Tá cruinniú á lorg ag Foras na Gaeilge leis an Taoiseach chun todhchaí na heagraíochta teanga mar eagraíocht thrasteorann a phlé.
De réir na miontuairiscí ó chruinnithe Bhord an Fhorais do 2023, socraíodh ag cruinniú mhí Aibreáin na bliana seo caite go gcuirfí litir chuig an Taoiseach ina n-iarrfaí cruinniú leis chun “ról Fhoras na Gaeilge mar Fhoras Thuaidh Theas sa todhchaí a phlé”.
Tá eolas nua sna miontuairiscí chomh maith faoi na deacrachtaí maoinithe a bhíonn ag an bhForas, faoin mbille mór pinsin a bhíonn le híoc acu agus faoi céard air a chaitheann siad an maoiniú atá acu.
Dheimhnigh urlabhraí ón bhForas do Tuairisc inné gur chuir cathaoirleach an Bhoird litir chuig Oifig an Taoisigh ag lorg cruinnithe leis ar an 5 Bealtaine seo caite ach nár tharla an cruinniú sin ó shin.
Dúirt an t-urlabhraí gur iarr an Cathaoirleach an cruinniú mar gheall ar an imní a bhí ann faoin “srian” a bhí curtha “ar fhorbairt Fhoras na Gaeilge” ag an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh. Bhí imní ar an gCathaoirleach nach raibh “na struchtúir thuaidh theas ag feidhmiú” ar feadh deich mbliana san iomlán ó bunaíodh an eagraíocht.
Níl aon chur síos breise sna miontuairiscí faoin bplé a rinneadh faoin ngá le todhchaí an Fhorais trasteorann a phlé leis an Taoiseach, ach tá deacrachtaí maoinithe le fada ag an bhForas mar gheall ar an tsáinn pholaitiúil in Stormont.
Ní féidir airgead breise a bhronnadh ar an bhForas Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – go dtí go mbeidh buiséad iomlán na n-eagraíochtaí aontaithe leis an Roinn Pobal ó thuaidh agus ní féidir sin a dhéanamh go dtí go mbeidh Stormont ag feidhmiú arís.
Chuir an Rialtas €700,000 breise ar leataobh don Fhoras Teanga sa bhuiséad is déanaí ach fágann an tsáinn pholaitiúil nach féidir an maoiniú sin a cheadú ná a chaitheamh.
Léiríonn na miontuairiscí cuid de na dúshláin a bhaineann le deacrachtaí maoinithe Fhoras na Gaeilge, go háirithe na deacrachtaí a bhaineann le cúrsaí pinsin.
Ag cruinniú amháin anuraidh, mhínigh feidhmeannaigh an Fhorais don Bhord go mbíonn ar an eagraíocht pinsean a íoc do 30 duine a bhíodh ag obair d’Fhoras na Gaeilge, nó do Bhord na Gaeilge roimhe sin.
As an mbuiséad reatha a thagann na híocaíochtaí pinsin seo gach bliain, a dúradh. Dúradh gur “ag ardú gach bliain” atá an costas a bhaineann leis na pinsin seo agus “go mbíonn ualach mór ar acmhainní foirne dá bharr”.
Dúradh gur “costas dosheachanta” a bhí sna pinsin agus cé go raibh “treoir shoiléir” tugtha ag an dá rialtas gur chóir maoiniú breise a chur ar fáil le bille na bpinsean a íoc, ní raibh “an treoir sin á cur i bhfeidhm”.
De réir mar a mhéadódh ar an gcostas a bhaineann leis na híocaíochtaí sin, is amhlaidh gur “lú a bheadh ar fáil le haghaidh scéimeanna Fhoras na Gaeilge”.
Is léir ó na miontuairiscí gur fhág an tsáinn ó thuaidh a lorg chomh maith ar thuarastal leas-phríomhfheidhmeannach na heagraíochta.
Míníodh don bhord anuraidh gur tugadh treoir d’Fhoras na Gaeilge gan aon ardú a dhéanamh ar an ngrád pá do phost an Leas-Phríomhfheidhmeannaigh/Stiúrthóra Seirbhísí Oideachais, post atá lonnaithe ó thuaidh den teorainn. Ba ghá, de réir na treorach, “an post a fhógairt ag an ngrád reatha, agus ag bun an scála” cé go mbeadh an pá sin níos ísle ná pá ball foirne ó dheas, a bheadh faoi stiúir an leas-phríomhfheidhmeannaigh.
Tugadh briseadh síos don bhord chomh maith ar chaiteachas iomlán an Fhorais de réir na réimsí caiteachais éagsúla.
Beagnach leath den bhuiséad, 47.7%, a caitheadh ar ‘réimse an phobail’ agus 37.7% a caitheadh ar sheirbhísí corparáideacha. Ar ‘réimse na leabhar’ a caitheadh 8.5% agus ar ‘réimse an oideachais’ a caitheadh 6.4% den iomlán. 2.2% dá bhuiséad a chaith an Foras ar ‘réimse na cumarsáide’ agus níor caitheadh ach 1.6% ar réimse na foclóireachta agus na téarmaíochta.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn anuraidh gur ábhar buartha d’Fhoras na Gaeilge na deacrachtaí sin agus go raibh imní air faoina bhfuil i ndán don eagraíocht trasteorann.
Tá an maoiniú a fhaigheann Foras na Gaeilge mórán mar a bhí 20 bliain ó shin. €16.3 milliún a bhí ag an eagraíocht in 2022, i gcomparáid le €17.2 milliún in 2003.
Fág freagra ar 'Cruinniú leis an Taoiseach á lorg ag Foras na Gaeilge lena thodhchaí ‘thuaidh-theas’ a phlé'