Ómós tugtha i nGaeilge ag FA Shasana do Jack Charlton

Seoladh an teachtaireacht roimh chluiche na hoíche anocht idir Éirinn agus Sasana in Wembley

Ómós tugtha i nGaeilge ag FA Shasana do Jack Charlton

Tá teachtaireacht ómóis i nGaeilge agus i mBéarla curtha amach ag Cumann Sacair Shasana (FA) d’iarbhainisteoir na hÉireann, Jack Charlton.

‘Ár Jack’ agus ‘Our Jack’ atá scríofa ar an íomhá agus dhá phictiúr de Charlton le feiceáil inti, ceann agus é i gceannas ar fhoireann na hÉireann agus ceann eile agus é i ngeansaí Shasana agus Corn Jules Rimet á ardú aige.

Ealaíontóir as Corcaigh, Jack Collins, a dhear an íomhá.

Seoladh an teachtaireacht roimh chluiche na hoíche anocht idir Éirinn agus Sasana in Wembley.

Laoch de chuid Shasana agus na hÉireann a bhí i Charlton. Bhí sé mar chuid d’fhoireann Shasana a bhuaigh Corn an Domhain i 1966 agus rinne foireann na hÉireann gaiscí agus é ina cheann feadhna orthu idir 1986-1996.

Chuaigh Charlton ar shlí na firinne mí Iúil na bliana seo. Bhí sé 85 bliain d’aois.

Tá scannán nua, Finding Jack, le teacht amach an mhí seo ina ndéantar cur síos ar shaol Charlton agus ar an néaltrú a bhí air le roinnt blianta.

Fág freagra ar 'Ómós tugtha i nGaeilge ag FA Shasana do Jack Charlton'