Ón Roinn Forbartha Tuaithe a thiocfaidh an maoiniú do cheannach Aerfort na Mine

Bhí ceist ann faoi cad as a dtiocfadh an maoiniú chun an t-aerfort i gConamara a cheannach ó tharla nach raibh aon soláthar ar leith luaite dó i mBuiséad na seachtaine seo

Ón Roinn Forbartha Tuaithe a thiocfaidh an maoiniú do cheannach Aerfort na Mine

Tá iarratas déanta ag Roinn na Gaeltachta ar mhaoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun Aerfort na Mine i gConamara a cheannach.

Ag preasócáid bhuiséid a eagraíodh i dTithe an Rialtais tráthnóna a dheimhnigh Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gur ón Roinn Gnóthaí Tuaithe a thiocfadh an maoiniú chun an t-aerfort Gaeltachta a cheannach don Stát.

Bhí ceist ann faoi cad as a dtiocfadh an maoiniú chun an t-aerfort a cheannach ó tharla nach raibh aon soláthar ar leith luaite dó i mBuiséad na seachtaine seo.

Agus ceisteanna a chuir comhfhreagraí polaitíochta RnaG Micheál Ó Leidhin á bhfreagairt aige, dúirt an tAire Stáit inniu chomh maith go raibh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe “an-sásta” leis an gcás gnó a ullmhaíodh do cheannach an aerfoirt. Bhí glactha anois leis an gcás sin, a dúirt sé agus bhíothas “ag dul sa treo ceart chun an t-aerfort sin a cheannach ar son an stáit agus mhuintir Árann agus déanann sé sin an-chiall,” a dúirt Seán Kyne.

Tuairiscíodh an mhí seo caite go raibh Roinn na Gaeltachta agus Aer Árann tagtha ar aon intinn faoi luach an aerfoirt i gCois Fharraige agus praghas socraithe eatarthu. 

Dhiúltaigh an Roinn a rá le Tuairisc.ie cén praghas a cuireadh ar an aerfort ar le húinéir Aer Árann, an Seanadóir neamhspleách as an Spidéal Pádraig Ó Céidigh, é. 

Deireadh mhí an Mhárta an spriocam a bhí leagtha síos ar dtús don idirbheartaíocht faoi cheannach an aerfoirt. Dúradh an t-am sin gur easaontas faoi luach an aerfoirt ba chúis leis an moill ar an phróiseas. 

Fógraíodh síneadh ama ceithre mhí le déanaí leis an gconradh atá ag Galway Aviation Services Ltd leis an tseirbhís aeir go dtí trí oileán Árann a chur ar fáil. 

I mí Dheireadh Fómhair seo caite a chéad léirigh Roinn na Gaeltachta suim i gceannach aerfort na Mine.

Chuir Aer Arann in iúl don Roinn an uair sin go mbeadh siad ag tarraingt siar ón dá chonradh atá acu i dtaobh na seirbhíse  – an conradh don tseirbhís féin agus an conradh d’úsáid Aerfort na Mine i gCois Fharraige. 

Idir an dá linn, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go raibh sé “sásta” leis an maoiniú breise a cuireadh ar fáil do chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán i mBuiséad 2020.

Ardú €2.17 milliún a fógraíodh ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta do 2020. 

Ardú ó €55.52 milliún go dtí €57.69 milliún a bhí i gceist ar chiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán, ardú 4%.

Cháin polaiteoirí de chuid an fhreasúra agus eagraíochtaí teanga an Rialtas as gan ach ardú “suarach” a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Dúirt Seán Kyne nach mbíonn aon aire sásta faoin méid a fhaigheann sé in aon bhuiséad ach go raibh sé féin sásta leis an ardú 4% ó tharla gur tréimhse “dhúshlánach”atá ann.

Ag an bpreasócáid chéanna inniu dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan nach mbeadh an fhreagracht as Comhaltas Ceoltóirí na hÉireann á haistriú ó Roinn na Gaeltachta go dtí an Chomhairle Ealaíon.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin sa Dáil inné go raibh scéalta ann go dtarlódh a leithéid agus nach mbeadh ann ach cleas cuntasaíochta a dhéanfadh go leor “dochair” don eagraíocht cheoil.

Fág freagra ar 'Ón Roinn Forbartha Tuaithe a thiocfaidh an maoiniú do cheannach Aerfort na Mine'

  • John Dunphy

    Ach cad a dhéanfaidh an Roinn agus an Rialtas leis an tAerfort nuair a fhaigheann said é? Tá dhá aerstráice tógáilithe ach nár oscail siad riamh i gCleggan agus Inisboffin. Cheannaigh Comhairle Chontae/Chathrach na Gaillimhe aerfort na Gaillimhe ón Chamber of Commerce timpeall ceithre bhliain ó shin agus tá sé dúnta ó shin i leith. Aiseanna an tábhachtacha is ea na h-áiteanna seo do Eitlíocht Ginearálta. Ní féídir le eitleáin breosla AVGAS a fháil ar na hOileáin (Inis Mór, Inis Mean no Inis Oir) – seachas ag Indreabhán ( agus tá Gailllimh dúnta le fada).