Os cionn 1,400 cás nua den choróinvireas fógartha in Éirinn, beagnach 50,000 cás deimhnithe san iomlán

Dheimhnigh an Roinn Sláinte ó dheas 470 cás nua tráthnóna agus fógraíodh 943 cás nua ó thuaidh níos luaithe inniu

Os cionn 1,400 cás nua den choróinvireas fógartha in Éirinn, beagnach 50,000 cás deimhnithe san iomlán

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Tá 470 cás eile den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

D’fhógair siad chomh maith go raibh duine amháin eile a raibh an galar air básaithe.

Bhain 61 den 470 cás nua le Corcaigh agus bhain 36 cás le Dún na nGall. 12 cás a bhí i gCiarraí, 11 cás a bhí i nGaillimh agus 11 cás eile a bhí i gcontae na Mí.

198 den 470 cás a bhain le Baile Átha Cliath.

Thug an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach an Dr Ronan Glynn rabhadh láidir tráthnóna faoin ardú leanúnach ar líon na gcásanna agus faoi scaipeadh an ghalair i measc teaghlach go háirithe.

“Údar an-mhór imní an bhail atá ar chúrsaí go náisiúnta agus tá NPHET anois ag moladh nach mbuailfeadh níos mó ná dhá theaghlach le chéile aon uair. Tá sé riachtanach go gcuirfeadh gach duine — clanna, cairde agus comharsana — srian le líon na ndeiseanna a bhíonn ag an víreas seo scaipeadh ó dhuine go duine agus go gcuirfí srian le scaipeadh an víris i measc teaghlach. 

“Déan tú féin a iompar amhail is go bhfuil an víreas ort féin agus coinnigh tú féin agus na daoine timpeall ort slán – ná téigh sa seans trí ócáid a eagrú a mbeidh níos mó ná teaghlach amháin aici agus ná freastail ar a leithéid.”

Fógraíodh an líon is airde cásanna Covid-19 fós sa tuaisceart tráthnóna.

943 cás nua a dheimhnigh an Roinn Sláinte ó thuaidh inniu, níos mó ná a dhá oiread an líon is airde roimhe seo – an 424 cás a fógraíodh Dé Céadaoin.

D’fhógair an Roinn Sláinte go raibh duine amháin eile básaithe de dheasca an víris.

Tá 582 duine i dTuaisceart Éireann anois tar éis bháis de bharr an Covid-19 agus tá 12,886 cás deimhnithe ansin go dtí seo.

Léirigh figiúirí na Roinne Sláinte go bhfuil ráta an ghalair ag 139.4 cás in aghaidh gach 100,000 duine ó thuaidh le seachtain anuas.

Michael McBride

Léim an ráta i nDoire agus ar an Srath Bán go dtí 422.8 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar, os cionn 100 duine sa bhreis in aon lá amháin.

Chuir an Príomhoifigeach Leighis, Michael McBride, fainic ar na daoine ó thuaidh den teorainn inniu a bheith faoi réir faoi choinne dianghlasáil eile.

Ina chuid cainte ar an BBC, dúirt McBride; “D’fhéadfadh go mbeadh orainn tuilleadh srianta a thabhairt isteach, b’fhéidir ar feadh tamall gearr cúpla seachtain, más linn an chéad chúpla mí seo romhainn a chur dínn… agus má thosaíonn an víreas ag borradh arís ansin, tharlódh go mbeadh orainn na diansrianta breise sin a thabhairt isteach.”

“Níl aon réiteach draíochta ar an scéal seo, níl aon chasúr ann lena bhféadfaí an víreas a lascadh faoi chois. Níl ann ach meascán d’idirghabhálacha éagsúla, srianta a laghdóidh an méid daoine a bhíonn i gcomhluadar a chéile.

“D’fhéadfadh sé tarlú, sa gcás go mbeadh an galar ag scaipeadh go rábach i dTuaisceart Éireann, go gcaithfimis athrú ó na srianta logánta agus srianta a chur i bhfeidhm níos forleithne anseo i dTuaisceart Éireann.”

Tá a gcuid traenála curtha ar fionraí ag foireann shinsir peile Ard Mhacha mar gur deimhníodh le cúpla lá anuas go raibh an Covid-19 tolgtha ag roinnt imreoirí.

Maidir le cásanna eile an lae inniu ó dheas, 19 cás a bhí i gCill Dara, 19 cás a bhí i Luimneach, deich gcás a bhí Ros Comáin, naoi gcás a bhí i gcontae an Chabháin, naoi gcás a bhí i gcontae an Chláir, naoi gcás a bhí i gCill Chainnigh, naoi gcás a bhí sa Longfort, naoi gcás a bhí in Uíbh Fhailí agus naoi gcás a bhí san Iarmhí. Ocht gcás a bhí i gcontae Lú, seacht gcás a bhí i dTiobraid Árann agus seacht gcás a bhí i Loch Garman.

Bhain an 17 cás eile le seacht gcontae éagsúil.

Tá sé deimhnithe gur bhain 40% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air.

Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 68 cás. Bhí 68% de na daoine a tholg an galar faoi bhun 45 bliain d’aois.

49,949 cás den Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 37,063 cás ó dheas den teorainn agus 12,886 cás ó thuaidh di.

2,383 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,801 duine ó dheas agus 582 ó thuaidh.

Thall sa Spáinn, tá sé i gceist dianghlasáil a chur i bhfeidhm arís i gceantar Mhaidrid agus sna bailte móra máguaird agus na húdaráis ag iarraidh an bhrúisc is déanaí cásanna den Covid-19 sa bpríomhchathair a choinneáil faoi smacht.

Tá sé i gceist aon taisteal nach bhfuil riachtanach isteach go Maidrid nó amach as a chosc. Ní dhúnfar scoileanna, agus beidh cead oscailte ag tithe tábhairne agus bialanna agus caithfidh siad dúnadh ag a 11pm.

Meastar gurb é Maidrid an áit is measa san Eoraip atá buailte faoi láthair, agus an galar tolgtha ag 859 duine as gach 100,000 duine sa gcathair sin.

Fág freagra ar 'Os cionn 1,400 cás nua den choróinvireas fógartha in Éirinn, beagnach 50,000 cás deimhnithe san iomlán'