Ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Phádraig Ó hAoláin

Dúirt Micheál D Ó hUigínn gur fear ‘cumasach, stuama agus fadradharcach’ ab ea Pádraig Ó hAoláin,  an t-iarcheannasaí ar Údarás na Gaeltachta atá ar shlí na fírinne 

Ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Phádraig Ó hAoláin

Tá ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Phádraig Ó hAoláin, an t-iarphríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta agus cumadóir amhrán a bhásaigh Dé Sathairn.

Dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn gur údar “bróin agus aiféala” dó an scéala go raibh Pádraig Ó hAoláin ar shlí na fírinne. 

“Fear cumasach, stuama agus fadradharcach a bhí ina iarcheannasaí ar Údarás na Gaeltachta agus a d’oibrigh ar mhaithe le muintir na Gaeltachta, pobal na Gaeilge agus pobal na hÉireann le linn a shaoil fhada. 

Dúirt an tUachtarán gur chaith Pádraig Ó hAoláin go leor dua le deiseanna eile a chruthú d’aos óg na Gaeltachta “seachas an long anonn agus bóthar na n-imirceach”. 

Dúirt an tUachtarán go raibh Ó hAoláin “i gcroílár shaol agus chultúr na Gaeilge” agus gurbh léir bua na cruthaitheachta a bheith aige sna hamhráin a chum sé amhail Cóilín Phádraig Shéamais.

“Seirbhíseach poiblí den scoth, laoch de chuid na Gaeltachta agus fear uasal ab ea Pádraig…Suaimhneas síoraí ag a anam uasal,” arsa Uachtarán na hÉireann.

Rinne sé comhbhrón ó chroí le bean chéile Phádraig, Betty, lena gclann agus lena chairde uilig.

Ar na daoine eile a bhfuil ómós léirithe acu do Phádraig Ó hAoláin, tá an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív agus a bhean Áine. 

“Is le fiorbhrón a chuala mé féin agus Áine faoi bhás Phádraig. Bhí aithne mhaith againn air ó dheireadh na seascaidí nuair a chuir muid aithne air i gConradh na Gaeilge. Fear ildánach a bhí ann a thug a shaol ag obair ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta. 

“Cumadóir ceoil agus amhránaí iontach a bhí ann freisin agus ba iontach an comhluadar é.  Fear é freisin a raibh spéis iontach aige sa spórt, go mórmhór an iomáint,” arsa Éamon Ó Cuív.

Dúirt Ó Cuív go ndearna Pádraig Ó hAoláin “obair iontach” i gComharchumann Chois Fharraige agus in Údarás na Gaeltachta agus go raibh caidreamh iontach aige le pobal na Gaeltachta ar fud na tíre. 

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta gur éirigh le hiarcheannasaí an Údaráis daoine “a ghríosadh i leith na Gaeilge agus na forbartha”. 

“Níor spáráil sé é féin sna blianta sin agus ní dhéanfar dearmad ar an obair a rinne sé go deo.

Faraor, ní raibh sé i bhfad éirithe as a chúram oibre nuair a bhuail an chéad drochthinneas é ach throid sé ar ais go láidir.  Ba chúis bhróin dúinn a chloisteáil inné go raibh sé básaithe agus go raibh laoch ar lár. Déanann muid comhbhrón lena bhean Betty, lena gclann agus lena mhuintir ar fad,” arsa Éamon Ó Cuív.

Fág freagra ar 'Ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Phádraig Ó hAoláin'