Os cionn 100,000 duine curtha den saol ag an bpaindéim

Tá os cionn 1.65 milliún cás de Covid-19 deimhnithe sa domhan, de réir áirimh Ollscoil Johns Hopkins

Os cionn 100,000 duine curtha den saol ag an bpaindéim

Dr Anthony Fauci

Tá os cionn 100,000 duine curtha den saol ag an bpaindéim dhomhanda Covid-19 agus breis is 1.65 milliún cás den ghalar deimhnithe sa domhan.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, tá níos mó cásanna den víreas deimhnithe i Nua-Eabhrac ná mar atá in aon tír.

Foilsíodh íomhánna ó chathair Nua-Eabhrac inniu d’oibrithe i gcultacha hazmat, a chaitear agus ábhair ghuaiseacha á láimhseáil, agus cónraí á gcur sa chré acu in olluaigh ar Hart Island. 

De ghnáth daoine nach bhfuil dóthain airgid acu chun íoc as sochraid dá ndaoine muinteartha a bhaineann úsáid as an láthair sin.

Dúirt an Dr Anthony Fauci, atá i bhfeighil ar iarrachtaí Stáit Aontaithe Mheiriceá dul i ngleic leis an bpaindéim go raibh tástálacha antashubstainte nach mór réidh. Is féidir na tástálacha sin a úsáid chun fáil amach an raibh an galar ar dhuine cheana féin.

“A luaithe is bheidh siad faofa, beidh siad ar fáil do dhaoine,” arsa an Dr Fauci.

Tuairiscíodh chomh maith inniu go raibh na mílte imirceach á ndíbirt as Meiriceá faoi chumhachtaí a tugadh isteach chun scaipeadh an víris a choimeád faoi chosc. 

Hart Island

D’fhógair NHS Sasana inniu bás 866 duine eile a raibh Covid-19 tolgtha acu.

8,114 duine san iomlán atá básaithe i Sasana.

Bhásaigh 48 othar le Covid-19 in Albain, mar a bhfuil 495 duine básaithe ó thús na ráige.

29 duine eile a bhásaigh sa Bhreatain Bheag, mar a bhfuil 315 duine ar fad básaithe.

Bhí laghdú arís ar líon na mbásanna san Iodáil inniu. 570 duine a bhí i gceist i gcomparáid le 610 inné. 18,849 duine atá curtha den saol ag Covid-19 sa tír is measa atá buailte ag an bpaindéim. An 28 Márta an lá ba mheasa ar fad san Iodáil nuair a fógraíodh 971 bás.

Tá an ráta ionfhabhtaithe  agus líon na mbásanna ag laghdú sa Spáinn, áit a bhfuil 15,843 curtha den saol ag an ngalar. 605 bás a tuairiscíodh inniu, níos lú ná aon lá eile ón 24 Márta.

Tuairiscíodh sa Fhrainc, an tríú tír is measa atá buailte ag an bpaindéim, gur bhain thart ar aon trian de na básanna a fógraíodh go dtí seo le hionaid altranais. Tá os cionn 12,000 duine curtha den saol ag Covid-19 sa Fhrainc.

In Daegu na Cóiré Theas, mar a raibh croílár na ráige sa tír sin, ní raibh aon chás nua den ghalar ann inniu.

Fág freagra ar 'Os cionn 100,000 duine curtha den saol ag an bpaindéim'