Páirc Ghaeltachta curtha ar chrannchur ag cumann iománaíochta le hairgead a bhailiú

Tá cumann Na Magha i mbun feachtas tiomsaithe airgid chun páirc imeartha nua a thógáil i gcathair Dhoire

Páirc Ghaeltachta curtha ar chrannchur ag cumann iománaíochta le hairgead a bhailiú

Tá páirc sa Ghaeltacht curtha ar chrannchur chun airgead a bhailiú chun áiseanna iománaíochta agus camógaíochta a thógáil i nDoire.

Tá cumann Na Magha i mbun feachtais tiomsaithe airgid chun páirc imeartha nua a thógáil i gcathair Dhoire agus deis tugtha acu do dhaoine páirc i nGaeltacht Dhún na nGall a bhuachan.

Tá an pháirc dhá acra suite i gceantar Dhoire na nAspal, míle ó bhaile na Dúchoradh in iarthar an chontae. Deir an cumann go mbeadh an pháirc, atá gar freisin do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an-áisiúil do theach, do phuball nó do charbhán.

‘Páirc an phuint’ atá á tabhairt ar an bpáirc agus costas £1 ar thicéad don chrannchur. Is féidir 20 ticéad a cheannach ar £20 nó 60 ticéad a fháil ar £50.

Reáchtálfar an tarraingt Lá Fhéile Pádraig 2022 agus súil acu sa chumann go léireofar suim sa chrannchur in Éirinn agus thar sáile.

Is é cumann Na Magha an t-aon chumann iománaíochta agus camógaíochta atá lonnaithe i gcathair Dhoire agus táthar ag iarraidh airgead a thiomsú chun páirc imeartha nua a thógáil.

I ndiaidh bhunú Chumann Lúthchleas Gael ag deireadh an 19ú haois, bhí naoi gcumann iománaíochta sa chathair ach chuaigh an cluiche i léig le 60 bliain anuas.

Deir Na Magha go bhfuiltear anois ag iarraidh an scéal sin a chur ina cheart. Tá suíomh trí acra faighte ag an gcumann i dtuaisceart na cathrach agus súil acu áiseanna a fhorbairt ann.

Is féidir tuilleadh eolais agus ticéid a fháil anseo.

Fág freagra ar 'Páirc Ghaeltachta curtha ar chrannchur ag cumann iománaíochta le hairgead a bhailiú'