Ón bhfliú Spáinneach go dtí fliú na bhfear…

Má tá an ráig fliú atá anois againn go dona ní tada é le hais Fliú Hong Cong a bhí againn caoga bliain ó shin, i 1968

Ón bhfliú Spáinneach go dtí fliú na bhfear…

Is dona an ráig fliú atá ag spréachadh tríd an tír faoi láthair. Tá cuid mhaith daoine cnagtha agus cailleadh daoine.

Caithfidh tú a rá go raibh cúrsaí ag éirí go dona nuair a d’iarr na sagairt ar na fíréin gan a bheith ag craitheadh lámh le chéile sa séipéal.

Scríobh rógaire eicínt ag ceann de na nuachtáin, á rá má bhí daoine ann a raibh imní orthu lámh a chraitheadh lena gcomharsana lá aifrinn gurbh fhearr dóibh i bhfad fanacht sa mbaile ón aifreann agus aire a thabhairt dá sláinte.

Ach má tá an ráig seo go dona ní tada é le hais Fliú Hong Cong a bhí againn caoga bliain ó shin. Mharaigh sé sin thart ar mhilliún duine ar fud an domhain.

Mar a thuigfeá ón ainm, is i Hong Cong a thosaigh sé.

Le fuacht agus le báisteach a shamhlaítear an fliú sa tír seo ach tabhair faoi deara gur le linn na huaire breá a thosaigh sé i Hong Cong i 1968—ar an 13ú lá de mhí Iúil le bheith cruinn beacht faoi.

Níl a fhios agam an bhfuil aon ghaol eolaíoch idir an fliú agus an aimsir ach ó thaobh slaghdáin de tá sé ráite sa nGaeilge le fada nach mbíonn slaghdán ar bith níos troime ná slaghdán teaspaigh.

Réigiún dlúthdhaonra é Hong Cong agus spréigh an fliú ann as éadan in imeacht coicíse. Scaip sé ar fud an domhain ansin.

Ceaptar gur saighdiúirí a bhí ag teacht trí Chalifornia as cogadh Vítneam a thug go dtí na Stáit Aontaithe é.

Agus cár fhág tú an Fliú Spáinneach?

Tá sé céad bliain i mbliana ó bhí an Fliú Spáinneach ann. Bhain sé sin craitheadh uafásach as an domhan. Ceaptar gur mharaigh sé 40 milliún duine—níos mó ná a maraíodh sa gCéad Chogadh Mór óna thús go dtína dheireadh.

Aríst ar ais dúradh gur i gcampa airm a thosaigh sé sna Stáit Aontaithe – in áit a dtugtar Fort Riley, Kansas, air. Chruthaigh daoine eile ó shin go raibh sé tosaithe le tamall roimhe i gcampa airm in Etaples sa bhFrainc.

Campa a bhí ansiúd a raibh 100,000 saighdiúir ag dul tríd chuile lá.

Ach bhí teoiric eile ann gur as an tSín a scaip an Fliú Spáinneach go Meiriceá agus as sin go dtí an Fhrainc.

Cén fáth ar tugadh An Fliú Spáinneach air mar sin? arsa tusa.

An chúis a bhí leis gur tugadh níos mó poiblíochta dó sa Spáinn i dtús aimsire ná a tugadh i dtíortha eile. Ní raibh aon chinsireacht mhíleata sa Spáinn. Ní raibh an tír sa gcogadh.

Sin stair anois agus caithfidh muid aghaidh a thabhairt inniu ar an saol atá againn faoi láthair. Tá saighdiúirí ag dul ó áit go háit, agus ó thír go tír i gcónaí ach tá an gnáthphobal ag déanamh neart aerthaistil sa lá atá inniu ann freisin agus is furasta le víreas scaipthe an-sciobtha dá réir.

Cén chaoi a n-aithneofá go bhfuil an fliú ag teannadh leat?

Bíonn na comharthaí soiléir go leor go hiondúil—teocht ard, casacht, muineál tinn agus pian sna matáin agus sna hailt.

Má bhuaileann siad sin thú, tabhair an leaba ort féin go beo agus fan inti.

Ól neart deochanna agus caith siar cúpla paracetemol leis an teocht a ísliú.

Tógfaidh sé idir seachtain agus deich lá ort a theacht slán agus tú féin do leigheas féin.

Ach bíonn an chontúirt ann i gcónaí go rachadh an fliú éadrom in ainseal ort.

Teastóidh cóir speisialta leighis uait má tharlaíonn sin.

Údar imní é má tagann pian i do chliabhrach sa gcaoi is go bhfuil sé deacair agat d’anáil a tharraingt ná casacht féin a dhéanamh.

Droch-chomhartha eile is ea tú a bheith ag cur aníos cochaillí righne réama, sin agus pian chluaise a bheith ort.

Beidh tú i dtrioblóid dháiríre má thosaíonn mearbhall ag teacht ort (a bheith ag ceapadh go bhfuil difríocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael, mar shampla), sin nó go n-éiríonn tú chomh marbhánta go mbíonn sé deacair agat tada a ithe ná a ól, ná fiú amháin mórán cainte a dhéanamh.

Ar ndóigh más fear tú agus go bhfuil aon bhean timpeall ort, cuirfear i do leith, ar dtús ar chuma ar bith, gurb é fliú na bhfear atá ort, ’sé sin nach bhfuil mairg ar bith ort le fírinne ach gur breá leat i gcónaí a bheith ag déanamh trua dhuit féin.

Tá sé ráite le fada nach bhfuil ní níos géire ná teanga mná.

Fág freagra ar 'Ón bhfliú Spáinneach go dtí fliú na bhfear…'

  • léitheoir

    ‘nach bhfuil ní níos géire ná teanga mná’ …is ait liom gur cheadaigh Tuairisc.ie an ráiteas sin…bíodh gur fíor é!