Tá tugtha le fios ag an Aire Oideachais go bhfuil sé fós i gceist ag an Rialtas polasaí cuimsitheach a thabhairt isteach d’fhoghlaim agus do theagasc na Gaeilge sa chóras oideachais.
Dúirt an tAire Norma Foley le déanaí go raibh a Roinn ag tabhairt faoi obair a bheadh ina cuid thábhachtach de chomhlíonadh an ghealltanais a tugadh sa Chlár Rialtais in 2020 – “beartas cuimsitheach a sholáthar don Ghaeilge ó oideachas réamhscoile go hoideachas múinteoirí do gach scoil”.
Tá a leithéid de pholasaí á éileamh ag Conradh na Gaeilge ach sheachain an tAire Foley aon tagairt a dhéanamh dó le fada nuair a ceistíodh í faoin ábhar.
Go dtí le déanaí thagraíodh an tAire don pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá á fhorbairt ag a Roinn aon uair a gcuirtí ceist uirthi maidir leis an bpolasaí ‘cuimsitheach’ atá luaite sa chlár rialtais.
Ba é urlabhraí oideachais Shinn Féin, an Teachta Dála Donnchadh Ó Laoghaire, an duine is deireanaí a phléigh an cheist leis an Aire Foley.
Ina freagra, dúirt an tAire go raibh an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus polasaí eile do scoileanna Gaeltachta atá i bhfeidhm ó 2017 “ina gcéimeanna tábhachtacha i dtreo chomhlíonadh an ghealltanais sa Chlár Rialtais”.
Dúirt an tAire Foley freisin go gcuirfeadh na forbairtí atá déanta ar shiollabas Gaeilge na Sraithe Sóisearaí agus an obair atá á déanamh faoi láthair ar shiollabas na hArdteiste, athruithe a bhfuil an-chuid conspóide ag baint leo, le forbairt an pholasaí chuimsithigh don Ghaeilge chomh maith.
Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur maith an rud go bhfuil polasaithe ann nó á bhforbairt don oideachais lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, ach go gcaithfear an gealltanas sa chlár rialtais a chomhlíonadh chomh maith.
“Sin ráite,” a deir sé, “is é an Rialtas deireanach a chuir an polasaí don oideachas Gaeltachta le chéile agus a gheall an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an tagairt sa Chlár Rialtais do pholasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ag éirí as gealltanas a thug Fianna Fáil agus Comhaontas Glas san olltoghchán in 2020 sula raibh an dá pháirtí sa Rialtas. Táimid ag súil go mbeidh an tAire Oideachais sásta gníomhú ar an ngealltanas sin óna páirtí, sin an gealltanas atá luaite sa Chlár Rialtais.”
Deir de Spáinn go bhfuil Conradh na Gaeilge ag forbairt plean chun tacú leis an Roinn Oideachais dul chun cinn a dhéanamh maidir le polasaí iomlán don Ghaeilge sa chóras oideachais, “ós rud é nach bhfuil gníomh déanta acu faoi ó thosaigh an Rialtas nua”.
Fág freagra ar 'Plean fós ag an Rialtas polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais a thabhairt isteach'