Inniu an ceathrú lá de Rásaí na Gaillimhe i mBaile an Bhriotaigh agus lá cinniúnach ag comhrialtas na tíre seo agus beart le cur lena bhfocal acu faoi astaíochtaí carbóin na tíre.
Tomhaltas an Dia ag na rásaí agus ag an Rialtas ach is é inniu freisin Lá Taraimsithe an Domhain cé gur beag againn a d’fheicfeadh an chontúirt ó theideal aduain sin na dtéarmeolaithe.
Go bunúsach ón lá inniu, an 28 Iúil, ar aghaidh tá min, fataí nó seaimpéin na bliana seo chugainn á n-ídiú againn. Na hacmhainní bitheolaíochta ar fad a athghineann an domhan in aon bhliain iomlán, tá siad ídithe anois againn agus muid ag sciobadh as stóras na todhchaí.
Ach ní éadóchas an teachtaireacht atá ag eagraíochtaí neamhrialtais Lá Taraimsithe an Domhain ach cuireadh chun gnímh. Tuigeann siad go rímhaith gur mó go mór tionchar a bhíonn ag rialtais agus gnólachtaí móra ar shláine na cruinne agus go gcaithfear brú a chur orthusan straitéisí a bheartú le cuidiú lenár bpláinéad bocht teoranta.
Creideann lucht an fheachtais seo gur féidir agus gur mithid an dáta sin a bhogadh ar aghaidh ó mhí Iúil.
Tá moltaí praiticiúla go leor déanta ag lucht an fheachtais don duine aonair agus do lucht rialtais. Gan iomarca éadaí ná earraí eile a cheannach agus caitheamh níos mó a dhéanamh orthu, méadair chliste a fheistiú sa teach, athúsáid nó athchúrsáil gach ar féidir, an teach a athchóiriú ar mhaithe le breosla a shábháil, cur amú beatha a laghdú agus beatha a fhás ar dhíonta sna cathracha, cúram ceart na talún agus mairteoil a sholáthar ar bhealach níos críonna don chomhshaol, astaíochtaí ó fheithiclí a shrianadh, meatán a úsáid mar bhreosla, seirbhísí uisce agus fuíolluisce a bhainistiú níos fearr, maoiniú a chur ar fáil don dícharbónú, crainnte a chur, tuirbíní gaoithe a fheistiú ar muir.
Níor mhór don domhan seo a bheith an trí cheathrú cuid (.75) níos mó chun a bhfuil á iarraidh againn air a sholáthar dúinn sa mbliain. Ar ndóigh ní hionann an t-éileamh atá ag daoine ar fud na cruinne uile, go leor leor a mhaireann ar an mbeagán. Dá mbeadh an domhan uilig chomh beadaí ó thaobh tomhaltais agus atá Meiriceánaigh bheadh ár gcuid ídithe againn roimh Lá Fhéile Pádraig, an 13 Márta.
LÁITHREACH BONN: Cad is féidir linn a dhéanamh ar son na haeráide – póstaer eolais
Táirgeadh bia an tionscal is déine ar acmhainn na cruinne agus ídíonn sé sin 55% d’acmhainn éiceolaíochta na cruinne.
Dá laghdódh daoine sna tíortha saibhre a n-itheann muid d’fheoil faoina leath, bheadh 17 lá d’fheabhas ar acmhainní an domhain agus dá mbeifí níos cúramaí agus gan a bheith ag cur bia amú bheadh 13 lá dhéag eile de bhrabach ag an gcruinne. Bheadh muid ansin ag caint ar dheireadh mhí Lúnasa sula mbeadh ár gcion bliana ídithe againn.
Úsáidtear 63% de thalamh curaíochta na hEorpa le stoc a thógáil leis an duine a bheathú. Tá an earnáil sin dian ar an gcóras éiceolaíochta mar leagtar crainnte, scriostar an bhithéagsúlacht, cuirtear le gásanna ceaptha teasa agus ídítear cuid mhór uisce.
Is beag an t-iontas feilméaraí a bheith dodach faoin naimhdeas a bhraitheann siad mar is iad an dream céanna atá á gcáineadh anois a mheall go dtí an rótháirgíocht iad san am a caitheadh. Chlimseáil polaiteoirí na tíre seo pota óir Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh go maith le tacaíocht thionscal na talmhaíochta a cheannach ach níl acu anois dóibh ach an bainne géar. Tá réiteach amháin ar an tsáinn seo faoi astaíochtaí – cúiteamh.
Lá taraimsithe an domhain – ná bí caifeach is ná bí beadaí!
Umar na haimléise agus na raiméise
‘Go bunúsach ón lá inniu, an 28 Iúil, ar aghaidh tá min, fataí nó seaimpéin na bliana seo chugainn á n-ídiú againn.’….cleas maith dá bhféadfaí é a dhéanamh!