Os cionn €1 billiún á thabhairt ag an Rialtas do ‘thiarnaí talún’

Léiríonn figiúirí a fuarthas le deireanas mar thoradh ar cheisteanna Dála na méid airgid atá á chaitheamh ag na Rialtas ar fhóirdheontais chíosa agus ar tithe sóisialta a fháil ar léas

Os cionn €1 billiún á thabhairt ag an Rialtas do ‘thiarnaí talún’

Tá an Rialtas anois ag caitheamh os cionn €1 billiún in aghaidh na bliana ar fhóirdheontais chíosa agus ar tithe sóisialta a fháil ar léas.

Tugadh an méid sin le fios i bhfigiúirí a fuarthas le deireanas mar thoradh ar cheisteanna Dála a cuireadh ar an Aire Tithíochta agus ar an Aire Coimirce Sóisialaí.

San áireamh sa bhreis is €1 billiún tá na €542 milliún a chaitear ar na hÍocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta (HAP), €272 milliún a chaitear ar an gClár Caiteachais Reatha Tithíochta Sóisialta (SHCEP), ar a dtugtaí Tionscnamh Léasaithe Tithíochta Sóisialta roimhe seo, €123 milliún a chaitear ar Fhorlíonadh Cíosa agus €122m a chaitear ar an Scéim um Chóiríocht ar Cíos.

Ba é an Teachta Dála Cian O’Callaghan, na Daonlathaigh Shóisialta, a chuir na ceisteanna agus é thar a bheith míshásta leis an méid atá ag titim amach.

“Tá breis agus billiún euro in aghaidh na bliana á chaitheamh ag an Rialtas anois ar fhóirdheontais chíosa agus ar léasú tí. Is aistriú ollmhór rachmais é seo ón Stát go dtí tiarnaí talún príobháideacha,” a deir O’Callaghan agus é ag labhairt le Tuairisc.

Deir sé gur amhlaidh atá an Rialtas ‘ag déanamh an ghéarchéim cíosa níos measa’ trí na mílte tithe a ligean ar cíos agus a ligean ar léas seachas cinn nua a thógáil.

“Tá sé seo tar éis brú ollmhór a chur ar sholáthar cóiríochta ar cíos, soláthar atá, dar le Daft.ie, ag an leibhéal is ísle riamh,” ar sé.

Deir O’Callaghan go bhfuil an spleáchas seo ar an earnáil phríobháideach cíosa ‘go dona do thionóntaí na tithíochta sóisialta, go dona do chíosóirí eile agus is droch-úsáid acmhainní poiblí atá ann’.

“I ngach cás, is cosúil gurb é réiteach an Rialtais ar an ngéarchéim tithíochta ná níos mó airgid phoiblí a thabhairt don earnáil phríobháideach. Tá ag teip ar an gcur chuige seo. In ionad airgead a chur amú, caithfidh an Stát dul ar ais ag tógáil tithe – lena n-áirítear níos mó tithe inacmhainne, sóisialta agus costas cíosa.

Fág freagra ar 'Os cionn €1 billiún á thabhairt ag an Rialtas do ‘thiarnaí talún’'