Ar eagrán na seachtaine seo de Phaiste Cainte le Helen Ní Shé san ardchathair atá Helen chun comhrá a dhéanamh le hAingeal Ó Buachalla, Gael agus poblachtánach ó thuaisceart chathair Chorcaí, mar a raibh siopa grósaera ag a muintir.
Tháinig Aingeal Ní Cháinte go dtí an nGráig i gCorca Dhuibhne i ndeireadh na ndaichidí agus í ina cailín óg agus bhí sí faoi dhraíocht ag an ndúthaigh as san amach.
Bhí rian láidir an phoblachtánachais sa teaghlach agus mharaigh fórsaí na Breataine beirt uncailí dá cuid i gCorcaigh i Nollaig na bliana 1920.
D’fhág san a rian uirthi agus ar an gcóras oideachais a roghnaigh a muintir di ina dhiaidh sin.
Tá sí aon bhliain déag is ceithre fichid anois agus í ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath, mar a gcaith sí formhór a saoil lena fear céile, Breandán Ó Buachalla, scoláire, Beannacht Dé leis.
Is mó rud á phléigh Aingeal agus Helen ach a mbuaileadar le chéile le déanaí, óna hóige i gCorcaigh go dtí Corca Dhuibhne, gluaiseacht na naíonraí agus an feachtas le Scoil Dhún Chaoin a choimeád oscailte.
Ach más san ardchathair di le fada, deir Aingeal gurb í cathair Chorcaí an chathair is breátha in Éirinn.
Pat Ó Muircheartaigh
Creideas riamh nach féidir linn ár dTír a athaontú mar tá an iomarca daoine ar an Oileán nach Eireannaigh iad agus creideann siadsan go bhfuil a dTír,sin na Sé Chontae ,sa Ríocht Aontaithe.Chomh maith le sin beidh an iomarca le cailliúint againn,ár bhféiniúlacht san áireamh,an méid atá fágtha faoin dtráth seo.Is cuma le S.F. cad a tharlaínn leis an gcultúr anseo.Mar a dúirt Gerry Adams fadó”tá gach rud ar an mbord”.Seafóid,ráiméis cacamus.