Plean nach bhfóirfidh d’éinne ach na ciontóirí

Tá polaiteoirí, íobartaigh, staraithe agus an-chuid eile míshásta le plean rialtas na Breataine le déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí

Plean nach bhfóirfidh d’éinne ach na ciontóirí

Státrúnaí Thuaisceart Éireann. Pic: Sam Boal/RollingNews.ie

“Ó mo thaobhsa de, ní ghlacaim in aon chor le maithiúnas d’aon duine a bhí freagrach as uafás ar oileán na hÉireann.” An Taoiseach Micheál Martin a dúirt ar raidió an BBC i dTuaisceart Éireann. Ní fear bladhmainn é an Taoiseach ach bhí a mhíshástacht le plean rialtas na Breataine chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí follasach.

Ní raibh sé ina aonar. Tá Coimisinéir na nÍobartach míshásta. Tá na híobartaigh míshásta. Tá bunáite na bpolaiteoirí míshásta. Tá staraithe míshásta. Tá cuid d’eagraíochtaí na n-íobartach ag moladh baghcait. Agus liosta le háireamh iad na dúshláin chúirte atá ullmhaithe cheana féin.

Ar an láimh eile, tá Coimisinéir na n-iarshaighdiúirí sásta. Tá Johnny Mercer sásta, creidiúint mhór, dar leis, tuillte ag Brandon Lewis, Státrúnaí an Tuaiscirt as an mbille a d’fhoilsigh rialtas na Breataine Dé Máirt seo caite. Ba é Mercer urlabhraí an fheachtais chun faoiseamh ó fhiosrú agus ó chúiseamh a fháil d’iarfhórsaí stáit. B’eisean agus a lucht tacaíochta a fuair geallúint ón bpáirtí Caomhach go ndéanfaí rud orthu, agus a chinntigh go raibh sé i bhforógra toghcháin na dTóraithe faoi cheannas Boris Johnson in 2019.

Faoin bplean dar teideal ‘Bille i dtaca le Trioblóidí Thuaisceart Éireann (Oidhreacht agus Athmhuintearas)’ bunófar Coimisiún neamhspleách um Athmhuintearas agus Aimsiú Faisnéise, an ICRIR [Independent Commission for Reconciliation and Information Recovery]. Go bunúsach tairgfear faoiseamh/díonadh ó chúisimh do chiontóirí a chomhoibreoidh le fiosruithe an Choimisiúin. Sé an Coimisiún an t-aon fhoras a bheidh freagrach feasta as fiosruithe stairiúla na dTrioblóidí agus cuirfear stop i gceann bliana le gach cineál eile fiosraithe, coiriúil nó sibhialta. Cuirfear deireadh le hionchoisní agus beidh bac ar Ombudsman na bPóilíní eachtraí a bhain leis na Trioblóidí ó 1966 go Aoine an Chéasta 1998 a scrúdú. Tá scóip na reachtaíochta chun bac a chur ar ghnáthriar na córa chóir a bheith doshamhlaithe i gcóras daonlathais.

Cén t-iontas mar sin gur ‘cairt do chiontóirí’ a thug íobartaigh ar an bplean nua. Teastaíonn ó rialtas na Breataine ‘líne a tharraingt’ faoin gcruacheist seo, iad ag rá gurb é leas an phobail i dTuaisceart Éireann é. Gan dabht sé leas na dTóraithe é iarfhórsaí stáit a chosaint agus cúlbhinseoiri ina bpáirtí féin a shuaimhniú, go háirithe nuair atá guagacht sa pháirtí faoin gceannaire. Is mairg don íobartach a bheadh ag súil le tosaíocht ar fhéinchúis an rialtais seo.

Maíonn rialtas Boris Johnson gur éist siad le gearáin faoin maithiúnas ginearálta a bhí ina bplean anuraidh agus gurb é sin an fáth go bhfuil comhoibriú agus dea-rún na ngníomhaithe (ciontóirí) riachtanach faoin scéim nua. Maíonn an Státrúnaí Brandon Lewis freisin go bhfuil an plean ag teacht leis an dlí um chearta an duine, ráiteas atá ceistithe ag na sluaite idir dhlíodóirí, pholaiteoirí agus an dream is tábhachtaí ar fad, na híobartaigh. Baothchaint a tugadh go forleathan ar mhaíomh an Státrúnaí go gcothódh an plean seo athmhuintearas.

Tá Ian Jeffers, Coimisinéir nuacheaptha na nÍobartach agus na Marthanóirí, ag iarraidh a chur ina luí ar an Státrúnaí gur locht bunúsach ar an mbille é go bhfuil neamhshuim déanta de na híobartaigh. Níor éisteadh leo, dar leis. Is iad sin na daoine ba cheart a bheith ag croí na reachtaíochta ach is scéal thairis iad sa bhille. Ina theannta sin bhí amhras ar an gCoimisinéir an mbeadh fonn ar chiontóirí/ gníomhaithe comhoibriú leis an ICRIR – má tá siad ionann is cinnte nach gcúiseofar iad faoi na coinníollacha reatha ‘tuige a mbacfadh siad leis an bpróiseas seo?’ ar sé.

Truailliú ar riar na córa a bheadh ann dar leis na páirtithe logánta ón DUP go Sinn Féin. Cháin Amnesty an bille go géar, ag rá go mbeadh “cearta íobartaigh á sárú chun sciath chosanta a thabhairt do chiontóirí”. ‘Athbhreithniú’ ar chásanna atá luaite sa Bhille seachas fiosrú agus is údar imní é sin sa bhaile agus i gcéin. Dúirt an eagraíocht uar son an chirt, an CAJ [Coiste ar Riar an Chirt] nach raibh bunús ar bith le maíomh an Státrúnaí go gcomhlíonfadh an scéim na dualgais faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; cheilfeadh sé fiosrú ceart, dlíthiúil, neamhspleách ar bhás amhrasach, ar siad. Léirigh an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney imní freisin faoi shárú an Choinbhinsiúin.

Ní fios go fóill cé hiad na daoine a chuirfear i mbun na hoibre a leagadh síos sa bhille cibé uair a chuirfear ar bhonn reachtúil é. Tá imní léirithe faoi cé chomh neamhspleách is a bheadh an córas. Is cosúil go mbeidh an focal scoir ag an Státrúnaí faoi chuid mhór den obair, fiú faoi stair na dTrioblóidí a choimisiúnódh sé. Tá roinnt staraithe ag rá leis breith ar a chiall; cén duine gairmiúil a bheadh toilteanach é sin a dhéanamh?

Seans gurb é údarás Brandon Lewis (nó comharba) mar ard-eagarthóir staire an chuid is lú den chonspóid a tharraingeoidh an plean ciotach seo. Éagóir arís eile ar íobartaigh is ea é agus dúshlán mór a bheidh ann bodhaire Uí Laoire rialtas na Breataine a shárú.

Fág freagra ar 'Plean nach bhfóirfidh d’éinne ach na ciontóirí'