Phríomhfheidhmeannach nua ceaptha ar Ghael Linn

Tagann Réamonn Ó Ciaráin i gcomharbacht ar Antoine Ó Coileáin atá ag dul ar scor tar éis 20 bliain

Phríomhfheidhmeannach nua ceaptha ar Ghael Linn

Tá Réamonn Ó Ciaráin ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Gael Linn.

Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Antoine Ó Coileáin atá ag dul ar scor tar éis 20 bliain.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Réamonn Ó Ciaráin, atá ag obair le Gael Linn ó 1993, gur údar mór áthais dó a cheapachán.

“Mothaím go hiontach faoin deis iontach atá agam anois a bheith i gceannas ar eagraíocht náisiúnta atá chun tosaigh ag cur na Gaeilge i lár an aonaigh ar fud an oileáin le beagnach 70 bliain.

“Bíonn dúshláin i gcónaí maidir le hathneartú teanga anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne ach tá tacaíocht leathan don Ghaeilge thuaidh agus theas agus tá orainn tógáil ar an tacaíocht sin.”

Dúirt Ó Ciaráin, a bhí ina bhainisteoir agus ina Stiúrthóir Oideachais leis an eagraíocht roimhe seo, gur gá “níos mó deiseanna” a chur ar fáil do dhaoine an Ghaeilge a labhairt “taobh amuigh den seomra ranga”.

Dúirt sé gur mhaith leis tógáil ar an “obair mhaith” atá déanta go dtí seo ag foireann “an-chumasach” Gael Linn.

An dúshlán is mó atá ann maidir le cur chun cinn na Gaeilge, a dúirt sé, ná a chinntiú go mbíonn “an toil agus an tacaíocht” atá riachtanach ar fáil uathu siúd atá i mbun na bpolasaithe stáit.

Dúirt Pádhraic O Ciardha, Cathaoirleach Ghael Linn gur “cúis áthais” don Bhord é Réamonn Ó Ciaráin a bheith ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach nua ar an eagraíocht.

‘Tréaslaím a cheapachán le Réamonn,” arsa Pádhraic Ó Ciardha.

“Rachaidh a chuid tuisceana agus taithí go mór chun tairbhe dósan agus dúinne agus é ag tabhairt feidhm do pholasaithe forásacha Ghael Linn sna blianta atá le teacht.

“Tá bróga móra le líonadh aige agus is cinnte go bhfuil an cumas agus an tiomantas aige chuige.”

Rugadh agus tógadh Réamonn Ó Ciaráin gCrois Mhic Lionnáin I gcontae Ard Mhacha.

Bhain sé amach bunchéim san Oideachas agus sa Léann Ceilteach i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Chomh maith leis sin tá céim mháistreachta sa Léann Éireannach ó Ollscoil na Banriona, aige agus céim aige sa Bhainisteoireacht Chultúrtha ó Ollscoil Uladh.

Tá trí leabhar faoi Chúchulainn curtha amach aige. Cathaoirleach é ar Aonach Mhacha, an chultúrlann úr i gCathair Ard Mhacha. Tá baint mhór aige le CLG agus tá sé ina chathaoirleach ar an Iontaobhas Ultach.

Ball de Bhord Choláiste Chaitríona. Ard Mhacha é agus iar-chathaoirleach é ar An tUltach, iris Chomhaltas Uladh. Tá sé pósta ar Dolores agus tá beirt clainne orthu, Alana agus Caoilte.

Fág freagra ar 'Phríomhfheidhmeannach nua ceaptha ar Ghael Linn'