Pá níos fearr d’aistritheoirí na hEorpa ag cur moill ar aistriú reachtaíochta go Gaeilge – Ceann Comhairle na Dála

Deir Seán Ó Fearghaíl go bhfuil an tAontas Eorpach in ann pá agus coinníollacha oibre níos fearr a thairiscint d’aistritheoirí Gaeilge agus go bhfuil sé deacair ag Tithe an Oireachtais daoine a earcú dá bharr

Pá níos fearr d’aistritheoirí na hEorpa ag cur moill ar aistriú reachtaíochta go Gaeilge – Ceann Comhairle na Dála

Tá ráite ag Ceann Comhairle na Dála go bhfuil na deacrachtaí a bhíonn ag Tithe an Oireachais aistritheoirí a mhealladh ag obair ansin ar cheann de na príomhchúiseanna go bhfuil riaráiste ann ó thaobh reachtaíocht a aistriú go Gaeilge.

Dúirt Seán Ó Fearghaíl, TD, go raibh an tAontas Eorpach in ann pá agus coinníollacha oibre níos fearr a thairiscint d’aistritheoirí agus go raibh sé deacair ag Tithe an Oireachtais daoine a earcú dá bharr.

Bhí an Ceann Comhairle ag labhairt sa Dáil le déanaí le linn an phlé ar an mBille

Teanga. Mhol Sinn Féin leasú ar an mbille a chuirfeadh dualgas ar Aire na Gaeltachta tuarascáil a réiteach ina leagfaí amach scála ama chun na riaráistí a ghlanadh a luaithe agus is féidir.

Tugadh le fios san Ard-Chúirt níos luaithe i mbliana go raibh thart ar 450 acht ann a bhí ar fáil i mBéarla amháin.

Dhiúltaigh an tAire Stáit Jack Chambers do leasú Shinn Féin agus dúirt gur gnó do Thithe an Oireachtais é gach bille agus Acht a achtú, a chló agus a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla. Mhol sé d’Aengus Ó Snodaigh, a mhol an leasú, an cheist a ardú le Coimisiún Thithe an Oireachtais.

Is ag an bpointe sin a rinne an Ceann Comhairle iarracht cuid den fhadhb a mhíniú.

“Chun míniú beag a thabhairt do dhaoine, is í an fhadhb is mó ná daoine foirne a earcú do Rannóg an Aistriúcháin. Is é ceann de na príomhfhadhbanna atá ansin ná go bhfuil an Comhphobal Eorpach [an tAE] in ann tuarastal agus coinníollacha i bhfad níos fearr a ofráil dóibh siúd atá cáilithe ná mar atá muidne in ann a dhéanamh anseo,” a dúirt Ó Fearghaíl.

“Ní easpa acmhainne ná toille atá ann ach easpa daoine chun teacht agus an obair a dhéanamh.”

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go raibh sé “ait” go mbeadh an tAontas Eorpach chun tosaigh ar Éirinn ó thaobh reachtaíochta a chur ar fáil i nGaeilge agus gur gá réiteach a fháil ar an gceist “phráinneach” seo.

“Más gá daoine a tharraingt as an Eoraip, tuilleadh airgid a chur ar fáil nó bealach éigin eile a fháil chun iad a chur ag obair anseo, ba cheart go ndéanfaimis é sin.”

Dúirt Ó Snodaigh go mbeadh Tithe an Oireachtais “á náiriú” ag an Aontas Eorpach ó thaobh reachtaíocht a chur ar fáil i nGaeilge.

“Dá ndéanfaí an rud céanna agus a dhéanann an tAontas Eorpach agus leaganacha Gaeilge agus Béarla a chur le chéile agus iad ar fáil ó mholtar an Bille sa chéad dul síos, ní bheadh aon fhadhb ó thaobh riaráistí de mar go mbeidís foilsithe agus achtaithe go comhionann,” a dúirt Ó Snodaigh. “Má dhéileáiltear leis an bhfadhb i dtús báire, ní bheidh fadhb ann ina dhiaidh.”

Rinne Cléireach na Dála, Peter Finnegan, cur síos níos luaithe i mbliana ar na deacrachtaí atá ag Tithe an Oireachtais aistritheoirí a earcú.

Thug sé le fios go raibh ocht gcomórtas d’aistritheoirí cáilithe ag Tithe an Oireachtais le trí bliana anuas ach nár éirigh leo ach duine amháin eile a chur leis an bhfoireann.

Dúirt Finnegan gur 39 duine a theastaigh chun tabhairt faoin obair atá le déanamh, 14 duine breise.

Dúirt sé go raibh baint mhór ag an éileamh atá ag an Aontas Eorpach ar aistritheoirí Gaeilge leis na deacrachtaí agus go raibh cead faighte ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe pá níos mó a íoc le haistritheoirí nua agus bhí súil aige go gcabhródh sin le Tithe an Oireachtais daoine a mhealladh.

Thug Príomh-Aistritheoir Rannóg an Aistriúcháin, Vivian Uíbh Eachach, le fios ag an gcruinniú céanna go raibh sé “go mór in éad” leis an Aontas Eorpach as a éifeachtaí is a bhí siad i mbun earcaíochta.

Maidir le cúrsaí pá, dúirt sé go dtosaíonn aistritheoirí Gaeilge an AE ag leibhéal a thógfadh sé bliana ar aistritheoir i dTithe an Oireachtais a bhaint amach.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh go raibh “gach ní is féidir” á dhéanamh ag Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean chun na hachtanna nach bhfuil aistrithe a fhoilsiú ach go mbeadh uirthi bille nó acht ceann amháin de na billí nó na hachtanna atá os a comhair a aistriú “gach uile sheachtain idir seo agus 2024 chun na riaráistí a ghlanadh,” gan trácht ar aon reachtaíocht nua.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly gur “mór an trua agus an náire é” go raibh ar an bhfreasúra a leithéid de leasú a mholadh agus gur léiriú a bhí sna riaráistí ar dhearcadh an Rialtais i leith na Gaeilge.

“Tá sí ann mar shiombail. Tá sí ann mar ornáid ach níl sí ann mar theanga oifigiúil an Stáit,” arsa Connolly.

Tá reachtaíocht i nGaeilge ina hábhar conspóide i láthair na huaire agus  achomharc á dhéanamh ag an Stát faoi orduithe a rinneadh i gcinneadh Ard-Chúirte faoin ngá le leaganacha Gaeilge de cháipéisí áirithe dlí a chur ar fáil.

Dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon ina cinneadh go raibh an mhoill 17 mí ar fhoilsiú leagan Gaeilge den Acht Pleanála 2018 “míréasúnta”.

D’éirigh sa chúirt le hathbhreithniú breithiúnach Shiobhán Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha a mhaígh gur chóir go mbeadh reachtaíocht ar fáil dóibh i nGaeilge agus go raibh siad faoi mhíbhuntáiste dá ceal.

Tá achomharc á dhéanamh ag an Aire Tithíochta agus an tArd-Aighne faoi gach ordú a rinneadh i gcinneadh na hArd-Chúirte.

Fág freagra ar 'Pá níos fearr d’aistritheoirí na hEorpa ag cur moill ar aistriú reachtaíochta go Gaeilge – Ceann Comhairle na Dála'

  • Seán ÓM

    Le bheith féaráilte:
    Tá iompair poiblí níos fearr, córas tithíochta níos fearr agus córas sláinte níos fearr ar an mór-roinn ag “cur leis an moill” chomh maith.

    Agus ní bhíonn aon Bhéarlóirí ag breathnú ort le súil géar má labhraíonn tú Gaeilge ar an tram/luas.

    Daonlathas sóisialta + ilchultúrachas teanga = happy Gaeilgeoirí.
    (Agus ina dhiaidh sin …… an pá chomh maith).

  • Lillis Ó Laoire

    Caithfear comhionannas a chur i bhfeidhm i dtaca le pá agus coinníollacha oibre. Beidh seans ann ansin daoine a earcú.

  • An rud is léir don dall...

    Is fada an lá riaráistí aistriúcháin i dTithe an Oireachtais. An locht ar an Aontas Eorpach!! Cén leithscéal a bhí acu roimh 2007? Admhaíodh siad an fhírinne – tá na riaráistí ann mar gheall ar an gcóras, córas a fhágann gur féidir agus go ndéantar dlí na hÉireann a rith agus a achtú i mBéarla amháin agus go bhfágtar an Ghaeilge bhocht – an chéad teanga oifigiúil de réir an Bhunreachta – amuigh thiar ag briseadh na gcos ag iarraidh coinneáil suas leis an teanga cheannais, leis an mBéarla – teanga náisiúnta ‘de facto’ an Stáit seo.

  • Seán ÓM

    Sea is dócha nach bhfuil mórán de na riaráistí aistriúchán le aistriú i dtreo GA->ENG. Tá an ceart agat faoi an méid sin Dall.
    Ach arís, as radhairc an aistritheora fhéin – an bhfuil tú ag iarradh a bheith ag obair in institiúid ina bhfuil iarracht mhacánta á déanamh chun gach 20-rud-éigin reanga a choimeád ar an leibhéil chéine ó thaobh stádais de? …….
    Nó san institiúid ina bhfuil do theanga i gcónaí fágtha in áit an leathphingin faoi scáth an bhoic mhór Béarla?

    Agus ansin iompar poiblí, tithíocht, córas sláinte in Éirinn chomh maith!

  • Sinéad

    An bhfuil obair ar fáil do gach aon aistritheoir mar sin, fiú más in Éirinn í?

  • Jim McGovern

    Tá an scéal seo an-suimiúil agus an-náireach ar fad (i mo thuairim). Dealraíonn sé go bhfuil baill den stáit (an tAire Tithíochta agus an tArd-Aighne mar shampla) ag caitheamh airgead an Stáit agus iad ag iarraidh go mbeadh an Stáit in ann éalú ona ndúlagaisaí i leith na Gaeilge (ata leaghta síos sa Bhunracht) nó, ar a laghad, neamart a dhéanamh orthu. An mbeadh cead ag Aire na Gaeltachta níos mó airgid a chaitheamh chun forálacha an Bhunracht i leith na Gaeilge a chosaint? An mbeidh ciste iomlán an Stáit ídithe acu go léir agus faic bainte amach acu? Tá agus bheadh airgead an Stáit á dhó!

    I mo thurairim, ba cheart don Rialtas tabhairt faoi a ndualgais féin agus gan a bheith ag dul go dtí na cúirteanna ag iarriadh a ndualgais a laghdú. Ba cheart don Rialtas cé mhéid airgid atá riachtanach a chaitheamh chun a chinntiú go bhfuil gach dréacht-dlí ar fáil i nGaeilge ón tús, go bhfuil gach dlí nua ar fáil i nGaeilge láithreach agus go bhfuil gach cumarsáid ón rialtas don phobal ar fáil i nGaeilge láithreach. Muna tharlaíonn sin, níl cothram na Féinne á fháil ag Gaelgeóirí ná ag an nGaeilge. Ba cheart an t-airgead a chaitheamh ar na haistritheoirí agus gan é a dhó tríd na dlíodóirí!