Ómós greanta i gcloch i gCeann Trá do bheirt a rinne gaisce ag na Cluichí Oilimpeacha céad bliain ó shin

Do na Stáit Aontaithe a bhuaigh Dennis Fenton as Baile an Chótaigh a chuid bonn agus gur do Cheanada a bhí Conchubhair ‘Con’ Breathnach as Carraig an Ime ag iomaíocht

Ómós greanta i gcloch i gCeann Trá do bheirt a rinne gaisce ag na Cluichí Oilimpeacha céad bliain ó shin

Con Walsh ar chlé, Dennis Fenton ar dheis

Má bhain tú an oiread de shásamh agus a bhain mise as na Cluichí Oilimpeacha agus má fhágann d’aistear go bhfuil tú i gcóngaracht de Chorca Dhuibhne nó de Mhúscraí Uí Fhloinn as seo go ceann tamaill, b’fhéidir go mbeadh suim agat cuairt a thabhairt ar Cheann Trá agus ar Charraig an Ime, áit a bhfuil ómós greanta i gcloch do bheirt a rinne gaisce ag na Cluichí cosamar céad bliain ó shin.

Níor tugadh aitheantas d’Éirinn go dtáinig 1924 ar ndóigh rud a d’fhág go mba do na Stáit Aontaithe a bhuaigh Dennis Fenton as Baile an Chótaigh a chuid bonn agus gur do Cheanada a bhí Con Walsh as Carraig an Ime ag iomaíocht nuair a bhuaigh seisean bonn i Londain i 1908.

Ar fheirm atá buailte ar Theach an Phobail i gCarraig an Ime a tógadh Walsh, a mba duine de mhuintir Chéilleachair as Cúil Aodha a mháthair.

Con Breathnach

Ógánach ceanndána a bhí ann. Liostáil sé in arm Shasana agus b’éigean dá athair airgead a íoc lena thabhairt amach as arís.

Faoin am a ndeachaigh sé ar imirce bhí a cháil amuigh mar lúthchleasaí sa mbaile. Mar pheileadóir i dtosach – bhí sé ar fhoirne Chorcaí a d’imir in aghaidh Átha Cliath i gCluichí Ceannais na hÉireann 1899 agus 1901.

Ag lá spórt i Maigh Chromtha i 1903 chuaigh sé i bhfoisceacht dhá orlach (5cm) de churiarracht an domhain ag caitheamh an oird 56pt (25.4kg).

Ar na Stáit Aontaithe ba thúisce a thug sé aghaidh ach ansin d’athraigh sé ó thuaidh go Ceanada. Ní mba fada ansiúd é nuair a bhuaigh sé craobh na tíre sin i gcaitheamh oird.

An bhliain dár gcionn bhuaigh sé bonn cré-umha ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain. Ba bheirt Éireannach a bhí ag iomaíocht ar son na Stát Aontaithe a chríochnaigh chun cinn air – John Flanagan as oirthear Luimnigh agus Matt McGrath as an gCurrach Mór as iarthuaisceart Thiobraid Árann.

Baisteadh Míolta Móra na hÉireann ar an mbuíon lúthchleasaithe meáchain a bhuaigh 23 bonn Oilimpeach eatarthu idir 1900 agus 1920. Ina measc bhí an triúr atá luaite thuas agam mar aon le Martin Sheridan as Both Chomhla i Maigh Eo, Paddy Ryan as Pailís Ghréine, James Mitchel as Tiobraid Árann agus Pat McDonald as an Dún Beag in iarthar an Chláir.

Ag iomaíocht do na Stáit Aontaithe a bhíodar ar fad cé is moite de Con Walsh.

Ba bheag luí a bhí ag Con lena raibh de thraenáil ag baint leis an spórt agus nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa agus gan ach dhá bhliain caite ó bhuaigh sé an bonn Oilimpeach, d’éirigh sé as.

Leis an dornálaíocht a chuaigh sé ag plé agus bhí siad ann a dúirt go mba mhaith é a sheans ar Chraobh Trom-mheáchain an Domhain.

Bhásaigh sé i 1961 agus i Seattle atá sé curtha.

Cúpla bliain ó shin crochadh plaic ina chuimhne i bhfoisceacht cúpla céad slat den áit inar rugadh é i gCarraig an Ime. Lúthchleasaí Oilimpeach eile, Olive Loughnane, a rinne é a nochtadh.

I mBaile an Chótaigh i bparóiste Fhionntrá a saolaíodh Dennis Fenton. Ba mhórán mór ag an am céanna ar thug Con Walsh faoin imirce a rinne seisean amhlaidh – chun na Stát Aontaithe, áit ar liostáil sé san arm.

Bhí deichniúr clainne ag a athair Peadar agus ag a mháthair Máire, de bhunadh na nGearaltach i mBaile an tSlé.

Chaith sé tamall ar dualgas ar na hOileáin Fhilipíneacha agus sa tSín.

Ba léir go raibh súil an tseabhaic aige agus gunna ina lámh. Dá bharr, cuireadh ag oiliúint earcach in Arizona é le linn an Chogaidh Mhóir. Ba sé chomh paiteanta sin i mbun aimsithe gur roghnaíodh an Fiannachtach ar fhoireann na Státaí a chuaigh go Antwerp ag Cluichí Oilimpeacha 1920. Bhí sé ar an bhfoireann a bhuaigh trí bhonn óir ansiúd agus as féin thug sé ceann cré-umha leis i gcomórtas raidhfil an chró bhig.

Thug sé cuairt ar Bhaile an Chótaigh ar a bhealach ar ais go Meiriceá.

Ceithre bliana dár gcionn bhuaigh sé bonn cré-umha eile ag Cluichí Oilimpeacha Pháras.

Níos túisce i mbliana nochtadh suíochán cloiche in ómós do Dennis Fenton trasna ó Oifig an Phoist i gCeann Trá.

Fág freagra ar 'Ómós greanta i gcloch i gCeann Trá do bheirt a rinne gaisce ag na Cluichí Oilimpeacha céad bliain ó shin'