Easaontas faoi luach Aerfort na Mine is cúis le moill lena cheannach – Seán Kyne

Deireadh na míosa seo caite an spriocam a bhí leagtha síos chun deireadh a chur leis an idirbheartaíocht faoi cheannach Aerfort na Mine i gCois Fharraige ach tá ‘bearna’ idir an luach atá á chur ag Roinn na Gaeltachta agus Aer Arann air

Easaontas faoi luach Aerfort na Mine is cúis le moill lena cheannach – Seán Kyne

Níor éirigh le Roinn na Gaeltachta agus Aer Árann teacht ar aontú fós faoi luach Aerfort na Mine, a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne sa Dáil inniu.

Deireadh na míosa seo caite an spriocam a bhí leagtha síos chun deireadh a chur leis an idirbheartaíocht faoi cheannach an aerfoirt, ach dúirt an tAire Stáit sa Dáil inniu nach raibh deireadh fós leis an idirbheartaíocht sin agus nach bhféadfadh sé a rá cathain a bheadh deireadh léi.

Thug Kyne le fios gur easaontas faoi luach an aerfoirt ba chúis leis an moill ar an bpróiseas agus go raibh “bearna” idir an dá thaobh.

“Cé go bhfuil an cheist simplí níl an próiseas chomh simplí sin. Tá an próiseas ag dul ar aghaidh, tá dul chun cinn [á dhéanamh]. Tháinig an dá thaobh le chéile. Bhí plé maidir leis an luach a bhí ag an Roinn ar shuíomh an aerfoirt agus an luach a bhí ag úinéirí an tsuímh agus tá siad i mbun plé faoi láthair chun teacht ar phraghas le tabhairt domsa agus chuig mo Roinn le plé ag leibhéal an Rialtais.

“Tá sé sin ag dul ar aghaidh agus caithfimid fanacht go dtí go mbeidh rudaí socraithe maidir leis an bpraghas.”

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur “chéim dhearfach” ag an Rialtas an cinneadh go gceannófaí an aerfort. 

Dúirt sí, áfach, go gcaithfí deireadh a chur leis an bpróiseas gan mhoill ar eagla go mbeadh sé “cosúil le [Bille] Ach na dTeangacha Oifigiúla”, an reachtaíocht teanga a gealladh ar dtús breis is seacht mbliana ó shin ach nach bhfuil foilsithe fós.

“Tá eagla orm go bhfuilimid ag dul ar aghaidh agus ar aghaidh. Tuigim go bhfuil sé casta. Ach [seo] an rud nach bhfuil casta – tá de cheart ag muintir na n-oileán seirbhís aeir a bheith acu má táimid i ndáiríre faoi shaol inmharthanach a thabhairt dóibh ar na hoileáin Árann. Tá sé sin simplí agus tá sé simplí a rá liom cén uair a bheas an próiseas críochnaithe.”

Mar fhreagra ar an méid sin ghéill an tAire Stáit Kyne gur cailleadh an spriocam a bhí leagtha síos don phróiseas i dtaobh cheannach an aerfoirt i gCois Fharraige, ach dúirt sé gur próiseas é atá  “fós beo”. 

Dúirt sé go raibh sé dóchasach go n-éireodh leis an dá thaobh teacht ar réiteach faoi phraghas an tsuímh.

Fág freagra ar 'Easaontas faoi luach Aerfort na Mine is cúis le moill lena cheannach – Seán Kyne'