Deir Brandon Lewis, Státrúnaí an Tuaiscirt, gur ag caint “óna chroí” a bhí Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson nuair a dúirt sé gur chreid sé nach raibh aon riail á briseadh aige nuair a d’fhreastail sé ar chóisir ghairdín i sráid Downing le linn na dianghlasála.
Tá ceannaireacht Johnson faoi bhagairt mar gheall ar an gconspóid faoin gcóisir a tharla ag tús na paindéime, tráth a raibh na rialacha is déanaí i bhfeidhm.
Dúirt Brandon Lewis gur “óna chroí amach” a tháinig leithscéal Johnson.
“Tá ráite ag an bpríomh-aire nach dóigh leis go ndearna sé aon rud a sháraigh na rialacha. Má fhéacfaimid ar an méid a gheofar amach san fhiosrúchán beidh daoine ábalta an uair sin teacht ar a dtuairim féin faoin scéal.”
Tá feisirí parlaiminte áirithe de chuid na dTóraithe ag iarraidh ar Johnson éirí as mar gheall ar an gconspóid, ach tá cosaint á fáil aige óna airí rialtais. Ba chóir, a deir lucht a chosanta, go bhfanfaí ar thoradh an fhiosrúcháin atá le déanamh faoin scéal.
Ghéill Johnson, nár admhaigh ar dtús gur fhreastail sé ar an bpáirtí, gur masla don phobal a bhí ina chuid iompair. Ach mhaígh sé gur shíl sé gur bhain an ócáid leis an obair agus nach raibh aon sárú ar na rialacha dianghlasála i gceist dá bharr.
“Ba mhaith liom leithscéal a ghabháil,” arsa Johnson.
“ Tuigim an cuthach feirge a bhíonn ar dhaoine liomsa agus leis an Rialtas a bhfuilimse i gceannas air nuair a thaibhsítear dóibh nach mbíonn an dream a leagann síos na rialacha ag cloí mar is cuí leis na rialacha in Downing Street féin
“Bhí rudaí ann agus go bunúsach ní dhearnamar i gceart iad agus caithfidh mise freagracht a ghlacadh as sin.”
Níor mhaolaigh leithscéal Johnson an bhuairt atá ar mhórán ina pháirtí atá buartha go bhfuil an chonspóid seo imithe i bhfeidhm ar an bpobal ar bhealach difriúil ó na conspóidí eitice agus eile a bhain le saol polaitiúil an Phríomh-Aire go dtí seo.
Bhí ceannaire na dTóraithe in Albain, Douglas Ross, ar na daoine a dúirt gur chóir do Johnson éirí as.
Mall go maith a bhí cuid dá airí rialtais á chosaint ach léirigh siad tacaíocht sa deireadh leis. Dúirt Rishi Sunak, an seansailéir, faoi dheireadh gur chóir foighne a bheith ag daoine leis agus fanacht ar an bhfiosrúchán atá le déanamh ag Sue Gray, státseirbhíseach, faoin scéal.
An Teanga Bheo
Ar bis ag dhul isteach go uimhir a 10 agus bóthar dhá thabhairt dhó anois. Ach tá Theresa May fós linn agus bearna bhaoill ag dridim linn