Plé á dhéanamh faoi lárionad nua do Gharda Cósta Chonamara a lonnú ar aerstráice

Tá sé beartaithe úsáid nua a bhaint as cuid d’aerstráice an Chloiginn, aerstráice atá gan úsáid le deich mbliana

Plé á dhéanamh faoi lárionad nua do Gharda Cósta Chonamara a lonnú ar aerstráice

Tá sé deimhnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil iarrtha aige ar oifigigh de chuid a Roinne bualadh le hoifigigh ón Roinn Iompair le plé a dhéanamh maidir le Garda Cósta Iarthar Chonamara a lonnú ar aerstráice Chluain Leacht an Aba ar an gCloigeann.

Tá an t-aerstráice ansin díomhaoin ó éiríodh as an obair forbartha a bhí á déanamh air sa bhliain 2009. Bhí sé i gceist go n-úsáidfí é le seirbhís aeir a sholáthar go hInis Bó Finne ach cuireadh deireadh leis an bplean sin nuair a tharla an ghéarchéim eacnamaíochta.

Caitheadh suas le €10 milliún ar fhorbairt an dá aerstráice sa Chloigeann agus ar Inis Bó Finne ach ní raibh aon cheann de na foirgnimh a bheadh riachtanach le seirbhís aeir a chur ar fáil tógtha nuair a rinneadh cinneadh éirí as an bplean ar fad.

Dúirt Kyne, mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív, go raibh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i dteagmháil lena Roinn i mí na Bealtaine na bliana seo faoi “suímh ag an aerstráice” a aistriú chucu ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Cheistigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil cúis na moille le cinneadh na Roinne Gaeltachta faoin gcás.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil cruinniú beartaithe idir oifigigh ón dá roinn.

Thug an t-iarAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh le fios don Dáil sa bhliain 2014 go raibh cinneadh déanta na haerstráicí a dhíol ach níor tharla sin.

Dúirt an tAire Stáit Kyne in agallamh leis an nuachtán The Irish Examiner go raibh súil go bhféadfaí ceadúnas a fháil aerstráice an Chloiginn a úsáid d’eitiltí príobháideacha ach go raibh deacracht leis an gcead pleanála a bhí tugtha don tionscnamh. Fágann coinníoll a cuireadh leis an gcead pleanála nach gceadaítear an t-aerstráice a úsáid ach d’eitiltí a bhfuil Dualgas Seirbhíse Poiblí (PSO) i gceist leo.

I dtuarascáil a d’ullmhaigh Ollscoil Cranfield sa Bhreatain i lár na 1990idí a moladh ar dtús gur cheart go mbeadh seirbhís aeir ar fáil d’Inis Bó Finne.

Faoin am go raibh an dá rúidbhealach tarmac tógtha sa Chloigeann agus in Inis Bó Finne, bhí buiséad na Roinne don chineál sin oibre tite ó na déaga de mhilliúin sa mbliain go dtí €600,000 sa mbliain.

Tá táille bhliantúil á híoc leis an gcomhlacht Bainistíocht Aerfort Teoranta (BAT) le maoirsiú a dhéanamh ar an aerstráice ar an gCloigeann agus ar na haerfoirt ar thrí oileán Árann.

Fág freagra ar 'Plé á dhéanamh faoi lárionad nua do Gharda Cósta Chonamara a lonnú ar aerstráice'

  • John Dunphy

    Sin suimiúil. Tar éis ghéar- scrúdú a dhéanamh ar an gcóras pleanála “online” ar suíomh Comhairle Chontae na Gailimhe, ní raibh mé in ann aon coinníolacha a fheiceáil ag baint leis an PSO. Tá sé (6) iarratais pleanála ag baint leis an aerstráice sa Chloigeann.
    Ni bheadh sé ciallmhar coinníolacha den saghas sin a chur isteach pé scéal é mar bhraitheann na h-áiteanna seo ar Eitlíocht Ginearálta -na h-eitleáin beaga príobháideacha a thagann isteach nuair atá an aimsir oiriúnach dóibh. Bhí an chomhlacht a raibh conradh acu don PSO “wound-up” i 2011.