Pádraic Maher ina laoch arís, fadhb na maor cúil agus ceachtanna eile ó chluiche ceannais na hÉireann

Caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na hábhair chainte is mó ó chluiche ceannais na hÉireann idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann

Pádraic Maher ina laoch arís, fadhb na maor cúil agus ceachtanna eile ó chluiche ceannais na hÉireann

Cúilín ag Cill Chainnigh sa chéad leath in ainneoin iarrachtaí Brian Hogan. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Pádraic Maher. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Pádraic Maher ina laoch arís do Thiobraid Árann

Roghnaíodh Noel McGrath mar laoch na himeartha i gcluiche ceannais na hÉireann inné ach, i ndáiríre, d’fhéadfaí cás a dhéanamh do thriúr nó ceathrar eile ar fhoireann Thiobraid Árann. Bhí Ronan Maher agus Barry Heffernan ar fheabhas sa dara leath go háirithe, ach ba é Pádraic Maher a ghríosaigh na fir timpeall air nuair a bhí Tiobraid Árann ag streachailt sa chéad leath.

Déarfaidh lucht tacaíochta Chill Chainnigh gur athraigh scéal an chluiche nuair a cuireadh Richie Hogan den pháirc cúig nóiméad roimh leath ama ach bhí athrú tagtha ar chúrsaí le cúpla nóiméad roimhe sin.

Agus 20 nóiméad imeartha, bhí Cill Chainnigh cúig phointe chun cinn agus imreoirí Thiobraid Árann fós ina gcodladh. Ba é Pádraic Maher a chuir ina ndúiseacht iad. D’fhág Walter Walsh lorg láidir ar an imirt sa chéad 20 nóiméad agus Séamus Kennedy á mharcáil, ach scéal eile a bhí ann nuair a aistríodh Maher sall chun súil a choinneáil ar Walsh.

Tar éis 22 nóiméad, chuaigh Maher ar thréanruathar suas taobh na láimhe deise den pháirc, ruathar a spreag a chomhghleacaithe. Ba í an chéad uair go ndearna duine de cheannairí móra Thiobraid Árann a leithéid. D’éirigh leo poc 65m a bhuachan agus d’aimsigh Jason Forde pointe. Ón bpoc amach sin, bhuaigh Tiobraid Árann seilbh na liathróide agus chuaigh Maher ar ruathar eile. Rinneadh feall air 40m amach ón gcúl, shlánaigh Forde an buille saor agus bhí an bhearna laghdaithe go trí phointe ag na Tiobraid Árannaigh.

Ba é Maher féin a rug ar an bpoc amach an uair seo agus an-ghabháil san aer déanta aige os cionn Walter Walsh. Thug sé an liathróid uaidh agus taobh istigh de dheich soicind, bhí an liathróid san eangach ag Niall O’Meara agus bhí Tiobraid Árann ar comhscór, 1-5 in aghaidh 0-8. Chuaigh siad chun cinn ar na Cait den chéad uair go luath ina dhiaidh sin.

Léirigh Maher an mianach atá ann arís sa dara leath nuair a rinne sé blocáil chróga ar iarracht ó Walsh. Trí bhonn uile-Éireann atá anois ag Pádraic Maher agus a stádas mar laoch ag lucht tacaíochta Thiobraid Árann tuillte go maith aige.

Jake Morris agus Eoin Murphy. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Teip Chill Chainnigh leis an bpoc amach

Ceann de na rudaí ab iontaí i gcluiche ceannais an lae inné ná an chaoi gur chlis ar Chill Chainnigh i ndiaidh do Hogan a bheith curtha den pháirc. Ní raibh siad i mbarr a maitheasa roimhe sin ach thit an tóin ar fad astu nuair a fágadh iad taobh le 14 fear.

As an 37 poc amach a bhuail Eoin Murphy sa chluiche, níor bhuaigh Cill Chainnigh ach naoi gcinn acu, níos lú ná an ceathrú cuid. Agus fear sa bhreis ag Tiobraid Árann, choinnigh Cill Chainnigh orthu ag bualadh pocanna fada síos i dtreo líne leathchúil agus líne lánchúil an fhreasúra, áit a raibh fear sa bhreis ag Tiobraid Árann. Bhí rogha shoiléir eile acu, ar ndóigh – pocanna amach a chinnteodh go n-éireodh leo seilbh a choinneáil ar an sliotar.

Bhuail Cill Chainnigh 25 poc amach fada tar éis do Hogan a bheith curtha den pháirc agus níor bhuaigh siad ach cúig cinn acu. Ní hamháin go raibh siad ag tabhairt seilbh na liathróide uathu arís agus arís eile, chaill imreoirí agus lucht tacaíochta na gCat misneach gach uair ar tháinig imreoir ó Thiobraid Árann amach leis an sliotar.

Cúilín ag Cill Chainnigh sa chéad leath in ainneoin iarrachtaí Brian Hogan. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Fadhb na maor cúil

Agus seacht nóiméad déag imeartha sa chluiche inné, thug John Donnelly faoi scór agus é 50 méadar amach ón gcúl. Bhí an chuma ar an scéal go dtitfeadh a iarracht thar an trasnán go dtí gur léim Brian Hogan go hard den talamh le breith ar an sliotar. Lean an imirt ar aghaidh ar feadh 20 soicind go dtí gur chuir James Owens stop leis an gcluiche.

Léirigh córas Hawkeye ar an scáileán mór go raibh iarracht Donnelly imithe thar an trasnán sular éirigh le cúl báire Thiobraid Árann breith uirthi agus cúilín a bhí ann do Chill Chainnigh.

Ba é sin an dara huair gur tharla a leithéid do Hogan le cúpla cluiche anuas. Sa chluiche leathcheannais i gcoinne Loch Garman, rug an cúl báire ar phoc saor ó Lee Chin. Chuaigh Tiobraid Árann ar an ionsaí agus d’aimsigh John McGrath cúl ach coinníodh an imirt siar nuair a thug Hawkeye le fios go raibh iarracht Chin imithe thar an trasnán.

Tharla na heachtraí seo i bpéire de na cluichí is tábhachtaí i mbliana agus cuirfear ceist anois aon uair a fheicfear cúl báire ag léim chun liathróid a stopadh ó dhul thar an trasnán.

Ní fhaca na maoir chúil inné ná sa chluiche leathcheannais go raibh an sliotar imithe thar an trasnán. Níl Hawkeye ach in úsáid i bPáirc an Chrócaigh agus i Staid Semple, rud a fhágann go gcaithfidh na maoir atá i bhfeighil ar chluichí in áiteanna eile a bheith níos airdeallaí.

Foireann Thiobraid Árann ag ceiliúradh. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Freagra tugtha ag Tiobraid Árann ar lucht a gcáinte

Tá cáineadh déanta ag daoine ar fhoireann Thiobraid Árann le deich mbliana anuas agus é ráite nach raibh a ndóthain buaite acu. Tar éis dóibh stop a chur le foireann Chill Chainnigh a bhí ag gabháil don ráig ar chúig in 2010, measadh go mbeadh foireann sin Thiobraid Árann dochloíte as sin go ceann tamaill eile ach ní mar sin a bhí.

Bhain Cill Chainnigh díoltas amach i gcluiche ceannais 2011 agus nuair a fuair na Cait an ceann is fearr ar Thiobraid Árann arís i gcluiche ceannais 2014, d’éirigh an cáineadh ar na Muimhnigh níos géire.

Tá moladh mór tuillte áfach ag Tiobraid Árann as na gaiscí atá déanta acu le deich mbliana anuas.

Trí cinn de chluichí ceannais atá buaite acu le deich mbliana anuas, in 2010, 2016 agus 2019, agus ar Chill Chainnigh a bhuaigh siad sna trí chluiche sin. Níor éirigh le haon chontae eile an ceann is fearr a fháil ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais na hÉireann ó bhuaigh Corcaigh orthu in 2004, cúig bliana déag ó shin.

Bhí Tiobraid Árann i bhfoisceacht orlach nó dhó do Chill Chainnigh a bhualadh i gcluiche ceannais 2014 chomh maith, nuair a d’fhógair Hawkeye go raibh poc saor John O’Dwyer ag fíordheireadh na himeartha imithe ar fóraoil.

Bhí briseadh croí i ndán dóibh sa bhabhta leathcheannais in 2015 agus arís in 2017 nuair a fuair na Gaillimhigh cúilín in am cúitimh chun iad a chloí.

Níl aon amhras ach gurb iad Tiobraid Árann an fhoireann is fearr atá feicthe againn sa chraobh iomána le deich mbliana anuas.

Fág freagra ar 'Pádraic Maher ina laoch arís, fadhb na maor cúil agus ceachtanna eile ó chluiche ceannais na hÉireann'