Go gairid tar éis a cheapacháin san Údarás cheartaigh Micheál Ó hÉanaigh tuairisceoir le linn agallaimh. “Is tú an chéad Phríomhfheidhmeannach as Boston ar Údarás na Gaeltachta,” a deir an tuairisceoir leis. An freagra: “Ní hea. Is mé an chéad Phríomhfheidhmeannach as Carna!”
Is é a bhí gceist aige gur í mBoston a rugadh é agus go ndeachaigh sé chuig an mbunscoil ansin sular fhill a mhuintir ar ais go Carna. Ach nuair a cuireadh tuairisc faoi cárbh as é, bhí sé soiléir go raibh Carna i gcónaí ina chroí.
Ba thráthúil mar sin gur in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta a eagraíodh ócáid ómóis dó ag deireadh a thréimhse mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta.
Coistí agus dreamanna atá bainteach le hobair phobail in Iorras Aithneach a d’eagraigh an ócáid.
Bhí triúr ball ó Bhord Údarás na Gaeltachta as Conamara ansin – Mary Uí Chadhain, Seosamh Ó Laoi agus an Comhairleoir Contae, Séamas Breathnach.
Ansin freisin bhí Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúin in Údarás na Gaeltachta agus Steve Ó Cúláin, iar-Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás.
Ghlac Micheál Ó hÉanaigh buíochas le baill an Bhoird, agus le feidhmeannaigh agus bainisteoirí an Údaráis as an gcúnamh agus as an tacaíocht a tugadh dó in imeacht na mblianta mar Phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht sin.
Thug an triúr ball ar Bhord an Údaráis as Conamara ardmholadh don iar-Phríomhfheidhmeannach Ó hÉanaigh, nuair a labhair siad ag an ócáid.
Dúirt an Comhairleoir Contae Séamas Beathnach gur thug an dearcadh a bhí ag Micheál Ó hÉanaigh ar mholtaí agus ar fhorbairtí nua ardú croí dó. Ba mhór an t-athrú é sin dósan, a deir an Breathnach, seachas an dearcadh níos cosantaí a chonaic sé in eagraíochtaí eile a bhfuil cleachtadh aige orthu.
Dúirt Mary Uí Chadhain go mba iontach an t-oibrí é Micheál Ó hÉanaigh agus gur cosúil nach raibh sé ag tógáil lá saoire ar bith.
Tá lorg na n-iarrachtaí móra a rinne sé ar na Gaeltachtaí uilig, a deir sí, agus bhí an-tuiscint aige ar cheantair a bhí ag snámh in agaidh easa.
Dúirt Seosamh Ó Laoi gur léirigh Micheál Ó hÉanaigh ceannródaíocht le linn a thréimhse mar Phríomhfheidhmeannach. Bhí an-tuiscint aige ar na ceantair a bhí faoi bhrú agus ar mhuintir na gceantar sin, a deir sé. “’Speáin sé a dháiríreacht faoi chúnamh do na ceantair sin i gConamara agus ar fud na Gaeltachta agus rinne sé beart de réir a bhriathar,” a deir Ó Laoi.
Ag labhairt dó ag an ócáid luaigh Micheál Ó hÉanaigh forbairtí ar nós ionaid gTeic, pleananna gnímh do cheantracha amhail Iorras Aithneach agus Uíbh Ráthach, leagan na bunchloiche do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin agus an straitéis don Diaspóra atá anois ag Údarás na Gaeltachta.
Leag an Coiste agus an pobal féin an bhunchloch d’ionad Diaspóra na Gaeltachta i gCarna, adeir Micheál Ó hÉanaigh agus é ag trácht ar an áit ar reáchtáladh an ócáid dó.
Ní hé amháin, a deir sé, gur tógadh ionad breá ach rinneadh ceangail, agus cothaíodh nascanna le daoine agus le heagraíochtaí sa mbaile agus thar sáile mar chuid den iarracht.
D’fhág sin, a deir Micheál Ó hÉanaigh, gur tugadh bunáit d’Údarás na Gaeltachta le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bpolasaí Diaspóra atá ag an eagraíocht.
Feictear dó, a deir Ó hÉanaigh, go dtiocfaidh borradh agus fás ar obair an Ionaid. Cuideoidh an bhéim ar an Diaspóra leis an nGaeltacht uilig, a deir sé, agus tarraingeoidh an tIonad i gCarna cuairteoirí go leor chuig an nGaeltacht amach anseo. “Beidh mé féin ar ais anseo in Ionad na nImirceach go minic sna blianta amach romhainn,” a dúirt iarPhríomhfheidhmeannach an Údaráis
Tá méadú an Ionaid ar cheann de na spriocanna sa bPlean Cúig Bliana d’Iorras Aithneach atá i bhfeidhm faoi láthair faoi stiúir Údarás na Gaeltachta.
Tá súil ag Ó hÉanaigh go dtiocfaidh obair a tosaíodh ina thréimhse féin faoi bhláth, de réir a chéile,agus luaigh sé iarrachtaí ar nós Pháirc na Mara i gCill Chiaráin mar thionscnaimh a thabharfadh obair agus saothrú sna blianta romhainn amach.
Tá Ó hÉanaigh ina Leas-Uachtarán ar Chomhairle Réigiúin na hEorpa [AER} agus tá lámh aige anois in obair chomhairleoireachta.
Rinneadh bronnadh air thar ceann na gcoistí agus thar ceann an phobail. Bronnadh air saothar ealaíne de chuid Mháirín Uí Dhúbhda a léiríonn ceantar na hAirde agus Céibh na hAirde Thoir, ceardaíocht de chuid Mháirtín Uí Ghríofa agus ráiteas buíochais frámaithe ina luaitear a chuid oibre in Iorras Aithneach, ar fud na Gaeltachta, san Eoraip agus i measc Dhiaspóra na Gaeltachta.
Fág freagra ar 'Ómós léirithe d’iarcheannasaí ar Údarás na Gaeltachta ina cheantar dúchais '