Páirc shúgartha le tógáil in aice le hIonad an Bhlascaoid i ndiaidh comhréiteach a bheith déanta

Thug an OPW an t-eiteach i dtús aimsire do phlean Chomharchumann Dhún Chaoin do pháirc shúgartha ar thalamh Ionad an Bhlascaoid Mhóir, ach thángthas ar comhréiteach inniu

Páirc shúgartha le tógáil in aice le hIonad an Bhlascaoid i ndiaidh comhréiteach a bheith déanta

An tAire Stáit Patrick O’Donovan i nDún Chaoin inniu le hionadaithe ó Chomharchumann Dhún Chaoin, Lisa Nic Gairbheith. Mícheál de Mórdha, Feargal MacAmhlaoibh agus Máire Uí Mhurchú chomh maith leis an gComhairleoir Contae de chuid Fhine Gael, Séamus 'Cosaí' Mac Gearailt agus an Teachta Dála ón bpáirtí céanna, Brendan Griffin. Pictiúr: Don MacMonagle

Tá comharchumann Dhún Chaoin tagtha ar comhthuiscint le haire stáit faoi phlean do pháirc nua shúgartha ar imeall an Atlantaigh sa pharóiste is sia siar san Eoraip.

Thug Oifig na nOibreacha Poiblí an t-eiteach i dtús aimsire do phlean an chomharchumainn Ghaeltachta go dtógfaí páirc shúgartha do mhuintir Dhún Chaoin ar thalamh an OPW ag Ionad an Bhlascaoid Mhóir. Dúradh nach mbeadh a leithéid ag teacht le haidhmeanna an ionaid ó thaobh na hoidhreachta agus na turasóireachta.

Ach d’fhógair Patrick O’Donovan, an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, tráthnóna go raibh sé féin agus an comharchumann Gaeltachta tagtha ar comhthuiscint faoi “shuíomh oiriúnach” do pháirc shúgartha ar thalamh an ionaid.

In aice le carrchlós an ionaid, ar an mbóthar i dtreo na Ceathrúin, atá an suíomh nua a mbeifear ag lorg cead pleanála dó anois.

Tuigtear go bhfuil lucht Chomharchumann Dhún Chaoin “an-sásta” leis an socrú faoin suíomh atá in aice láimhe leis an áit níos giorra don ionad a bhí á mholadh acu féin.

Patrick O’Donovan i mbun cainte ag an gcruinniú le Comharchumann Dhún Chaoin. Pictiúr: Don MacMonagle

Bhí an tAire Stáit Patrick O’Donovan ar cuairt inniu ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, áit a raibh cruinniú aige le Comharchumann Dhún Chaoin.

Thug sé cuairt chomh maith ar an láthair ársa, an Dún Beag, i bhFán i bparóiste Cheann Trá, láthair a bhfuil creimeadh mór déanta uirthi le roinnt blianta anuas.

Bhuail an tAire Stáit le foireann an OPW agus phléigh leo na obair atá ar siúl chun a bhfuil fágtha den Dún Beag a chosaint.

Dúirt an tAire Stáit go raibh “áthas” air teacht ar comhréiteach maidir leis an iarratas ar chlós súgartha.

Is teanga bheo í an Ghaeilge, níos beoga i nDún Chaoin seachas aon áit, agus tá sé tábhachtach go dtabharfadh an chéad ghlúin eile an teanga ar aghaidh i ngach gné dá saol.

“Tosaíonn sé seo ó aois an-óg agus tá súil againn go gcuideoidh an clós súgartha seo le cur chun cinn an teanga labhartha, í a chothú agus a spreagadh do na glúinte atá le teacht.”

 

Fág freagra ar 'Páirc shúgartha le tógáil in aice le hIonad an Bhlascaoid i ndiaidh comhréiteach a bheith déanta'

  • Máiread Uí Dhomhnaill

    Comhghairdeas le Comharchumann Dhún Chaoin.
    Léiriú ar cad is féidir a bhaint amach nuair a thógann an pobal seasamh láidir aontaithe.
    Tá obair rompu fós ach táim cinnte nach ligfidh siad na madaí le sruth.