Pampooties, Cloudanna agus Cótaí Dearga

Déantar plé i gclár faisnéise ar an éadach a bhíodh ar mhuintir Oileáin Árainn agus an siombalachas a ghabhann leis

9719102398_173253c82a_b
Cuid de na daltaí a thriail seanéadaí Árann a chur orthu féin

Thugadh cuairteoirí go dtí Oileáin Árainn an-suntas don éadach a bhíodh ar mhuintir na háite agus an chaoi ar scair an méid sin amach ó dhreamanna eile in Iarthar na hÉireann iad.

Is é is ábhar cainte don chlár faisnéise Pampooties, Cloudanna agus Cótaí Dearga, a chraolfar ar TG4 san oíche amárach ag 9.30pm.

Scrúdaítear sa chlár faisnéise seo, atá mar chuid de shraith Cogar TG4, an siombalachas a bhain le héadach cniotáilte agus bróga lámhdhéanta. Go deimhin, deirtear gurbh ionann a leithéid agus bealach maireachtála a bhí bunaithe ar an gcruthaíocht, an neamhspleáchas agus an dochloíteacht, más fíor do mhuintir na n-oileán féin.

Ní nach ionadh, níl éadach den chineál seo faiseanta sa lá inniu ach tá scata ban ar Inis Oirr – a thugann Comhrá na nAosach orthu féin – ag iarraidh aird a tharraingt ar an stíl éide seo an athuair, agus cuireadh tugtha acu do ghrúpa scoláirí as Coláiste Ghobnatan na héadaí a chaitheamh ar feadh lae.

Sa chlár seo, cloisimid faoi conas a bhraith na scoláirí agus iad ag caitheamh na n-éadaí seo agus, le cúnamh sean-ghrianghraif, roinneann na mná úd a gcuimhní cinn linn ina dtaobh. Dar leo gurb ionann an ghné dhearmadta seo den seansaol agus cuid fhiúntach d’oidhreacht Oileáin Árainn.

I measc na ndaoine a ghlacann páirt sa chlár, tá baill de Chomhrá na nAosach, Clodagh Ní Dhúill ó Mhúsaem Shaol na Tuaithe, an stairí Tom Kenny, an ceoltóir Micheál Ó hAlmhain agus Micheál Ó Donnacha – fear déanta pampootie.