Peadar Ó Croimín, an chéad Uachtarán tuata ar Choláiste Mhuire gan Smál, imithe ar shlí na fírinne

Ciarraíoch ó dhúchas, bhí an tOllamh Peadar Ó Croimín ina Uachtarán ar Choláiste Mhuire gan Smál ó 1999 go dtí gur éirigh sé as i 2011

Peadar Cremin

Tá an an tOllamh Peadar Ó Croimín, scoláire agus Iar-Uachtarán ar Choláiste Mhuire gan Smál i Luimneach, imithe ar shlí na fírinne tar éis tinneas gairid.

Ciarraíoch ó dhúchas, bhí an tOllamh Peadar Ó Croimín ina Uachtarán ar Choláiste Mhuire gan Smál ó 1999 go dtí gur éirigh sé as i 2011.

Ba é an chéad Uachtarán tuata ar an gColáiste inar thosaigh sé ag teagasc ann mar léachtóir i Roinn an Oideachais ann i 1976. Bhí sé mar cheann na Roinne sin ó 1994 go dtí 1998.

Tháinig forbairt mhór ar an gColáiste le linn na tréimhse a thug Ó Croimín mar Uachtarán ann, tréimhse inar cuireadh go mór le líon na mac léinn a bhí ag freastal ar an gcoláiste agus ar an gcampas féin.

Bhí aithne mhór ar an Uasal Ó Croimín i saol na Gaeilge agus bhíodh sé le cloisteáil go minic ar na meáin Ghaeilge, go háirithe ar Raidió na Gaeltachta.

Maireann a bhean chéile Áine, a iníonacha Siobhán, Ciara, Sorcha agus Clíodhna, a dheartháir agus a dheirfiúracha.

Fág freagra ar 'Peadar Ó Croimín, an chéad Uachtarán tuata ar Choláiste Mhuire gan Smál, imithe ar shlí na fírinne'