Plean do mhórdhíospóireacht olltoghcháin ar TG4 caite i dtraipisí

Tá sé i gceist anois ag an stáisiún sraith agallamh a chraoladh in áit an chláir díospóireachta. Cuireadh an plean don chlár díospóireachta ó mhaith mar nach raibh dóthain Gaeilge ag beirt de na ceannairí chun páirt a ghlacadh ann

tg4-leaders-debate

Ní bheidh aon mhórdhíospóireacht olltoghcháin ar TG4 toisc nár éirigh le lucht an stáisiúin teacht ar mhúnla don chlár a shásódh na mórpháirtithe ar fad.

Bhí súil ag lucht TG4 macasamhail Díospóireacht na gCeannairí, a craoladh le linn olltoghcháin 2011, a chraoladh an tseachtain seo, ach tuairiscítear gur cuireadh an plean sin ó mhaith mar nach raibh dóthain Gaeilge ag beirt de na ceannairí chun páirt a ghlacadh ann.

Tá sé i gceist anois ag an stáisiún sraith agallamh a chraoladh in áit an chláir díospóireachta.

Bhí Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin ag iarraidh go rachadh ionadaithe i mbun díospóireachta in áit Joan Burton agus Gerry Adams, ach ní rabhthas sásta leis an gcur chuige sin.

Bhí ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Joan Burton ag iarraidh go ndéanfadh an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin ionadaíocht uirthi sa díospóireacht agus mhol Sinn Féin go ndéanfadh an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh ionadaíocht ar cheannaire an pháirtí sin, Gerry Adams.

Thug Fianna Fáil le fios go mbeadh Micheál Martin sásta páirt a ghlacadh i ndíospóireacht beirte leis an Taoiseach ach nach raibh Fine Gael ná an Taoiseach sásta déanamh amhlaidh. Thug urlabhraí thar ceann an Taoisigh le fios don Irish Times, áfach, nár chuir TG4 a leithéid de mholadh faoi bhráid an pháirtí.

Craolfaidh TG4 sraith agallamh in áit an chláir dísopóireachta. Cuirfear faoi agallamh ionadaithe na bpáirtithe -Kenny, Martin, Ó Dochartaigh agus Ó Ríordáin – ina nduine is ina nduine.

D’éirigh go seoigh le díospóireacht lán-Ghaeilge na gceannairí ar TG4 le linn olltoghchán 2011, ach an uair sin bhí mórán an leibhéal céanna líofachta ag an triúr a bhí rannpháirteach sa chlár díospóireachta– Enda Kenny, Micheál Martin agus Eamonn Gilmore.

Glactar leis gur ócáid stairiúil a bhí sa díospóireacht ar an 16 Feabhra 2011 idir Enda Kenny, Micheál Martin agus Eamonn Gilmore, an chéad uair riamh a craoladh a leithéid de chlár teilifíse i nGaeilge.

Díospóireacht dhátheangach a bhí sa mhórdhíospóireacht teilifíse eile a craoladh ar TG4 i 2011 – Áras 2011. Ba é Michael D. Higgins an t-aon duine de rannpháirtithe an chláir toghcháin sin a raibh an Ghaeilge ar a thoil aige.

Fág freagra ar 'Plean do mhórdhíospóireacht olltoghcháin ar TG4 caite i dtraipisí'

  • Maitiú de Hál

    Nach dtiocfadh le Joe McHugh seasamh isteach ar son a pháirtnéirí comhrialtais?