An Stát le maíomh sa Chúirt Uachtarach nach tréimhse ‘míréasúnta’ 17 mí le hacht a aistriú go Gaeilge

Tá achomharc á dhéanamh ag an Aire Tithíochta agus an tArd-Aighne faoi gach ordú a rinneadh i gcinneadh Ard-Chúirte faoin ngá le leaganacha Gaeilge de cháipéisí áirithe dlí a chur ar fáil

An Stát le maíomh sa Chúirt Uachtarach nach tréimhse ‘míréasúnta’ 17 mí le hacht a aistriú go Gaeilge

Deir an Stát gur ‘dearmad dlí’ a bhí ann ag Breitheamh Ard-Chúirte a rá go raibh sé “míréasúnta” 17 mí a chaitheamh ag aistriú acht oireachtais.

Tá an Stát le maíomh chomh maith in achomharc chuig an gCúirt Uachtarach nach raibh aon “bunús bunreachtúil” le hordú a rinne an Breitheamh don Roinn Tithíochta ionstraimí reachtúla áirithe a aistriú go Gaeilge.

Deir an Stát – an tAire Tithíochta agus an tArd-Aighne – nár chóir bac a chur ar údarás poiblí amhail an Bord Pleanála dul ar aghaidh le héisteacht ó bhéal toisc nach bhfuil leaganacha Gaeilge d’ionstraimí reachtúla ar fáil.

Maítear dá seasfaí le breithiúnas na hArd-Chúirte gur “beag teorainn a bheidh leis an dualgas tiontú i nGaeilge a chur ar fáil ar ionstraimí reachtúla eile”.

Deirtear san iarratas ar achomharc go bhfuil “gá práinneach” le soiléiriú sa Chúirt Uachtarach faoi na dualgais atá ar an Stát i dtaobh an aistriúcháin Ghaeilge.

Athdhearbhaíodh san Ard-Chúirt mí Bealtaine an dualgas bunreachtúil atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.

Dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon ina cinneadh go raibh an mhoill 17 mí ar fhoilsiú leagan Gaeilge den Acht Pleanála 2018 “míréasúnta”.

D’éirigh sa chúirt le hathbhreithniú breithiúnach Shiobháin Denvir-Bairéad agus dhá chomhlacht forbartha a mhaígh gur chóir go mbeadh reachtaíocht ar fáil dóibh i nGaeilge agus go raibh siad faoi mhíbhuntáiste dá ceal.

Chinn an Breitheamh go gcaithfí ionstraimí reachtúla áirithe a chur ar fáil trí Ghaeilge agus dúirt sí nár bhain a cinneadh féin ach leis na hionstraimí sin.

Tá achomharc á dhéanamh ag an Aire Tithíochta agus an tArd-Aighne faoi gach ordú a rinneadh i gcinneadh na hArd-Chúirte, cúrsaí costais san áireamh.

San iarratas ar achomharc a rinne an Stát chuig an gCúirt Uachtarach, deirtear nach bhfuil aon teorainn ama leagtha síos sa Bhunreacht d’aistriú achtanna agus go bhfuil riaráiste mór achtanna ann nach bhfuil aistrithe go Gaeilge.

Ní raibh sé ceart dá bharr sin ag an mBreitheamh a rá go raibh tréimhse 17 mí “míréasúnta”

Maidir leis an ordú a rinne an Breitheamh O’Hanlon go n-aistreofaí go Gaeilge na hionstraimí reachtúla áirithe a bhaineann leis an gcás laistigh de shé mhí, deir lucht an achomhairc gur cinneadh sa Chúirt Uachtarach cheana nach bhfuil aon dualgas bunreachtúil i gceist i gcás aon ionstraimí reachtúla seachas rialacha na cúirte.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go dtarraingeofaí siar “láithreach bonn” an t-achomharc atá le déanamh ag an Roinn Tithíochta in aghaidh na breithe Ard-Chúirte faoin dualgas atá ar an Stát leaganacha Gaeilge de cháipéisí áirithe dlí a chur ar fáil.

Dúirt Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur cinneadh “náireach” a bhí sa chinneadh a rinne an Roinn Tithíochta achomharc a dhéanamh i gcás a bhain le cearta teanga shaoránaigh de chuid an stáit.

Thug Siobhán Denvir-Bairéad an cás in aghaidh an stáit san Ard-Chúirt toisc nach raibh fáil i nGaeilge ar reachtaíocht a bhain le hachomharc faoi chúrsaí pleanála.

Tá Siobhán Denvir-Bairéad ag cur i gcoinne ordú ceannaigh éigeantaigh atá á lorg ag Uisce Éireann chun córas cóireála séarachais a thógáil ar a gcuid talún ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara.

Tá achomharc i gcoinne an ordaithe sin curtha faoi bhráid an Bhoird Pleanála atá chun éisteacht ó bhéal a chur ar bun.

Deir an Stát go bhfágann cinneadh na hArd-Chúirte nach féidir dul ar aghaidh leis an éisteacht ó bhéal nó go mbeidh “tráinse mór d’ionstaimí reachtúla” aistrithe go Gaeilge.

Deirtear go bhfuil “tábhacht shóisialta agus eacnamaíochta” ag baint le córas ceart séarachais a bheith sa cheantar agus go gcaithfear “leas” agus cearta “daoine eile” a mheas chomh maith.

Ina breithiúnas mí Bealtaine seo caite, dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon:

“Cé go bhfuil gá agus dualgas ann caitheamh leis an nGaeilge ar comhchéim leis an mBéarla, ní féidir leis na hiarratasóirí é sin a bhaint amach má leanann an neamart seo ar aghaidh.

“Tá daoine sa tír seo, go háirithe muintir na Gaeltachta, nó [iad] siúd nach bhfuil ina gcónaí sa Ghaeltacht ach atá ag maireachtáil trí Ghaeilge, a bhíonn ag iarraidh an teanga a úsáid gach uile lá.

“Tá cearta bunreachtúla acu é sin a dhéanamh agus tá dualgas bunreachtúil ar an Stát éascaíocht a dhéanamh ionas go mbeadh saoránaigh in ann an Ghaeilge a úsáid ar comhchéim leis an Bhéarla.”

Fág freagra ar 'An Stát le maíomh sa Chúirt Uachtarach nach tréimhse ‘míréasúnta’ 17 mí le hacht a aistriú go Gaeilge'

  • Éamonn Ó Gribín

    Ab uno disce omnes!

  • Éamonn Ó Gribín

    Maidir le:
    “Ina breithiúnas mí Bealtaine seo caite, dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon:
    “Cé go bhfuil gá agus dualgas ann caitheamh leis an nGaeilge ar comhchéim leis an mBéarla, ní féidir leis na hiarratasóirí é sin a bhaint amach má leanann an neamart seo ar aghaidh.”

    Dhealródh sé nach n-aontaíonn an Breitheamh Bronagh O’Hanlon go hiomlán leis an ráiteas seo a leanas; “Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í, a eisiamh (ar a laghad in éagmuis dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit ná de chuid aon cheann dá bhaill.” (Tagairt: Hardiman, J. – Athbhreithniú Breithiúna – An Chúirt Uachtarach. Tag: Ó Beoláin v. Fahy [2001] 2 I.R. 279)
    _________________________
    Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh
    fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá
    inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun cumarsáide, a
    chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs
    náisiúnta nó oifigiúil.”
    Hardiman, J. – Athbhreithniú Breithiúna – An Chúirt Uachtarach. Tag: Ó Beoláin v.
    Fahy [2001] 2 I.R. 279