Pianbhreith ar fionraí gearrtha ar iománaí Luimnigh as eachtra a tharla in 2019

Fuarthas Kyle Hayes, a bhfuil cúig cinn de bhoinn uile-Éireann buaite aige le Luimneach, ciontach i mí na Nollag in dhá chúiseamh mí-ord foréigneach

Pianbhreith ar fionraí gearrtha ar iománaí Luimnigh as eachtra a tharla in 2019

Tá pianbhreith dhá bhliain ar fionraí gearrtha ar an iománaí Kyle Hayes as eachtra a tharla i Luimneach in 2019.

Fuarthas Hayes, a bhfuil cúig cinn de bhoinn uile-Éireann buaite aige le Luimneach, ciontach i mí na Nollag in dhá chúiseamh mí-ord foréigneach i ndiaidh dó tabhairt faoi Chillian McCarthy laistigh agus lasmuigh de chlub oíche sa chathair cúig bliana go leith ó shin.

Gearradh pianbhreith 18 mí i gcúiseamh mí-ord foréigneach de thoradh eachtra a tharla laistigh den chlub oíche Icon ar an 28 Deireadh Fómhair 2019 agus gearradh pianbhreith dhá bhliain eile ar Hayes i gcúiseamh mí-ord foréigneach de thoradh eachtra a tharla ar Shráid na Danmhairge lasmuigh den chlub an oíche chéanna.

Cuireadh an dá phianbhreith ar fionraí agus beidh na pianbhreitheanna i gcomhthráth.

Tugadh ordú do Hayes chomh maith €10,000 a íoc le Cillian McCarthy mar chúiteamh as na gortuithe a bhain dó agus i leith caillteanas ioncaim de thoradh na ngortuithe.

I gCúirt Chuarda Choiriúil Luimnigh ar maidin, dúirt an Breitheamh Dermot Sheehan gurbh é Hayes ba mhó a bhí taobh thiar de na heachtraí a tharla an oíche sin ach nach raibh aon bhuntáiste ann don tsochaí téarma príosúnachta a ghearradh ar an iománaí.

Dúradh ag an triail i mí na Nollag seo caite gur thug Hayes faoi McCarthy sa chlub oíche tar éis do McCarthy labhairt le beirt a raibh aithne ag Hayes orthu agus gur caitheadh doirne le McCarthy.

Tugadh faoi McCarthy arís lasmuigh den chlub oíche ina dhiaidh sin agus thug beirt Ghardaí fianaise go bhfaca siad Hayes ag dornáil fir agus é ar an talamh.

Chualathas gur briseadh logall súile McCarthy san eachtra agus go gcuireann na gortuithe as dó go fóill.

Phléadáil Hayes neamhchiontach as ionsaí a dhéanamh ar McCarthy agus as an dá chúiseamh mí-ord foréigneach.

Fág freagra ar 'Pianbhreith ar fionraí gearrtha ar iománaí Luimnigh as eachtra a tharla in 2019'