Pat Kennedy, an bád bán agus aistear na n-imirceach

Agus muidne ag ceiliúradh Lá ‘le Pádraig i mbliana, ní haon drochmholadh é smaoineamh ar na hinimircigh ar fad a tháinig chugainn

Pat Kennedy, an bád bán agus aistear na n-imirceach

Cothrom an ama seo, i dtús mhí an Mhárta, 1938, tháinig Meiriceánach i dtír i Sasana, tar éis turas loinge ó Nua-Eabhrac. Cuireadh na múrtha fáilte roimhe – nuachtáin agus irisí ag sárú ar a chéile ag scríobh faoin gcuairteoir cáiliúil. 

Ba é Joe Kennedy, Ambasadóir nua na Stát Aontaithe chun na Breataine – nó ‘Cúirt San Séamais’ lena ainm oifigiúil a thabhairt dó – a bhí ann. Scríobhadh tuairiscí faoi Joe féin, faoina chlann – naonúr páistí a bhí aige féin agus a bhean Rose – faoina shaibhreas agus faoina stádas mar Ghael-Mheiriceánach, i ngach nuachtán.

Ní raibh aon amhras ann ach gurb é Joe Kennedy ‘celebrity’ mór na linne.

Naoi mbliana tar éis titim thubaisteach an stocmhargaidh i 1929 agus an lag trá eacnamaíochta uafásach a tháinig sna sála uirthi, bhí Joe Kennedy ar dhuine de na daoine ba shaibhre sna Stáit Aontaithe.

I 1938, ní raibh ach 90 bliain caite ó chuaigh duine eile de shliocht Kennedy ar thuras loinge trasna an Atlantaigh. Bhí Patrick Kennedy as Loch Garman, beo bocht in 1848 nuair a d’fhág sé Baile Uí Dhongáin de shiúl na gcos, le dul ar bord loinge go Learpholl agus as sin go Meiriceá.

Níl aon fhianaise ann go raibh a mhuintir buailte ag an nGorta ach toisc gurb é an tríú mac é, ba bheag seans a bhí aige greim a fháil ar an ngabháltas beag. D’éirigh leis teacht slán ón turas crua agus fuair sé obair mar chúipéir i mBoston.

Ba ghearr go raibh sé ag cur laethanta fada oibre isteach – 12 uair sa lá, seacht lá na seachtaine. Phós sé bean as Loch Garman agus bhí ceathrar páistí acu. Ansin, deich mbliana tar éis teacht i dtír i mBoston, agus gan ach 35 bliain slánaithe aige, fuair Pat bás. Ba é an duine deireanach de shliocht Kennedy é a fuair bás go ciúin, gan aitheantas.

Bhí mé ag smaoineamh ar Pat Kennedy, fear nach bhfuil an t-uafás eolais eile ina thaobh, an tseachtain seo.

D’fhógair an Rialtas go mbeadh leasuithe ag teacht i bhfeidhm i gcóras an tSoláthair Dhírigh, na hionaid ina gcoinnítear teifigh agus eachtrannaigh atá ag iarraidh dídine.

In imeacht 20 bliain ó thosaigh inimirceoirí ag teacht go hÉirinn ag lorg dídine, is beag dul chun cinn atá déanta againn leo seachas lóistín a chur ar fáil agus iad a ‘choinneáil’, go minic ar feadh na mblianta, gan dóchas.

Chonaic muid samplaí le blianta de theifigh óga ag déanamh dul chun cinn san oideachas agus ansin ag stopadh go tobann, ceal deiseanna dul ar aghaidh. 

Ní hin le rá go raibh bealach réidh ag na Kennedys i mBoston sna blianta siar. Ach is díol suime é ina dhiaidh sin féin nach raibh ach aon ghlúin amháin – Patrick Kennedy eile (‘PJ’) – idir an t-inimirceach bocht as Loch Garman agus Joe, a chuaigh anonn go Londain mar dhuine de na daoine ba shaibhre i Meiriceá.

Tá mé ag léamh beathaisnéise nua faoi Jack Fitzgerald Kennedy, JFK a tháinig amach tamall gairid ó shin, leis an staraí clúiteach Frederik Logevall. Agus mé á léamh, de réir a chéile ba mhó suim a bhí mé á chur ina athair, Joe Kennedy.

Rinne a athair siúd PJ go maith as tithe tábhairne agus fearacht go leor Éireannach, chreid  sé san oideachas agus rinne PJ agus a bhean chuile iarracht oideachas maith a chur ar an mac, Joe.

Bhí na hÉireannaigh ag plódú isteach sa gcathair ag an am agus Caitlicigh a bhí iontu ar ndóigh. Ní raibh sé éasca ag Caitlicigh an t-am sin aon dul chun cinn a dhéanamh sna scoileanna agus sna hollscoileanna ardnósacha – Princeton, Yale agus Harvard.

Ach in ainneoin na ndeacrachtaí, le cabhair bunoideachas maith agus scileanna maithe spóirt, d’éirigh le Joe áit a bhaint amach in Ollscoil Harvard. Bhí sé uaillmhianach agus chonaic sé go bhféadfadh sé an-dul chun cinn a dhéanamh i saol na baincéireachta. Bhí súil aige ar an bpolaitíocht freisin.

Uaidh sin, chuaigh sé isteach sa stocmhargadh agus nuair a chonaic sé go raibh an tóin ag dul a’ titim as an margadh, dhíol sé a chuid scaireanna ar fad agus rinne meall mór airgid, tráth a raibh a chuid comhghleacaithe ar fad ag cailleadh gach pingin a bhí acu.

Cúpla bliain sular ceapadh Joe ina Ambasadóir chuig an mBreatain thóg sé turas eile farraige a chuir ag smaoineamh mé ar a sheanathair agus é ag éalú ón mbochtanas in Éirinn.

Sa mbliain 1935, agus Jack 18 bliain d’aois, thug Joe a mhac Jack, a iníon Kathleen agus a bhean Rose ar thuras loinge go Sasana.

Bhí sé ag iarradh go mbeadh oideachas leathan ar Jack, agus fuair sé áit dó san LSE (Scoil Eacnamaíochta Londan). 

Sa leabhar seo JFK déantar cur síos ar an long,  an Normandie, an long ba mhó cáil ar domhan. Rinne an Normandie a céad turas tras-Atlantaigh cúpla mí roimhe sin agus bhain sí Nua-Eabhrac amach in imeacht cheithre lá, trí uair agus 14 nóiméad – luas dochreidte ag an am.

Dúradh go raibh seomra bia ann a bhí ní b’fhaide ná Halla Versailles, na ballaí ar dhath an airgid agus síleáil a raibh dath órga uirthi. Liosta le háireamh na háiseanna a bhí ar an long – dhá linn snámha, amharclann, cúirt leadóige, gairdín geimhridh agus a lán eile. Cuimhnigh gur 1935 a bhí ann.

Nuair a landáil siad i Londain tar éis an turais farraige, chuireadar fúthu in Óstán Claridge. Theastaigh ó Rose, bean chéile Joe, go mbeadh sí gar do na siopaí, i Sráid Bond.

Scéal eile ar fad cé mar a d’éirigh le Joe cúpla bliain ina dhiaidh sin mar Ambasadóir – níorbh aon taidhleoir é ar aon chuma.

Agus é ag ithe béile sna bialanna ardnósacha a bhí ar na longa móra tras-Atlantaigh ag an am, samhlaím go mb’fhéidir gur chaith sé tamaillín ag smaoineamh ar a sheanathair Pat Kennedy.

Agus muide ag ceiliúradh (go ciúin) Lá ‘le Pádraig i mbliana, ní haon drochmholadh é smaoineamh ar na hinimircigh ar fad a tháinig chugainn, cuid díobh a rinne turas ar dhrochbháid chontúirteacha. 

An bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuilimid chun fáilte chroíúil a chur rompu feasta, seans a thabhairt dóibh dul ag obair go dleathach, agus dul chun cinn a dhéanamh sa saol mar a rinne na milliúin Éireannach thall sna Stáit Aontaithe?

Nuair a chuaigh mo sheanathair ar imirce mar chúipéir go Meiriceá, ní raibh seisean ná Pat Kennedy roimhe, ag ceapadh go mbeadh mac ag garmhac cheachtar acu a bheadh ina Uachtarán ar an tír sin. 

Ach in imeacht trí ghlúin, bhí an mhian sin bainte amach ag John Fitzgerald Kennedy.

Fág freagra ar 'Pat Kennedy, an bád bán agus aistear na n-imirceach'

  • Bertie Ó hAinmhire

    Ráite go maith agat, bail ó Dhia ort.

  • Gabriel Rosenstock

    Pictiúr breá de Joe Kennedy. Is breá linn na Gaeil-Mheiriceánaigh ar éirigh go maith leo, nach breá? Laochra!
    An é sin an Joe céanna a ghlac trua don 13 dalta in West Point a dhein séitéireacht sna scrúduithe? West Point, an tAcadamh Míleata a thraenálann daoine óga le bheith ina ndúnmharfóirí gan trócaire ar fud an domhain mhóir? Shocraigh Joe go n-aistreofaí na séitéirí go hOllscoil mhaith Chaitliceach, Ollscoil Notre Dame. Ní hamháin sin, d’íoc sé féin as a gcuid táillí. Laoch!