a mbeadh a “bpríomhfhócas” dírithe “ar phobail nach bhfuil rochtain acu ar an Ghaeilge faoi láthair”.

Dheimhnigh urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge go raibh plean ann lárionad Gaeilge a bhunú i gcathair Bhéal Feirste, ionad a rachadh i ngleic leis an “mór-easpa eolais” faoin teanga atá “i measc an phobail i gcoitinne” ó thuaidh.

“Aithnítear go bhfuil mór-easpa eolais i measc mhórchuid an phobail ó thuaidh maidir le gach gné den Ghaeilge, agus go bhféadfaí lárionad míniúcháin cur go mór le tuiscintí agus feasacht i measc an phobail i gcoitinne ar thábhacht na Gaeilge, ar a hoidhreacht, ar a hábharthacht don tsochaí ar an oileán,” a dúirt urlabhraí Fhoras na Gaeilge.

De réir na miontuairiscí, tá “roinnt fiosruithe ardleibhéil” déanta ag an Fhoras maidir le bunú an ionaid Ghaeilge nua i mBéal Feirste.

Deirtear i miontuairiscí chruinniú Bhord an Fhorais i mí Aibreáin seo caite gur faoi Chiste an Oileáin Chomhroinnte a bheadh an t-ionad á bhunú agus gur “dócha gur foirgneamh ar cíos” a bheadh ann “seachas foirgneamh ceannaithe”.

Dúradh ag an chruinniú céanna go mbeadh “costais reatha bhreise” i gceist leis an ionad Gaeilge nua “nach bhfuil” i mbuiséad an Fhorais faoi láthair.

De réir na miontuairiscí, lorgaíodh cruinniú i rith an tsamhraidh le hoifigigh ó Aonad an Oileáin Chomhroinnte “i dtreo iarratas a dhéanamh roimh an Nollaig”.

Deirtear chomh maith gur scríobh Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge chuig an Rúnaí Stáit ó thuaidh le cruinniú a lorg leis faoin ionad Gaeilge nua.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go raibh cruinniú á lorg ag Foras na Gaeilge leis an Taoiseach chun todhchaí na heagraíochta teanga mar eagraíocht thrasteorann a phlé.

 

Fág freagra ar 'Plean ag Foras na Gaeilge ionad nua Gaeilge a bhunú i lár chathair Bhéal Feirste'

  • Concubhar

    Níor mhaith go mbeadh baint dá laghad ag an bhForas le h-ionad léirmhínithe don Ghaeilge i mBéal Feirste. I bhfianaise gach a thárla roimhe seo, is beag a bheinn ag súil leis ó thaobh míniú d’aon tsort ón bhForas gan bacadh le léirmhíniú. Léirscrios, b’fhéidir.