Ordú tugtha don Gharda Síochána seirbhís ateangaireachta Ghaeilge ar an láthair a bhunú

Beidh an tseirbhís nua ar fáil go náisiúnta ‘ar thaobh an bhóthair nó i stáisiún’ d'aon Gharda go dteastaíonn sin uathu le déileáil le daoine a dteastaíonn seirbhísí trí Ghaeilge uathu

Ordú tugtha don Gharda Síochána seirbhís ateangaireachta Ghaeilge ar an láthair a bhunú

Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá treoir tugtha ag Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, seirbhís nua ateangaireachta Gaeilge a sholáthar le gur féidir le Gardaí in aon áit ar fud na tíre déileáil le daoine a dteastaíonn seirbhís trí Ghaeilge uathu.

Tá “ordú” tugtha ag an gCoimisinéir go socrófaí conradh “láithreach bonn” do sheirbhís nua ateangaireachta Gaeilge ar an nguthán le gur féidir freastal ar phobal na teanga.

Beidh an tseirbhís nua ar fáil go náisiúnta “ar thaobh an bhóthair nó i stáisiún” d’aon Gharda go dteastaíonn sin uathu le déileáil le daoine a dteastaíonn seirbhísí trí Ghaeilge uathu.

“Seo é an chéad uair go mbeidh córas foirmeálta curtha i bhfeidhm chun seirbhís ateangaireachta a chur ar fáil faoi chonradh tríú páirtí” a thug an Coimisinéir Harris le fios don Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, i litir a bhfuil cóip di seolta aige freisin chuig Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTithe an Oireachtais.

Tá ordú tugtha freisin ag an gCoimisinéir Harris go gcaithfear na Gardaí ar fad a earcaíodh trí shruth Gaeilge an fhórsa a aistriú chuig stáisiúin Ghaeltachta nuair a bhíonn a gcuid oiliúna críochnaithe acu.

Bunaíodh an sruth earcaíochta Gaeilge le cur le líon na nGardaí le Gaeilge líofa de bharr gearán a rinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga sa bhliain 2011 faoina laghad Gardaí le Gaeilge a bhí ar dualgas i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dúirt an Coimisinéir Harris go raibh “díomá” air go raibh 18 comhalta as an 55 a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge curtha ar dualgas i ranna de chuid an Gharda Síochána nach raibh aon cheantar Gaeltachta iontu.

Dúirt sé go raibh iarrtha aige go leathnófaí “ar an bpointe boise” Painéal Inniúlachta Gaeilge an fhórsa chun gach Garda a bhfuil “líofacht acu sa Ghaeilge” agus atá ag iarraidh aistriú chuig ceantar Gaeltachta a chur san áireamh sa phainéal sin.

Thug sé míniú ina litir ar na cúiseanna leis an scéala nár cuireadh gach Garda le Gaeilge líofa a earcaíodh chuig limistéir ina raibh ceantair Ghaeltachta.

Dúirt sé nuair a cuireadh deireadh leis na srianta earcaíochta tar éis an chliseadh eacnamaíochta gur tugadh tosaíocht do na ceantair sin a raibh an riachtanas is mó acu ó thaobh Gardaí, Rinneadh sin, a dúirt Harris, ar mhaithe le sprioc na heagraíochta an pobal “a choinneáil sábháilte” a bhaint amach.

Tháinig laghdú iomlán de 1,768 ar líon na gcomhaltaí san fhórsa idir 2009 agus 2014, a dúirt sé. D’admhaigh sé go raibh an plean daoine a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge a chur chuig stáisiúin oiliúna i gceantair Ghaeltachta “thíos leis seo”.

Dúirt an Coimisinéir Harris gur mhian leis “aird a tharraingt ar an dúshlán is mó” atá os a chomhair – “níl dóthain Gardaí againn, le líofacht sa Ghaeilge, ag iarraidh a bheith ag fónamh i stáisiúin Ghaeltachta, seachas roinnt eisceachtaí i gcuid de na stáisiúin i nGaillimh agus i gCorcaigh.”

Dúirt sé gur dúshlán ó thaobh acmhainní foirne é cothromaíocht a aimsiú idir Gardaí a bhfuil líofacht Ghaeilge acu agus dáileadh Gardaí ar cheantair Ghaeltachta.

Mheabhraigh sé freisin gur cuireadh stop in 2012 leis an ‘liúntas Gaeltachta’ d’earcaigh nua, íocaíocht a raibh cearta pinsin ag dul leis agus a bhí “luachmhar” chun comhaltaí le Gaeilge a mhealladh chuig stáisiúin Ghaeltachta “go háirithe na stáisiúin a bhí i gceantair iargúlta”.

“Níl mórán féidearthachtaí ann go dtabharfar an liúntas seo ar ais,” a dúirt Harris.

Dúirt sé gur ceangal eile ar sheoladh Gardaí le Gaeilge chun na Gaeltachta é an beartas náisiúnta a chuireann srian ar Gharda a bheith lonnaithe “i bhfoisceacht 35km dá n-áit chónaithe nó d’áitreabh ceadaithe d’aon ghaol leo nó d’aon ghaol lena bpáirtí céile”, srianta atá i bhfeidhm “chun tionchar teaghlaigh a laghdú” agus chun “neamhchlaontacht sa phóilíneacht” a chinntiú.

Dúirt sé go raibh sé mar pholasaí ag an nGarda Síochána na comhaltaí a earcaítear tríd an sruth Gaeilge a chur chuig “stáisiúin mhóra oiliúna” ar dtús le go mbeadh deiseanna acu foghlaim agus taithí a fháil agus go n-aistreofaí iad ina dhiaidh sin chuig stáisiúin Ghaeltachta nó stáisiúin a fhreastalaíonn ar Ghaeltacht.

Dúirt an Coimisinéir Harris ina litir gurb é an réiteach fadtéarmach atá ann ná “earcaigh le Gaeilge a fhostú agus a leithdháileadh mar is cuí” agus “comhaltaí seanbhunaithe le Gaeilge a mhealladh chun iarratas aistrithe a dhéanamh chuig ceantair Ghaeltachta”.

Dhearbhaigh sé freisin “go leanfaidh an sruth Gaeilge ar aghaidh mar ghné fhíorthábhachtach dár gcomórtais earcaíochta sa todhchaí” agus go gcuirfí comhaltaí a d’earcófaí tríd an sruth seo ar an bPainéal Inniúlachta Gaeilge, a bunaíodh le gairid, “gan teip”.

“Is féidir liom a dhearbhú go leithdháilfear aon chomhalta a thagann isteach tríd an sruth seo chuig stáisiún oiliúna i Roinn le ceantar Gaeltachta ann, chomh fada agus nach mbíonn cúinsí eisceachtúla ann a chuireann bac leis seo,” a dúirt sé.

Tagraíodh do litir Choimisinéir an Gharda Síochána ag an gcruinniú is deireanaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTeach Laighean agus dearbhaíodh arís go raibh súil ag an gcomhchoiste go dtiocfadh an Coimisinéir Harris ina láthair le cás na teanga sa bhfórsa a phlé.

Chuir Oifig an Choimisinéara Harris ceist ar Choiste Oireachtais na Gaeilge an rabhthas fós ag iarraidh go dtiocfadh Harris os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge nó arbh leor an méid a bhí sa litir chuig an gCoimisinéir Teanga. Chinn an comhchoiste go gcloífí leis an gcuireadh a bhí tugtha dó teacht ina láthair. Meastar gur san athbhliain a tharlóidh an cruinniú sin.

Fág freagra ar 'Ordú tugtha don Gharda Síochána seirbhís ateangaireachta Ghaeilge ar an láthair a bhunú'

  • Padraig O Gallachoir

    ‘Tá treoir tugtha ag Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, seirbhís nua ateangaireachta Gaeilge a sholáthar le gur féidir le Gardaí in aon áit ar fud na tíre déileáil le daoine a dteastaíonn seirbhís trí Ghaeilge uathu.”- Fiú sa Ghaeltacht ina bhfuil Gardaí liofa sa teangaidh agus iad ag fail liúntas ás í a usaid ina gcuid oibre?

  • Éamonn Ó Gribín

    Níl ateangaireacht uaim, b’fhéidir áfach go mbeaadh sé ag teastáil ag na Gardaí, toisc nach gceanglaítear orthu bheith in ann aon teanga eile a labhairt seachas an Béarla!

    Cúpla bliain ó shin, agus mé ag tiomáint isteach go dtí Otharlann Beaumont, chun freastal ar dhá choinne leighis, chuir na Gardaí stap orm, le haghaidh gnáthsheiceála bóthair. Cé go raibh ocht ngarda ar dualgas taobh liom, ní raibh ceann ar bith acu sásta labhairt liom i nGaeilge.
    Ina áit sin ghabh siad mé agus tugadh ar shiúl faoi ghlais lámh mé chuig stáisiúin na nGardaí, a bhí i lár na cathrach.
    Sa deireadh, b’éigean domh dul ós comhair na cúirte, agus mé cúisithe as cosc a chur ar na gardaí, agus thug an breitheamh an rogha domh 300 euro a íoch isteach i mbosca na mbocht nó pianbhreith a bheith gearrtha orm. D’íoch mé an 300 euro!

    Aisteach go leor, thug an breitheamh Hardiman, nach maireann, le fios an méid seo a leanas; “Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am
    céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í, a eisiamh (ar a laghad in éagmuis dlí
    den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an
    náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit ná de chuid aon cheann dá bhaill.
    Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh
    fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá
    inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun cumarsáide, a
    chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs
    náisiúnta nó oifigiúil.” Caithfidh go raibh dul amú air……

  • Art

    Cathain a cuirfear i bhfeidhm é?