PAUL ROUSE: Cad a dhéanfaimid feasta gan Seó Spóirt, an clár spóirt is fearr ar an teilifís?

Beidh an t-eagrán deiridh de Seó Spóirt á chraoladh an Aoine seo ar TG4. Murab ionann agus na ‘Punch and Judy Shows’ a chuirtear ar fáil dúinn in áiteanna eile, bhí doimhneacht sna hargóintí a chloisfeá ar Seó Spóirt

PAUL ROUSE: Cad a dhéanfaimid feasta gan Seó Spóirt, an clár spóirt is fearr ar an teilifís?

Uaireanta, tarlaíonn rudaí a mbíonn sé deacair iad a thuiscint.

Ní gá go mbeadh fíorthábhacht ag baint leis na rudaí sin nó go gcuirfidís cor mór i gcinniúint an duine nó fiú go mbeadh duine i mbaol a bháis dá mbarr.

Ach, ag an am céanna, athraíonn na rudaí seo saol an phobail giota beag.

Gach Aoine – gan teip – bhí clár uair an chloig ar TG4 againn a bhí dírithe ar lucht spóirt na hÉireann – Seó Spóirt. Ón Aoine seo amach ní bheidh a leithéid againn. Athróidh an méid sin an saol beagáinín.

Ba bhreá an rud i gcónaí é an ceol aitheantais sin (‘Paper Thin Walls’ ó Modest Mouse) a chloisteáil – bhí a fhios agat go raibh díospóireacht shuimiúil romhat.

Rinne Dara Ó Cinnéide sárobair an díospóireacht sin a stiúradh ar feadh 11 bliain.

Gan eisceacht ar bith, nach mór, chuirfeadh an plé ar an gclár ábhar machnaimh ar fáil dúinn.

Cén fáth ar éirigh chomh maith sin le Seó Spóirt TG4? 

An chéad chúis ná gur roghnaigh siad mar aíonna saineolaithe stuama, éirimiúla. De ghnáth, ní ar mhaithe leis an gconspóid a bhí na saineolaithe sin. Bhí loighic agus grinneas ina gcuid tuairimí.

I gcomparáid leis na ‘Punch and Judy Shows’ a chuirtear ar fáil dúinn in áiteanna eile, bhí doimhneacht sna hargóintí a chloisfeá ar Seó Spóirt.

Agus má bhí easaontas uaireanta sa díospóireacht, léirigh na haíonna meas ar a chéile i gcónaí freisin.

Ní hin le rá go raibh an plé leadránach. A mhalairt a bhí fíor. Ba mhaith an rud é nach mbíodh siad ag screadaíl ar a chéile.

An dara fáth gur éirigh leis an gclár ná go raibh dóthain ama ann i gcónaí do níos mó ná comhrá éadrom.

Agus an tríú cúis ná na míreanna le Gemma Ní Chionnaith. Tá mná iontacha i measc chraoltóirí spóirt na hÉireann anois, ach níl aon duine díobh siúd inchurtha le Ní Chionnaith.

Bhí sé soiléir – ar leibhéal amháin – nach raibh buiséad mór acu ar Seó Spóirt agus go raibh orthu fuineadh de réir na mine agus iad ag cloí leis an mbuiséad sin.

Ach chuir siad clár spóirt amach a bhí níos fearr ná aon cheann eile ar an teilifís. Ní éireodh leo é sin a dhéanamh gan foireann láidir a bheith acu. Is annamh a thugtar an t-aitheantas cuí do thaighdeoirí agus do chriúnna ceamara agus do na daoine eile a oibríonn go crua i stiúideonna teilifíse.

Tá an t-aitheantas sin tuillte ag foireann Seó Spóirt ar fad.

Is mór an trua nach mbeidh torthaí a gcomhghuaillíochta le feiceáil arís ar Seó Spóirt  .

– Is léachtóir le stair i UCD é Paul Rouse agus is é údar an leabhair, Sport and Ireland: A History

Fág freagra ar 'PAUL ROUSE: Cad a dhéanfaimid feasta gan Seó Spóirt, an clár spóirt is fearr ar an teilifís?'

  • Jamie Ó Tuama

    + 1
    Míle buíochas le chuile dhuine a raibh baint acu leis an seó iontach spóirt seo a chur inár láthair – an seó spóirt is fearr ar an teilifís.

  • Mairéad Ni Oistin

    Aireoidh muid uainn Seó Spóirt. Éacht déanta acu agus buíochas tuilte ag gach duine a raibh baint acu leis.

  • Cluain Sceach

    Ta an ceart ar fad ag Paul Rouse.