Plean ar bith ann nuachtán clóite Gaeilge a thabhairt ar ais – Chambers

D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, den Aire Stáit Jack Chambers sa Dáil an raibh sé i gceist aige nuachtán clóite a bhunú athuair agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na meáin nuachta

Plean ar bith ann nuachtán clóite Gaeilge a thabhairt ar ais – Chambers

Níl aon phlean ann nuachtán clóite Gaeilge a thabhairt ar ais, a deir Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers.

Dúirt sé, áfach, go mbeadh go leor deiseanna in earnáil na meán Gaeilge amach anseo de thoradh leasuithe reachtaíochta faoi fhógraí i nGaeilge.

Dúirt Jack Chambers sa Dáil go raibh taighde agus próisis chomhairliúcháin déanta ag Foras na Gaeilge faoin ábhar le tamall de bhlianta anuas, agus gur léirigh an taighde sin gur ar líne amháin ba chóir an tseirbhís nuachta a ndéanann an eagraíocht maoiniú uirthi a bheith.

Stopadh an maoiniú do pháipéar nuachta clóite i nGaeilge nuair a tháinig deireadh leis an nuachtán Gaelscéal in 2013.

Shocraigh Foras na Gaeilge an uair sin gur ar líne amháin a bheadh nuachtán na Gaeilge feasta agus ag Tuairisc.ie atá an conradh an tseirbhís sin a chur ar fáil ó 2014 i leith.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ag freagairt ceist sa Dáil inné faoi bhreis tacaíochta do na meáin Ghaeilge. D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, den Aire Stáit an raibh sé i gceist aige nuachtán clóite a bhunú athuair agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na meáin nuachta atá ann cheana féin.

Dúirt Jack Chambers nach raibh sé i gceist nuachtán clóite a bhunú ach go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar na meáin Ghaeilge feasta. Dúirt Chambers go bhfágfadh an leasú sin ar an acht teanga go mbeadh “deiseanna gnó tráchtála d’irisí nua” amach anseo.

“Sílim go bhfuil poitéinseal sa chur chuige nua seo borradh a chur faoin earnáil sna blianta amach romhainn, rud a chruthóidh spéis agus deiseanna nua san earnáil i measc iriseoirí, scríbhneoirí agus fiontraithe a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta.

Ach dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go raibh gá le hinfheistíocht dhíreach stáit láithreach chun nuachtán clóite a bhunú. Ba ghá, a dúirt sé, tacaíocht bhreise a thabhairt d’iriseoirí Gaeilge atá ag saothrú sna foilseacháin Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Plean ar bith ann nuachtán clóite Gaeilge a thabhairt ar ais – Chambers'