Príomhfheidhmeannach nua á lorg ag Gael Linn agus Antoine Ó Coileáin ag dul ar scor tar éis 20 bliain

Tá an folúntas do chomharba Antoine Uí Choileáin fógartha ag Gael Linn

Príomhfheidhmeannach nua á lorg ag Gael Linn agus Antoine Ó Coileáin ag dul ar scor tar éis 20 bliain

Antoine Ó Coileáin. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá sé fógartha go bhfuil Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin le dul ar scor tar éis 20 bliain a chaitheamh ag obair leis an eagraíocht.

Fágfaidh Ó Coileáin a phost nuair a bheidh deireadh lena chonradh reatha ag deireadh mhí na Bealtaine.

“Ba phribhléid dom bheith im’ Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a bhfuil an oiread tionchair aici ar shaol cultúrtha na hÉireann,” a deir Ó Coileáin agus é á fhógairt aige go bhfuil sé le dul ar scor.

“Bhain mé pléisiúr as saibhreas agus ilghnéitheacht mo chuid oibre agus is ábhar sásaimh dom caighdeán ár gcuid tograí iomadúla. Tá mé faoi chomaoin mhór ag na boird stiúrtha agus na baill foirne a bhí ina gcrann taca agam i gcaitheamh mo thréimhse.

“Anois agus Gael Linn ag druidim le cloch mhíle 70 bliain a bhunaithe, is cúis bhróid dom an ról a d’imir mé ina éabhlóid agus guím toradh céadach air sa todhchaí.”

Ceapadh Ó Coileáin, arb as Béal an Átha i gcontae Mhaigh Eo ó dhúchas dó, ina Phríomhfheidhmeannach ar Ghael Linn in 2002. Bhí breis is 20 bliain caite aige roimhe sin ag obair le Bord na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Ghabh Cathaoirleach Ghael Linn, Pádhraic Ó Ciardha, buíochas leis an gCoileánach as an obair a bhí déanta aige don eagraíocht le scór bliain anuas.

“Thar ceann an uile dhuine anseo, gabhaim buíochas ó chroí le Antoine as a thiomantas agus as a sheirbhís stuama, dhúthrachtach le fiche bliain anuas mar Phríomhfheidhmeannach.

“Bhí ról lárnach aige i gclaochlú an eagrais. Fágfaidh sé mar oidhreacht againn agus an fuinneamh a léirigh sé ag cur na Gaeilge agus an cultúr chun cinn. Is iad sin tréithe bunaithe Ghael Linn agus misean leanúnach an eagrais le seachtó bliain. Is teist ar a chumas agus ar a fheidhmíocht iad na torthaí iontacha atá á mbaint amach faoi chúinsí dúshlánacha na linne seo.

“Guímid fad saoil, sonas agus sláinte air féin, ar a bhean, Mairéad agus a dteaghlach agus iad ag tabhairt aghaidh ar chaibidil nua ina saol.”

Deirtear go mbeidh sé de dhualgas ar an bPríomhfheidhmeannach nua straitéis fhadtéarmach an eagrais a fhorbairt agus a fheidhmiú, chomh maith le díriú ar thionscnaimh agus ar tháirgí nua chun freastal ar an bpobal.

Beidh an Príomhfheidhmeannach freagrach freisin as imeachtaí uile na heagraíochta a threorú agus a bhainistiú. Is cuid thábhachtach dá ról, a deirtear, ceannródaíocht a léiriú maidir le cúrsaí teanga agus comhoibriú le heagrais eile.

Beidh an té a cheapfar lonnaithe in ardoifig an eagrais i mBaile Átha Cliath.

Tá go dtí an 4 Márta ag daoine le cur isteach ar an bpost.

Beidh an fógra earcaíochta ar fáil amárach ar www.gael-linn.ie

Fág freagra ar 'Príomhfheidhmeannach nua á lorg ag Gael Linn agus Antoine Ó Coileáin ag dul ar scor tar éis 20 bliain'