Plean cúig chéim scaoilte an ghlais foilsithe ag Feidhmeannas Stormont

Tuilleadh saoirse maidir le haclaíocht agus cead dul chuig teach an phobail chun paidreacha a rá ceadaithe sa chéad chéim agus sa chéim dheiridh a cheadófar do thithe ósta agus bialanna oscailt arís

Plean cúig chéim scaoilte an ghlais foilsithe ag Feidhmeannas Stormont

Tá plean cúig chéim foilsithe ag Feidhmeannas Stormont chun na srianta a cuireadh i bhfeidhm le déileáil le Covid-19 a mhaolú.

Athruithe ar na rialacha maidir le haclaíocht a dhéanamh agus cead dul chuig teach an phobail chun paidreacha pearsanta a rá a cheadófar sa gcéad chéim agus sa chéim dheiridh a cheadófar do thithe ósta agus bialanna oscailt arís.

Níl aon chlár ama curtha leis an bplean a léireodh cathain a rachfaí ó chéim amháin go ceann eile, mar atá i bplean an Rialtais ó dheas den teorainn agus i Sasana.

Dúirt an Chéad-Aire Arlene Foster gur ag brath ar an dul chun cinn a dhéanfaí ó thaobh scaipeadh an ghalair a laghdú a thabharfaí faoin gcéad chéim eile.

“Níl an cur chuige seo againne greanta i gcloch agus más féidir linn rudaí a dhéanamh níos fearr nó ar bhealach eile, sin a dhéanfaimid,” a dúirt sí.

“Ní bheidh aon chlár ama ina mháistir orainn agus tá a fhios againn go gcuirfidh sé sin díomá ar dhaoine áirithe – ach níl freagra gach ceiste le fáil inár bplean. Is amhlaidh a léiríonn sé do dhaoine an chaoi a bhféadfadh cúrsaí dul sna seachtainí agus na míonna seo amach romhainn.”

Beidh an scoitheadh sóisialta agus bearta cosanta sláinte eile i bhfeidhm ag gach ceann de na cúig chéim:

Céim 1

  • Beidh cead ag siopaí móra atá lasmuigh oscailt (ie ionaid gharraíodóireachta)
  • Moltar do dhaoine nach bhfuil in ann oibriú ón mbaile filleadh ar an ionad oibre.
  • Féadfaidh grúpaí daoine idir 4-6  nach as an teaghlach céanna iad bualadh le cheile lasmuigh ach cloí leis an scoitheadh sóisialta.
  • Beidh cead freastal ar sheirbhísí eaglasta  tiomáin isteach agus séipéil a athoscailt do phaidreacha príobháideacha.
  • Osclófar spásanna poiblí  lasmuigh agus áiseanna spóirt poiblí agus féadfar dul ag siúl, ag rith agus ag rothaíocht.
  • Beidh cead roinnt spórt uisce a dhéanamh chomh maith le galf agus leadóg.
  • Beidh cead dul chuig  pictiúrlann tiomáin isteach.

Céim 2

  • Beidh cead ag siopaí nach siopaí bia iad oscailt chomh fada agus go gcoinnítear srian ar an líon daoine a bheidh iontu agus go gcuirfear an scoitheadh fisiciúil i bhfeidhm.
  • Cuirfear tús le hobair san ionad oibre de réir a chéile.
  • Féadfaidh grúpaí ina mbeidh suas le 10 iontu bualadh le chéile lasmuigh.
  • Beidh cead ag foirne spóirt tosú ag traenáil arís ach gan teagmháil le haon duine eile.

Céim 3

  • Ceadófar do bhuíonta suas go 30 duine teacht le chéile
  • Athosclófar músaeim, dánlanna, leabharlanna agus féadfar tosú ar chleachtaí do cheolchoirmeacha agus d’imeachtaí amharclannaíochta
  • Cuirfidh scoileanna leis an soláthar a dhéanann siad ar roinnt daltaí a bhfuil ardtosaíocht acu ar bhonn páirt-aimseartha agus beidh foghlaim ar líne agus sa scoil i gceist

Céim 4

  • Cead ar ais ar scoil ag gach dalta ar bhonn páirt-aimseartha
  • Réimse níos leithne cruinnithe ceadaithe, ag áireamh seirbhísí eaglasta
  • Cead oscailte ag gruagairí, ionaid aclaíochta, ionaid fóillíochta agus siopaí tatú
  • Tús leis an spórt iomaíoch ach gan lucht leanúna i láthair ar chor ar bith, nó le srian ar líon na ndaoine sa slua
  • Ceolchoirmeacha taobh amuigh ceadaithe ar bhonn teoranta

Céim 5

  • Bialanna, caiféanna, tithe tábhairne oscailte, ar bhonn teoranta i dtosach
  • Scoileanna oscailte go lánaimseartha
  • Cead ag cách filleadh ar an obair ach an obair ón mbaile fós molta más féidir
  • Tús le spóirt a mbíonn gartheagmháil i gceist, amhail an rugbaí
  • Cead ag lucht féachana freastal ar ócáidí ar bhonn teoranta
  • Clubanna oíche oscailte agus ceolchoirmeacha ar siúl arís ar bhonn teoranta

Fág freagra ar 'Plean cúig chéim scaoilte an ghlais foilsithe ag Feidhmeannas Stormont'